Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cosaint Sonraí

Ráiteas Príobháideachais

Déantar cur síos sa Ráiteas Príobháideachais seo ar conas a úsáidfidh an Garda Síochána faisnéis a bhailímid ón gcuairt a thug tú ar ár láithreán gréasáin.  Léirímid meas iomlán ar do cheart chun príobháideachais, agus ní bhaileoimid aon fhaisnéis phearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo gan toiliú soiléir a fháil ar dtús uait.

Ní dhéanann na láithreán gréasáin seo aon fhaisnéis phearsanta faoi úsáideoirí láithreáin a stóráil nó a bhailiú. Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a roghnaíonn tú a sheoladh chugainn tríd an Láithreán Gréasáin de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS), an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (an TFCD), agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí.

Sonraí Pearsanta agus an Garda Síochána

Próiseálann an Garda Síochána faisnéis phearsanta ar roinnt cuspóirí póilíneachta, an méid seo a leanas ina measc:

• Beatha agus maoin a chosaint;

• Ord a chaomhnú;

• Cosc a chur ar chionta a dhéanamh;

• An dlí a chur ar chiontóirí; agus

• Aon dualgas nó freagracht a eascraíonn as reacht nó dlí coiteann, taifid riaracháin a bhaineann le faisnéis neamhphóilíneachta, atá bunriachtanach i dtaobh ghnó agus riar laethúil an Gharda Síochána.

Sonraí a Roinnt

B’fhéidir go mbeidh ar an nGarda Síochána faisnéis a roinnt le comhlachtaí poiblí eile faoi chúinsí áirithe.  Beidh an Garda Síochána in ann a léiriú go mbíonn údar le haon fhaisnéis phearsanta a roinnt trí bhonn soiléir dlíthiúil sa reachtaíocht agus/nó i gcomhréir leis an díolúine i dtaobh próiseáil chothrom, faoi mar a leagtar amach faoin reachtaíocht reatha. Rialóidh comhaontuithe na téarmaí a bhaineann le sonraí a roinnt lena chinntiú go ndéanann gach páirtí a bhaineann leis an bpróiseáil amhlaidh i gcomhréir leis na rialacha maidir le próiseáil chothrom um chosaint sonraí.

Bailiú agus Úsáid Faisnéise Teicniúla

Nuair a bhrabhsálann tú trínár láithreán gréasáin, bailíonn ár bhfreastalaithe gréasáin sonraí a bhaineann le do chuairt, ar nós an mhéid seo a leanas:

• Cén leathanaigh ar amharc tú orthu;

• Idirghníomhú áirithe a rinne tú ar na leathanaigh siúd;

• An líon amanna a bhféadfadh gur thug tú cuairt ar leathanach ar leith,

• An méid ama a d’fhéadfadh gur chaith tú ar leathanaigh ar leith,

• Thú a aithint nuair a fhilleann tú ar ár láithreán gréasáin.

I ngach cás, beidh na sonraí a bhailímid anaithnid agus ní chuirfidh siad ar an eolas sinn ach ar cén leathanaigh ar a ndearnadh an ghníomhaíocht ba mhó agus atá mar ábhar spéise ar leith dár gcustaiméirí go ginearálta.

Go hachomair, ní bhainfidh ach an Garda Síochána úsáid as an bhfaisnéis theicniúil, agus ní bhainfear úsáid aisti ach ar mhaithe le cuspóirí staitistiúla agus riaracháin eile.

Fianáin

Insítear duit sa mhír seo conas úsáidimid fianáin, cén fáth a úsáidimid iad, agus conas a chabhraíonn siad linn feabhas a chur ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil duit.

Úsáideann an láithreán gréasáin seo Anailísíocht Google, ar seirbhís anailísíochta gréasáin í a sholáthraíonn Google Inc. ('Google'). Úsáideann Anailísíocht Google ‘fianáin’, ar comhaid téacs iad seo a chuirtear ar do ríomhaire, chun cabhrú leis an láithreán gréasáin anailís a dhéanamh ar conas a úsáideann úsáideoirí an láithreán. Tarchuirfear an fhaisnéis a ghineann fianán faoin úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin (do sheoladh IP ina measc) chuig Google agus stórálfar é ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Úsáidfidh Google an fhaisnéis seo ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin, tuarascálacha a thiomsú ar ghníomhaíocht an láithreáin ghréasáin d’oibreoirí láithreán gréasáin agus seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann le gníomhaíocht láithreán gréasáin agus úsáid an idirlín. Chomh maith leis sin, féadfaidh Google an fhaisnéis seo a aistriú chuig tríú páirtithe nuair is gá amhlaidh a dhéanamh faoin dlí, nó nuair a phróiseálann na tríú páirtithe siúd an fhaisnéis thar ceann Google. Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá á gcoimeád ag Google.

Féadfaidh tú úsáid fianán a dhiúltú trí na socruithe cuí a  roghnú ar do bhrabhsálaí, tabhair faoi deara, áfach, le do thoil, má dhéanann tú seo, b’fhéidir nach mbeidh tú in ann feidhmiúlacht iomlán an láithreáin ghréasáin seo a úsáid. Tríd an láithreán gréasáin seo a úsáid, toilíonn tú do phróiseáil sonraí fút ag Google ar an mbealach agus ar na cuspóirí a leagtar amach thuas.

Is féidir teacht ar shonraí breise faoin úsáid a bhaineann Anailísíocht Google as fianáin ag:

http://www.google.com/analytics/learn/privacy.html

Is féidir níos mó a fhoghlaim faoi Bhreiseán Brabhsálaí Díliostáilte Anailísíocht Google.

Naisc le Láithreáin Ghréasáin Eile.

Tá naisc ar ár láithreán gréasáin le gníomhaireachtaí eile. Ba cheart duit a bheith ar an eolas ar an méid seo a leanas: Má fhaigheann tú rochtain ar láithreán eile trí nasc a sholáthraímid, tá tú faoi réir bheartas príobháideachais an láithreáin sin. Ní hionann naisc le láithreáin ghréasáin eile agus formhuiniú an láithreáin ghréasáin sin ag na nGarda Síochána.  Níl an Garda Síochána freagrach as ábhair aon leathanach a atreoraítear chucu óna Láithreán gréasáin. Ní sholáthraímid naisc le, nó ní chuirimid seirbhísí tráchtála chun cinn nach mbaineann le póilíneacht agus seirbhísí pobail.

Conas a Choimeádaimid d’Fhaisnéis Sábháilte

Caitheann an Garda Síochána lenár bhfreagrachtaí slándála mar ábhar tromchúiseach, agus téann sé i mbun na mbeart fisiciúil agus teicniúil is oiriúnaí lena chinntiú go bhfuil do shonraí pearsanta slán, agus déantar athbhreithniú rialta ar na bearta atá i bhfeidhm.

Iarrataí Rochtana ag Ábhar

Tá an ceart ag gach duine aonair chun teacht ar shonraí pearsanta atá á gcoimeád ag an nGarda Síochána fúthu, agus tá an ceart acu ceartú nó scriosadh a sonraí pearsanta a iarraidh.

Ba cheart do dhuine aonair a lorgaíonn teacht ar a bhfaisnéis an Fhoirm Iarrata ar Rochtain ar Shonraí (F20) a chomhlánú.

Sonraí Teagmhála

Is féidir gach ceist eile a bhaineann le Cosaint Sonraí sa Gharda Síochána a sheoladh chuig:

An tAonad um Chosaint Sonraí,

An Tríú hUrlár,

89-94 Sráid Chéipil,

Baile Átha Cliath 1.

D01 E3C6

Ríomhphost: GDPR.DataProtection@garda.ie

Guthán: +353 (01) 666 9521

Uaireanta Oifige

(ó Luan go Déardaoin 10.00 – 13.00 agus 14.00 – 16.30)

(Dé hAoine 10.00 – 13.00 agus 14.00 – 16.00)

Leasuithe

Tá an ceart ar cosaint ag an nGarda Síochána chun an ráiteas príobháideachais seo a leasú ag aon tráth, agus ba cheart duit an ráiteas príobháideachais seo a sheiceáil go rialta d’aon leasuithe.