Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Rochtain ar Fhaisnéis faoin Timpeallacht

Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach 2007 go 2011 (Rochtain ar Fhaisnéis faoin Timpeallacht) S.I Uimh. De 2007 agus S.I Uimh. 662 de 2011), (ina dhiaidh seo Rialacháin AIE), tugann siad cearta dlíthiúla dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, ó údaráis phoiblí. Faoi réir na rialacháin seo, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh údarás áitiúil nó a choimeádtar ar son údarás áitiúil, a bheith curtha ar fáil ar iarratas do dhuine ar bith, ach tá eisceachtaí airithe ag baint leis chomh maith. Sna Rialacháin, sainmhínítear faisnéis chomhshaoil agus leagtar amach an bealach inar féidir iarratais ar fhaisnéis a chur isteach chuig na húdaráis áitiúla. Déantar cur síos freisin ar nós imeachta atá riachtanach d’údaráis maidir le dul i ngleic le hiarratais. Más mian leat iarratas a chur isteach faoi Rialacháin AIE, ní mór duit:

A lua go bhfuil d’iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin AIE agus é a chur i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach; do chuid sonraí teagmhála a chur ar fail na téarmaí a lua chomh sonrach agus is féidir, an fhaisnéis chomhshaoil atá de dhíth agus sonraigh an fhoirm agus an bealach rochtana ar mian leat é a fháil

(i) Seol d’iarratas tríd an ríomhphost chuig:

foi@garda.ie.

Nó;

(ii) Cuir d’iarratas i scríbhinn chuig;

An tOifigeach Saorála Faisnéise, An Garda Síochána, Teach Áth Luimnigh, Páirc Ghnó IDA, Baile Sheáin, an Uaimh, Co. na Mí C15 DR90

Cliceáil anseo le foirm iarratais ar líne a íoslódáil nó féach thíos.

Cuirfear freagra chugat tráth nach déanaí ná 4 seachtain ón dáta a fhaightear é.

Má bhíonn cuidiú de dhíth ort, beidh foireann an Aonaid FOI sásta cuidiú leat agus tú ag déanamh iarratais. I féidir dul i dteagmháil leis an Oifig FOI ar;

Uimh. Theil: +353 (46) 9036350

Táillí le haghaidh iarratais AIE

Níl íocaíocht de tháille láithreach de dhíth le haghaidh iarratais faoi Rialacháin AIE. Ach féadfaidh an Roinn táille réasúnta a ghearradh as an fhaisnéis a sholáthar. Féadfaidh costais maidir le tiomsú, le cóipeáil, le priontáil nó costais poist a chur san áireamh. Níl aon chostas ag baint le hiarratas ar athbhreithniú inmheánach.

Cosnaíonn sé €50 achomharc a chur chuig an Choimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, nó €15 i gcás duine/ nó a chleithiúnach, a bhfuil cárta leighis aige, nó tríú páirtí ag déanamh achomharc ar bhreithiúnas a dhéantar ar scaoileadh faisnéise áirithe.