Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cosaint Sonraí agus an Garda Síochána

Cosaint Sonraí agus an Garda Síochána

Próiseálann an Garda Síochána faisnéis phearsanta ar roinnt cuspóirí póilíneachta, an méid seo a leanas ina measc:

• Beatha agus maoin a chosaint;

• Ord a chaomhnú;

• Cosc a chur ar chionta a dhéanamh;

• An dlí a chur ar chiontóirí; agus

• Aon dualgas nó freagracht a eascraíonn as reacht nó dlí coiteann, taifid riaracháin a bhaineann le faisnéis neamhphóilíneachta, atá bunriachtanach i dtaobh ghnó agus riar laethúil an Gharda Síochána.

Is é an tUasal Barry Lavin Oifigeach Cosanta Sonraí an Gharda Síochána.

Bhí an Garda Síochána faoi réir an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) an 25 Bealtaine, 2018, agus na Treorach maidir le Póilíní agus Údaráis Cheartais (TFD) ón 6 Bealtaine 2018.

Méadaítear san RGCS agus sa TFD cearta um chosaint sonraí daoine aonair agus leagtar iontu oibleagáidí breise ar rialaitheoirí sonraí, ar nós an Gharda Síochána. Ceanglaítear san RGCS agus sa TFD ar an nGarda Síochána faisnéis phearsanta a phróiseáil i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta:

Déanfar sonraí pearsanta:

  • A phróiseáil go dleathach, go cothrom agus ar bhealach trédhearcach maidir leis an ábhar sonraí;
  • Baileofar sonraí pearsanta ar chuspóirí sonraithe, soiléire agus dlisteanacha agus ní dhéanfar próiseáil bhreise orthu ar bhealach nach gcomhoireann do na cuspóirí siúd;
  • Beidh sonraí pearsanta leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid atá riachtanach maidir leis na cuspóirí dá bpróiseáiltear iad;
  • Beidh sonraí pearsanta cruinn agus, sa chás gur riachtanach, coimeádfar cothrom le dáta iad;
    Coimeádfar sonraí pearsanta i bhfoirm nach gceadaíonn ábhair shonraí a shainaithint ar feadh níos faide ná mar is gá ar na cuspóirí dá bpróiseáiltear na sonraí pearsanta;
  • Próiseálfar sonraí pearsanta ar bhealach a chinntíonn slándáil chuí na sonraí pearsanta, cosaint in aghaidh próiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus in aghaidh caillteanas, milleadh nó díobháil de thimpiste trí úsáid a bhaint as bearta cuí teicniúla nó eagraíochta;
  • Beidh an rialtóir freagrach as, agus beidh sé/sí in ann comhlíonadh an RGCS a léiriú.

Cinnteoidh an Garda Síochána go ndéantar próiseáil uile na faisnéise pearsanta i gcomhréir le riachtanais reachtaíochta.

Iarrataí Rochtana ag Ábhar

Tá an ceart ag gach duine aonair chun teacht ar shonraí pearsanta atá á gcoimeád ag an nGarda Síochána fúthu, agus tá an ceart acu ceartú nó scriosadh a sonraí pearsanta a iarraidh.

Ba cheart do dhuine aonair a lorgaíonn teacht ar a bhfaisnéis phearsanta an Fhoirm Iarrata ar Rochtain ar Shonraí (F20) a chomhlánú.

Sonraí Teagmhála

Is féidir gach ceist eile a bhaineann le Cosaint Sonraí sa Gharda Síochána a sheoladh chuig:

An tAonad um Chosaint Sonraí,

An Tríú hUrlár,

89-94 Sráid Chéipil,

Baile Átha Cliath 1.

D01 E3C6

Ríomhphost:GDPR.DataProtection@garda.ie

Guthán: +353 (01) 666 9521

Uaireanta Oifige

(ó Luan go Déardaoin 10.00 – 13.00 agus 14.00 – 16.30)

(Dé hAoine: 10.00 – 13.00 agus 14.00 – 16.00)