Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ceisteanna Coitianta

    Cé go gcabhróidh sé leis na Gardaí an méid is mó faisnéise agus is féidir a thabhairt dóibh, ní gá duit d’ainm a thabhairt má ghlaonn tú chun teagmhas a thuairisciú. Chun labhairt faoi rún leis na Gardaí, cuir glaoch ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111.

    Ón 14 Deireadh Fómhair 2015 ar aghaidh, beidh an Garda Síochána faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 maidir le taifid a bhaineann leis na réimsí riaracháin seo a leanas:

    • Acmhainní Daonna

    • Airgeadas

    • Soláthar

    Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tugtar roinnt díolúintí don Gharda Síochána chun a chinntiú gur féidir leo a fheidhmeanna lárnacha a chomhlíonadh agus chun a chinntiú nach gcuirtear slándáil an Stáit i mbaol.

     

    Tá an Garda Síochána i mbun ullmhú le haghaidh chur chun feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise agus eiseofar tuilleadh cumarsáide sna míonna atá romhainn chun tú a chur ar an eolas maidir leis an dul chun cinn agus na freagrachtaí.

    A.J. Nolan

    Coimisinéir Cúnta

     

    Tá 14,700 comhalta sa Gharda Síochána. Miondealaítear de réir Grád iad, mar seo a leanas:    

    Coimisinéir

    1

    Leas-Choimisinéir

    1

    Coimisinéir Cúnta

    9

    Ard-Cheannfort

    47

    Ceannfort

    166

    Cigire

    379

    Sáirsint

    2,107

    Garda

    11,990

    IOMLÁN

    14,700

     Cúltacaithe @  31.5.20

         436

    IOMLÁN

    15,136

    Sibhialtaigh @ 31.5.20

    3,019.9

    IOMLÁN

    18,155.9

    Is féidir an t-eolas agus riachtanais ar fad maidir le hairm tine a easpórtáil a fháil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais, www.justice.ie

    Tá an Garda Síochána tar éis a bheith ag obair i gcomhar le Cumann Soláthróirí Seirbhísí Idirlín na hÉireann (ISPAI) le 15 bliana anuas chun dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar líne. Déanann ISPAI Hotline.ie a chomh-mhaoiniú agus a reáchtáil. Bunaíodh é laistigh de chreat tionscail féinrialála mar chuid de phríomh-mholtaí Ghasra Oibre an Rialtais maidir le Úsáid Neamhdhleathach agus Úsáid Dhochrach an Idirlín (in 1998), chun seirbhís anaithnid a chur ar fáil d’Úsáideoirí an Idirlín a thagann ar ábhar neamhdhleathach ar an Idirlíon trí thimpiste, go háirithe Ábhar a bhaineann le Mí-úsáid Ghnéasach Leanaí.

     

    Tá nósanna imeachta curtha i bhfeidhm ag an Aonad um Imscrúdú Péidifileach de chuid an Bhiúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil a éascaíonn le himscrúdú coiriúil a dhéanamh ar ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí laistigh de dhlínse na hÉireann agus go hidirnáisiúnta.  Tá Hotline.ie ar nós scagaire don Gharda Síochána, ag cur tuarascálacha cáilithe ar fáil (mar aon le faisnéis theicniúil ardcháilíochta) chun an nós imeachta “Fógra agus Baint Anuas” a thionscain maidir leis an ábhar neamhdhleathach/díobhálach a bhaint anuas den Idirlíon ag an ISP ábhartha agus féadfaidh an ISP fianaise fóiréinseach a chaomhnú lena imscrúdú ag póilíní. Go bunúsach, cabhraíonn Hotline.ie leis an nGarda Síochána an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainní trí ligeann dóibh díriú ar thuairiscí cáilithe amháin maidir le hÁbhar Ar Líne a bhaineann le Mí-úsáid Ghnéasach Leanaí a imscrúdú.

    Seachas Hotline.ie, níl ann do bheolíne eile sibhialtach nó póilíní a bhfuil sé mar aidhm shonrach aici tuairisciú a dhéanamh ar ábhar neamhdhleathach amhrasta ar an Idirlíon in Éirinn.

    Déanann an Garda Síochána an pobal a ghríosú chun ábhar neamhdhleathach amhrasta a dtagtar orthu ar an Idirlíon a thuairisciú do www.hotline.ie

    ionas gur féidir leis an Tionscal agus an lucht um Fhorfheidhmiú an Dlí a bheith ar an eolas faoi agus gníomhú go tapa.


    Grafaic faisnéise maidir le Hotline.ie

    Ba cheart duit glaoch a chur ar 999 nó 112 i gcás éigeandála. Is éigeandáil í teagmhas ar bith a éilíonn freagairt láithreach ó na Gardaí. Seo roinnt samplaí d’éigeandálaí:

    •           Beatha i mbaol

    •           Riosca go dtarlóidh gortú tromchúiseach

    •           Coir ag tarlú nó ar tí tarlú

    •           Ciontóir fós ag an láthair nó díreach imithe

     

    I ngach cás eile agus coir á tuairisciú, ba cheart teagmháil a dhéanamh le do Stáisiún Gardaí áitiúil. Is féidir teacht ar shonraí do Stáisiún Gardaí áitiúil ar Eolaire na Stáisiún dár chuid. Is féidir le duine ar bith a bhfuil faisnéis acu maidir le coir glaoch a chur ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111.

    Ba cheart sonraí teagmhála do Stáisiún Gardaí áitiúil a bheith in aice láimhe sa bhaile agus i d’ionad oibre, agus ar luasdiailiú ar do theileafón baile agus ar do fhón póca.

    Cad a tharlaíonn nuair a chuirim glaoch ar 112 nó 999?

    Cuimhnigh agus tú ag glaoch ar 112 (nó 999) ‘fan socair, coinnigh d’aird ar an gcúram agus fan ar an líne’.

    Nuair a ghlaonn tú ar 112 nó 999, abair go soiléir an tseirbhís éigeandála atá uait. Féadfaidh go mbeidh ort sonraí amhail d’ainm, an áit ina bhfuil tú agus d’uimhir theileafóin a thabhairt.

    I ngach cás eile agus coir á tuairisciú, ba cheart teagmháil a dhéanamh le do Stáisiún Gardaí áitiúil. Is féidir teacht ar shonraí do Stáisiún Gardaí áitiúil ar Eolaire na Stáisiún dár chuid.

    Is féidir le duine ar bith a bhfuil faisnéis acu maidir le coir glaoch a chur ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111.

    Ba cheart sonraí teagmhála do Stáisiún Gardaí áitiúil a bheith in aice láimhe sa bhaile agus i d’ionad oibre, agus ar luasdiailiú ar do theileafón baile agus ar do fhón póca. 

    Is féidir Pornagrafaíocht Leanaí nó Gríosú chun Fuath (amhail fuathchaint ciníoch) amhrasta ar líne a thuairisciú trí leas a bhaint as an bhfoirm tuairiscithe ata ar fáil ar www.hotline.ie. Leis an tseirbhís seo, cuirtear áis anaithnid ar fáil don phobal chun tuairisciú a dhéanamh ar ábhar ar an Idirlíon a mheastar a bheith neamhdhleathach, ar bhealach slándáil agus rúnda. Tá an Bheolíne á reáchtáil ag Cumann Soláthróirí Seirbhísí Idirlín na hÉireann (ISPAI) ó bhí mí na Samhna 1999 ann, agus is ó chlár de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Safer Internet Plus, a fhaightear cuid dá maoiniú. Is é an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, tríd an Oifig um Shábháilteacht Idirlín agus i gcomhar leis an nGarda Síochána, a dhéanann maoirsiú ar an mBeolíne agus is ball í de INHOPE, an Comhlachas Idirnáisiúnta um Beolínte Idirlín.

    Chun faisnéis a fháil maidir le himeachtaí a thionscain (e.g. ordú sábháilteachta), déan teagmháil le hOifig do Chúirt Dúiche áitiúil. Má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, déan teagmháil le hOifig Cheantar Bhaile Átha Cliath um Dhlí Teaghlaigh, Teach Dolphin, Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath 2. Tá teacht ar shonraí maidir leis na hoifigí sin ar www.courts.ie, nó is féidir glaoch a chur ar an tSeirbhís Chúirteanna ar +00353 1 888 6000. Is féidir glaoch a chur ar do Stáisiún Gardaí áitiúil freisin chun cabhair a fháil i leith an ábhair seo.

    Chun coir nó duine ar iarraidh a thuairisciú, ba cheart glaoch a chur ar do Stáisiún Gardaí áitiúil

    • Tá teacht ar eolas maidir le tuairisc a dhéanamh faoi dhuine ar iarraidh sa mhír maidir le Daoine ar Iarraidh
    • I gcás éigeandála, cuir glaoch ar 999.

    • Chun teagmhas a thuairisciú faoi rún leis na Gardaí, cuir glaoch ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111.

    Más maith leat gearán a dhéanamh faoi chomhalta den Gharda Síochána, ba cheart teagmháil a dhéanamh le Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána nó ar do Stáisiún Gardaí áitiúil.

    An tslí is fearr chun buíochas a ghabháil do chomhalta den Gharda Síochána ná scríobh chun an Cheannfort atá i gceannas ar an stáisiún ina bhfuil an Garda sin lonnaithe.

    Is féidir ainm, Uimhir Chláraithe agus Stáisiún an Gharda a lorg ón nGarda féin tráth an tarlaithe. Má tá sé thart agus níor éirigh leat sonraí an Gharda a fháil, is féidir glaoch a chur ar so stáisiún áitiúil chun cabhair a fháil maidir le hé/í a aithint.

    Níl ríomhphost ar fáil i ngach Stáisiún de chuid an Gharda Síochána faoi láthair.

    Más maith leat gearán a dhéanamh láithreach faoi thorann, is féidir glaoch a chur ar do Stáisiún Gardaí áitiúil. Ba cheart gearán faoi thorann seasmhach a dhéanamh ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Gréasáin na Roinne Comhshaoil, tá teacht ar eolas úsáideach i ndáil le truailliú ó thorann Comharsanachta/Teaghlaigh, aláraim lochtacha, truailliú ó thorann tráchtála agus tógála agus na Rialacháin um Thorann Comhshaoil 2006.

    Is féidir Taifead Seirbhíse a fháil ó Rannóg Mhúsaem agus Chartlann an Gharda Síochána, teileafón +353 1 666 9998 nó tríd an ríomhphost ag museum@garda.ie. Tá go leor taifid seirbhíse ar fáil ann freisin i ndáil le Constáblacht Ríoga na hÉireann agus Póilíní Chathair Átha Cliath.

    Tá an-éileamh ar shocrúcháin oibre leis an nGarda Síochána, gan ach líon teoranta áiteanna ar fáil. Nuair is féidir linn, áfach, déanaimid gach iarracht freastal ar iarratais ar shocrúcháin oibre. Chun fiosrú a dhéanamh faoi shocrúcháin a fháil, déan teagmháil le do Cheannfort áitiúil. Bain leas as Eolaire na Stáisiúin chun ainm do Cheannfoirt áitiúil a aimsiú.

    Níl sa doiciméid seo ach treoirlínte ginearálta. 

    Sa doiciméad seo, tá achoimre ar na rudaí seo a leanas:

    • Cumhachtaí Coinneála

    • Tréimhsí nach n-áirítear agus an tréimhse coinneála á ríomh

    • Cumhachtaí Gabhála

    • Cumhachtaí Athghabhála

    • An Bail a chuirtear ar Dhaoine faoi choimeád

    N.B:

    Déantar achoimriú ar an reachtaíocht ar fad a liostaítear thíos agus ní bheartaítear go n-úsáidfí an t-ábhar sin ar chúis ar bith eile ach ar chúiseanna mearthagartha.  Ba cheart féachaint ar na hAchtanna iad féin agus ar leasú aisghairm agus ionadú ar bith a ghabhann leo, chun faisnéis mionsonraithe a fháil. Féadfaidh acmhainní dlí amhail www.Irishstatutebook.ie a bheith úsáideach.

    Cumhachtaí Coinneála

     

    Alt 4 – An tAcht um Cheartas Coiriúil 1984

    24 Uair an Chloig - Uastréimhse Coinneála

    • 6 hUaire an Chloig – Deonaithe ag an gComhalta i gCeannas

    • 6 hUaire an Chloig – Sínte ag an gCeannfort

    • 12 hUaire an Chloig – Sínte ag an Ard-Cheannfort

     

    NB. Tabhair do d’aire gur cumhacht coinneála atá in Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984 seachas cumhacht gabhála. Faightear cumhachtaí gabhála i bpíosaí eile reachtaíochta, mar a leagtar amach níos faide ar aghaidh sa doiciméad seo.

    Féach Aguisín 1 chun teacht ar na cúiseanna is féidir an clog a stopadh le linn tréimhse coinneála

     

    Alt 30, an tAcht um Chionta in aghaidh an Stáit, 1939

    72 Uair an Chloig - an Uastréimhse Coinneála

    • 24 Uair an Chloig – Deonaithe ag an gComhalta a rinne an duine a ghabháil

    • 24 Uair an Chloig – Sínte ag an Ard-Cheannfort

    • 24 Uair an Chloig – Iarratas ón gCeannfort ar an gCúirt Dúiche

    Is gnách go mbaineann siad siúd le cionta arm tine nó cionta maidir le pléascáin. Úsáidtear de ghnáth iad le haghaidh fiosrúcháin maidir le dúnmharú, agus le haghaidh imscrúduithe ar chionta sceimhlitheoireachta/suaiteacha.

    Féach Aguisín 1 chun teacht ar na cúiseanna is féidir an clog a stopadh le linn tréimhse coinneála

     

    Alt 2 - an tAcht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996

    7 Lá/ 168 Uair an Chloig - an Uastréimhse Coinneála

    • 6 hUaire an Chloig – Deonaithe ag an gComhalta i gCeannas

    • 18 hUaire an Chloig – Sínte ag an gCeannfort

    • 24 Uair an Chloig – Sínte ag an Ard-Cheannfort

    • 72 Uair an Chloig – Iarratas ón gCeannfort ar an gCúirt Dúiche

    • 48 Uair an Chloig – Iarratas ón gCeannfort ar an gCúirt Dúiche

    Is gnách go mbaineann siad siúd le cionta faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí, Alt 15 nó 15A, Seilbh lena Dhíol nó lena Sholáthar. Tá cionta eile ar an sceideal i ndáil leis an gcoinneáil seo.

    Féach Aguisín 1 chun teacht ar na cúiseanna is féidir an clog a stopadh le linn tréimhse coinneála

     

     

    Alt 42, an tAcht um Cheartas Coiriúil 1999

    24 Uair an Chloig - an Uastréimhse Coinneála

    • 6 hUaire an Chloig – Deonaithe ag an gComhalta i gCeannas

    • 6 hUaire an Chloig – Sínte ag an gCeannfort

    • 12 hUaire an Chloig – Sínte ag an Ard-Cheannfort

    Alt 50 – An tAcht um Cheartas Coiriúil 2007

     

    7 Lá/ 168 Uair an Chloig - an Uastréimhse Coinneála

    • 6 hUaire an Chloig – Deonaithe ag an gComhalta i gCeannas

    • 18 hUaire an Chloig – Sínte ag an gCeannfort

    • 24 Uair an Chloig – Sínte ag an Ard-Cheannfort

    • 72 Uair an Chloig – Iarratas ón gCeannfort ar an gCúirt Dúiche

    • 48 Uair an Chloig – Iarratas ón gCeannfort ar an gCúirt Dúiche

     

     

    Tá na cionta seo a leanas san áireamh:

    • dúnmharú lena mbaineann úsáid airm tine nó pleascáin

    • dúnmharú lena mbaineann alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil 1994 [dúnmharú breithe báis]

    • cion faoi alt 15 d’Acht na nArm Teine, 1925 (arna ionadú le halt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) [seilbh ar airm thine nó ar armlón le hintinn duine a chur i gcontúirt bháis no díobháil mhór a dhéanamh do mhaoin]

    • cion faoi alt 15 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997 [príosúnú neamhdhleathach] ina n-úsáidtear arm tine

    • coireanna comhcheilge a bhaineann leis an gcoireacht eagraithe (Alt 71) coireacht eagraithe ( Alt 72) agus cionta a dhéanamh thar ceann eagraíochta choiriúla (Alt 73) mar a leagtar amach san Acht um Cheartas Coiriúil 1994 2006.

    Féach Aguisín 1 chun teacht ar na cúiseanna is féidir an clog a stopadh le linn tréimhse coinneála

     

    Tréimhsí nach n-áirítear agus an tréimhse coinneála á ríomh

    Aguisín 1 – An Clog a Stopadh le linn Coinneála

    Féadfar an clog a stopadh le linn na dtréimhsí coinneála thuasluaite faoi Alt 4 agus Alt 42 sna cásanna seo a leanas:

    Má údaraíonn an Comhalta i gCeannas fionraí an cheistithe le haghaidh tréimhse shonraithe idir meánoíche agus 8am chun a ligean duine atá á choinneáil a scíth a ligean, ní chuirfear an tréimhse sin san áireamh agus an tréimhse coinneála á ríomh.

     

    Má choinnítear an duine faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984 ní mór go dtoileoidh an duine atá faoi choinneáil leis an gceistiú a fhionrú.

    Má tá cúram liachta de dhíth ar an duine atá á choinneáil agus má thógtar amach as Stáisiún na nGardaí é, ní chuirfear san áireamh agus an tréimhse coinneála á ríomh an tréimhse sin a bhí an duine atá á choinneáil as láthair.

    I gcás go dtógtar duine atá á choinneáil chun na cúirte i ndáil le iarratas a bhaineann le dleathacht a choinneála, ní chuirfear san áireamh agus an tréimhse coinneála á ríomh an tréimhse sin a bhí an duine atá á choinneáil as láthair.

     

    Cumhachtaí Gabhála

    Reachtanna a thugann cumhacht gabhála

    Le mórán reachtanna, cruthaítear cumhacht gabhála maidir le cionta sonracha –lena n-áirítear (tabhair do d’aire nach liosta uileghabhálach é seo ar chor ar bith):

    • An tAcht um an Dlí Choiriúil, 1997, alt 4       

    • Alt 30, an tAcht um Chionta in aghaidh an Stáit 1939

    •An tAcht um Mí-Úsáid Drugaí 1977, alt 25

    • An tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1994, alt 24

    • Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach, 1990, alt 14

    • An tAcht um Dhamáiste Coiriúil, 1991, alt 12

    Nóta: Is é Alt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil 1997 an Chumhacht Gabhála is mó a úsáidtear. Cumhdaítear ann cion ar bith a bhaineann pionóis ar díotáil 5 bliana nó níos faide.

    Sainmhínítear cion inghabhála in alt 2(1) den Acht mar seo a leanas:

    “cion ar ina leith a fhéadtar duine lánaoise lán-inniúlachta nár ciontaíodh roimhe sin a phionósú, faoi réim nó de bhua aon achtacháin, trí phríosúnacht ar feadh téarma cúig bliana nó trí phionós is déine ná sin agus le haon iarracht cion den sórt sin a dhéanamh”

    • Alt 42, an tAcht um Cheartas Coiriúil 1999

    Leis an Alt seo, tugtar de chumhacht do Bhreitheamh den Chúirt Dúiche comhalta den Gharda Síochána a údarú chun príosúnach* a ghabháil agus é a thógáil go Stáisiún an Garda Síochána, áit a bhféadfaí é a choinneáil, nuair a bheidh an Breitheamh sin sásta, tar éis faisnéis a fháil faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Ceannfort, go bhfuil cúiseanna réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil cion eile déanta aige seachas an cion mar gheall air a cuireadh i bpríosún é.

     

     

    *(ciallaíonn “príosúnach” duine atá i bpríosún ar scór pianbhreithe príosúnachta, ar cimiú ag fanacht lena thriail nó lena triail, ar athchur nó ar shlí eile.)

     

    Cumhachtaí Athghabhála

    Alt 10, an tAcht um Cheartas Coiriúil 1984

    Tugtar cumhacht athghabhála ar údarás ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche ar deimhin leis, tar éis faisnéis a fháil faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort, go bhfuil faisnéis bhreise faighte ag an nGarda Síochána, ó scaoileadh saor an duine, i ndáil le drochamhras a bheith ar an duine sin go raibh sé páirteach sa chion ar ina leith a lorgaítear é a ghabháil. Déileálfar le duine a ghabhtar faoin údarás sin de bhun alt 4.

     

     

    Féadfaidh freisin go ngabhfaí duine as cion ar bith chun críocha é a chúiseamh as an gcion sin láithreach.

    An Bail a chuirtear ar Dhaoine faoi Choimeád

    Rialacháin maidir leis an mBail a chuirtear ar Dhaoine faoi Choimeád

    Is éard atá sna rialacháin maidir leis an mbail a chuirtear ar dhaoine faoi choimeád ná na rialacháin a chumhdaíonn teidlíochtaí dlíthiúil príosúnach.

    Díorthaítear iad ó Rialachán 8, Rialacháin fán Acht um Cheartas Coiriúil, 1984  (An Bhail a Chuirfear ar Dhaoine Faoi Choimeád i Stáisiúin an Gharda Síochána) 1987 agus 2006.

    Tugtar cóip de na rialacháin si n do gach duine atá faoi choimeád ar dhul isteach i Stáisiún an Gharda Síochána iad nuair a chuirtear a sonraí isteach ar an Taifead Coinneála (C84), tugtar an fhoirm C72(S) don phríosúnach.

    Leagtar amach ann na rudaí seo a leanas:

    • Comhairle Dlí

    • Cóir Leighis

    • Glaonna Teileafóin agus Cuairteanna Pearsanta

    • Cuardaigh

    • Soláthar Béiltí

    • Grianghraif, Méarloirg agus samplaí eile coirp a thógáil

    Is féidir. Is féidir le duine ar bith (sealbhóirí deimhnithe arm tine san áireamh) iarratas a dhéanamh ar dheimhniú nua arm thine (ar Fhoirm FCA1) faoin reachtaíocht nua a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Lúnasa 2009.

     Chun teacht ar CCanna breise maidir le ceadúnú Arm Tine, cliceáil ar an gclib “Ceadúnú Arm Tine” ar an dtaobh clé.

    Má tá tú tar éis do phas a chailleadh, nó má goideadh é, ba cheart é sin a thuairisciú láithreach d’Oifig na bPas nó don Ambasáid nó Consalacht de chuid na hÉireann is cóngaraí leat. Chun pas nua a fháil, ní mór duit foirm iarratais ar phas a chomhlánú [APS1 má tá cónaí ort sa Stát seo, APS2 má tá cónaí ort in áit éigin eile]. Ba cheart go mbeadh comhalta den Gharda Síochána mar fhinné air sin má tá cónaí ort sa Stát, nó duine de na finnéithe incháilithe atá liostaithe ar an bhfoirm APS2 má tá cónaí ort in áit éigin eile. Má tá tuilleadh eolais uait, téigh chuig suíomh Gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

     

    Tá sé inmholta fótachóip de do phas a bheith agat agus tú ag taisteal. Chabhródh sé sin go mór leat pas éigeandáil a fháil i gcás go gcaillfí nó go ngoidfí do phas.

    Ba cheart duit an cheist a thabhairt le fios do do Stáisiún Gardaí áitiúil.

    Tá faisnéis ar fáil maidir le ríomhphoist mhaslacha gan iarraidh ag www.hotline.ie. Leis an tseirbhís seo, cuirtear áis anaithnid ar fáil don phobal chun tuairisciú a dhéanamh ar ábhar ar an Idirlíon a mheastar a bheith neamhdhleathach, ar bhealach slándáil agus rúnda. Tá an Bheolíne á reáchtáil ag Cumann Soláthróirí Seirbhísí Idirlín na hÉireann (ISPAI) ó bhí mí na Samhna 1999 ann, agus is ó chlár de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Safer Internet Plus, a fhaightear cuid dá maoiniú. Is é an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, tríd an Oifig um Shábháilteacht Idirlín agus i gcomhar leis an nGarda Síochána, a dhéanann maoirsiú ar an mBeolíne agus is ball í de INHOPE, an Comhlachas Idirnáisiúnta um Beolínte Idirlín.

    Is féidir ábhar ar líne a mheastar neamhdhleathach a thuairisciú tríd an fhoirm iarratais ar www.hotline.ie a úsáid.  Leis an tseirbhís seo, cuirtear áis anaithnid ar fáil don phobal chun tuairisciú a dhéanamh ar ábhar ar an Idirlíon a mheastar a bheith neamhdhleathach, ar bhealach slándáil agus rúnda. Tá an Bheolíne á reáchtáil ag Cumann Soláthróirí Seirbhísí Idirlín na hÉireann (ISPAI) ó bhí mí na Samhna 1999 ann, agus is ó chlár de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Safer Internet Plus, a fhaightear cuid dá maoiniú. Is é an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, tríd an Oifig um Shábháilteacht Idirlín agus i gcomhar leis an nGarda Síochána, a dhéanann maoirsiú ar an mBeolíne agus is ball í de INHOPE, an Comhlachas Idirnáisiúnta um Beolínte Idirlín.