Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cosaint nó cúnamh speisialta d'íospartaigh

old

Trí mheasúnachtaí arna ndéanamh ag Gardaí aonair, cuirtear i bhfios aon ghá a bhíonn ann le bearta ar leith i gcás íospartach nó finné le linn an imscrúdaithe nó má théann an tuairisc chun na cúirte. Chuige sin, d’fhéadfadh bearta cosanta a bheith ag teastáil san áit a dhéantar agallamh, nó gá a bheith le háiseanna físchomhdhála i seomraí na cúirte.

Má dhéantar ciapadh nó bagairt de chineál ar bith ortsa nó ar dhaoine a bhaineann leat le linn imscrúdaithe nó láithris os comhair cúirte, ba cheart teagmháil láithreach a dhéanamh leis an nGarda Síochána.

Tuigeann an Garda Síochána go bhfuil réimse riachtanais ag go leor íospartach agus, mar sin, táimid réidh le cabhair speisialta a thabhairt sna réimsí seo a leanas:

Riachtanais Speisialta

Má tá tú faoi mhíchumas ar bith, tabharfar aird ar do riachtanais shonracha.  Cuir an Garda Síochána ar an eolas faoi riachtanas nó tacaíocht ar bith a mheasann tú a bheith tábhachtach chun cabhrú leis an nGarda Síochána agus iad i mbun seirbhís póilíneachta a sholáthar duit.

Ateangaire

Mura bhfuil Béarla ná Gaeilge líofa agat, cuirfear seirbhís ateangaire ar fáil duit saor in aisce ionas go bhfaigheann tú an cháilíocht chéanna seirbhíse, chomh fada agus is féidir, ná íospartaigh eile na coireachta. 

Daoine Breacaosta

Más duine breacaosta atá ina (h)íospartach coireachta tú, déanfar gach beart réasúnach chun tú a chosaint agus a chur ar do shuaimhneas. Cuirfear comhairle ort maidir le cúrsaí slándála tí agus do shlándáil féin sa phobal.

Pobail daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha

Más ball tú de phobal luchta leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha, caithfear le do chás ar bhealach íogair. Más cuí, cuirfimid comhairle ort freisin maidir le seirbhísí Oifigeach Idirchaidrimh an Gharda Síochána do Dhaoine Aeracha.

community 3

Turasóirí

Más cuairteoir chun na hÉireann tú atá i d’íospartach coireachta, tógfaimid ráiteas uait láithreach agus déanfaimid, le do thoiliú, tú a tharchur chuig an tSéirbhís Chúnaimh do Thurasóirí in Éirinn, uimhir theileafóin:  1890 365 700.

Má dhéanann tú coir a tharla laistigh d’Éirinn a thuairisciú dúinn, cuirfimid an tuairisc ar aghaidh gan mhoill chuig an údarás iomchuí sa tír inar tharla sí.

Coireachta arna ndéanamh ag daoine óga

Más íospartach na coireachta arna déanamh ag duine óg tú:

  • cuirfimid in iúl duit é más duine óg an duine a rinne an choir.
  • cuirfimid aon tuairim atá agat, mar íospartach, san áireamh agus breithniú á dhéanamh ar an duine óg sin maidir leis an gClár Athstiúrtha. Is é Stiúrthóir an Chláir a dhéanfaidh an cinneadh maidir le ligean don duine páirt a ghlacadh sa Chlár.
  • féadfaimid cuireadh a thabhairt duit a bheith i láthair agus rabhadh á thabhairt don duine óg.
  • féadfaimid cuireadh a thabhairt duit teacht go Comhdháil Teaghlaigh an Gharda Síochána.
  • déanfaimid do leasanna, mar íospartach, a chumhdach ag Comhdháil Teaghlaigh an Gharda Síochána, bíodh tú i láthair ann nó as láthair.