Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Rannóg Dlí

  • Tá freagracht Náisiúnta ag an Rannóg Dlí agus ag an Rannóg Dlí Coiriúil as comhairlí agus treoir dlí a sholáthar don Gharda Síochana ar chúrsaí Oibríochtúil.
  • Cuirtear comhairlí ar fáil d’Fheidhmeannas an Gharda, don Fhoireann Ardcheannasaíochta agus don fhoireann Oibríochtúil ar mhórán saincheisteanna, ó pholasaí a fhorbairt go dtí an forfheidhmiú Reachtaíochta, chomh maith le cinntí a dhéantar sna hUaschúirteanna.
  • Cuireann an Rannóg comhairlí dlí criticiúla agus tacaíocht ar fáil d’Imscrúdaitheoirí ar fud na Dlínse mar gheall ar gach sórt ciona amhrasta.
  • Is é an Rannóg Dlí an pointe teagmhála ag leibhéal na seirbhíse le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit  agus Oifig an Ard-Aighne. Leis seo, roinntear eolas go dáthaobhach agus éascaíonn sé réiteach a fháil go luath ar shaincheisteanna a thagann chun cinn.
  • Thar ceann Choimisinéara na nGardaí, téann an Rannóg Dlí i mbun caidrimh le Ranna Rialtais maidir le Reachtaíocht nua a fhorbairt agus a athbhreithniú, agus déanann sé aighneachtaí ar gach cinn billí don dréachtreachtaíocht a bhfuil baint acu leis an gCeartas Coiriúil agus leis an bPóilíneacht.
  • Déanann an Rannóg forbairtí, a bhfuil tionchar acu ar phóilíneacht Oibríochtúil,  laistigh den timpeallacht dlí, a scagadh, a mhonatóiriú agus a mheas agus ullmhaíonn sé Treoracha CC atá le scaipeadh go náisiúnta.
  • Trí phóiseas rannpháirteachais agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara ábhartha, tá ról lárnach ag an Rannóg Dlí (Inmheánach agus Seachtrach) polasaí agus nósanna imeachta a fhorbairt laistigh den Gharda Síochána a chuireann chun cinn an comhlíonadh maidir le dlithe cumasaithe agus Reachtaíochta.
  • Tá ról criticúil ag an Rannóg Dlí maidir le tacú le comhaltaí oibríochtúla líne thosaigh de chuid an Gharda Síochána trí chomhairlí agus treoir a ullmhú ar na Rialacháin agus ar an Reachtaíocht éigeandála le linn na géarchéime Covid-19.