Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ár bPrionsabal Póilíneachta

Tá traidisiún bródúil ag an nGarda Síochána Principles 1de bheith ag freastal ar phobail agus an Stát a chosaint agus tá san eagraíocht os cionn 16,000 comhalta Garda, comhalta Sibhialta agus comhalta de Chúltaca an Gharda Síochána ina measc atá tiomanta do sheirbhís fheidhmiúil phóilíneachta agus slándála a sholáthar. Tá seo mar bhunchloch sochaí daonlathaí agus forásaí.

Creidimid go mbraitheann póilíneacht éifeachtach agus éifeachtúil ar mhuinín, tacaíocht agus comhoibriú pobal áitiúil a bhaint amach agus idirchaidreamh a dhéanamh leis na pobail siúd. Lena chinntiú go mbainimid seo amach, tá comhaltaí an Gharda Síochána treoraithe ag trí Phrionsabal Póilíneachta shimplí ina sonraítear gur gá seirbhísí póilíneachta a sholáthar:

  • Go neamhspleách agus go neamhchlaonta
  • Ar bhealach a léiríonn meas ar chearta daonna
  • Ar bhealach a thacaíonn le riar ceart agus éifeachtach an chirt

Misean - Ag Coinneáil Daoine Sábháilte 

Ag Coinneáil Daoine Sábháilte - Keeping People Safe

An Cód Eitice

Bhunaigh an tÚdarás Póilíneachta an Cód Eitice i mí na Nollag 2016 agus seoladh é (leis an gCoimisinéir O’Sullivan, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionnanais agus Cathaoirleach an Údaráis) i mí Eanair 2017 ag féachaint le barr feabhais a chur ar an leibhéal caighdeán agus iompair a bhfuil súil ag gach duine atá ag oibriú san eagraíocht leo. Baineann sé le gach feidhm den phóilíneacht agus den tslándáil, cabhrú le híospartaigh na coireachta, cosc ar choireacht, rannpháirtíocht an phobail, imscrúdú na coireachta, sábháilteacht ar bhóithre agus ár seirbhísí cúloifige inmheánacha a sholáthar ina measc.

Sa Chód, leagtar síos naoi gcaighdeán eiticiúla agus na tiomantais eiticiúla atá de dhíth chun na caighdeáin seo a chomhlánú. Is prionsabal lárnach den tiomantas seo go gcaitheann gach ball den Gharda Síochána, gach sibhialtach, agus gach ball de Chúltaca an Gharda Síochána, de gach grád, na céimnigh uile, go gcaitheann siad le chéile go cothrom, ar son leas an phobail. Tá obair á déanamh ar bhonn leanúnach leis an gCód a leabú i meon agus i ngníomhartha laethúla na heagraíochta i gceangal le coistí ionadaíochta an Gharda Síochána.

Tá an Cód Eitice ar fáil anseo.

CoE Signed GA