Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Coláiste an Gharda

Garda CollegeIs é Coláiste an Gharda Síochána an lárionad náisiúnta d’oiliúint phóilíní, d’fhorbairt agus d’fhoghlaim, laistigh den Stát. Is campas nua-aimseartha é suite ar ocht n-acra sa Teampall Mór, Co. Thiobraid Árainn.

 

Ag tosú ar an Oiliúint i gColáiste an Gharda Síochána

 

Is é an B.A sa Phóilíneacht Fheidhmeach an Bunchlár do Ghardaí faoi Oiliúint. Cuirtear an clár seo ar fail thar 104 seachtain agus is féidir B.A sa Phóilíneacht Fheidhmeach a ghnóthú. Bíonn an chéad tréimhse 34 seachtain, lena n-airítear saoire coicíse, ar siúl i gColáiste an Gharda Síochána. Déantar an chuid eile den chúrsa ina dhiaidh sin i Rannóga áirithe san fhórsa.

 

Cur chuige foghlama fadhb-bhunaithe, hibrideach atá i gceist leis an B.A sa Phóilíneacht Fheidhmeach. Foghlaimíonn na mic léinn i ngrúpaí beaga agus bíonn siad ag plé le cásanna póilíneachta réalaíocha. Ar dtús, tugtar fadhb póilíneachta fíor dóibh agus bíonn orthu teacht ar réiteach sa ghrúpa.

Cuirtear béim sa mhodh múinte seo ar fhorbairt scileanna ‘foghlaim chun foghlaim’, ar fhorbairt chleachtas athmhachnaimh agus tacaíonn sé le mic léinn aistriú go dtí foghlaim i dtimpeallacht póilíniú oibríochtúil.college 9

 

Tá dul chun cinn déanta sa chlár úr ó bheith bunaithe ar ábhair agus anois tá sé bunaithe ar mhodúil i dtéamaí éagsúla, a léiríonn

na róil agus na cúraimí a bhíonn ag ball den Gharda Síochána. Bíonn seacht modúl le déanamh i gCéim 1:

1.Bunús na Póilíneachta

Sa mhodúl seo, tugtar forléargas ar fheidhm phóilíneachta. Cuirtear na mic léinn ar an eolas faoi ról na heagraíochta agus an ról atá aici sa chóras dlí choiriúil. Foghlaimíonn na mic léinn scileanna ginearálta a bheidh in úsáid le linn an chúrsa oiliúna.

2. Inniúlacht Ghairmiúil

Is aidhm don mhodúl seo freagracht a chothú sna mic léinn, freagracht as forbairt phearsanta agus ghairmiúil ó thaobh eolas, scileanna, luachanna agus iompar, rudaí a bhíonn riachtanach chun seirbhís ghairmiúil phóilíneachta a chur ar fáil.

3. Póilíneacht Teagmhas agus Coireanna

Is aidhm don  mhodúl seo deis a thabhairt do mhic léinn eolas agus scileanna praiticiúla a fhoghlaim, iad siúd a bheidh de dhíth chun  coireanna agus teagmhais éagsúla a bhainistiú.

4. Póilíneacht le Pobail

Is aidhm don mhodúl seo cumas pearsanta, agus gairmiúil a fhorbairt sna mic léinn chun dul i ngleic le pobail nua-aimseartha, éagsúla, agus dátheangacha, ar dhóigh dearfach, agus ag an am céanna bheith ar an eolas faoi riachtanais na mball is soghonta. 

5. Póilíneacht Tráchta

Féachann an modúl seo le heolas agus scileanna a thabhairt do mhic léinn, scileanna le póilíneacht éifeachtach a dhéanamh ar fhadhbanna tráchta ( seicphointí, tiomáint faoi thionchar alcóil/ drugaí ) le himbhuailtí marfacha agus imbhuailtí tromchúiseacha a laghdú go mór agus chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú.

6. Róil agus Freagrachtaí Stáisiúin

Is aidhm don mhodúl seo cumas na mac léinn a fhorbairt sna róil go léir a bhfuil baint acu le dualgais stáisiúin, lena n-airítear bainistiú príosúnaithe.

7. Sábháilteacht na nOifigeach agus an Phobail

Déanann an modúl seo inniúlacht fisiceach a fhorbairt trí scileanna praiticiúla (smachtín inghiorraithe, dornaisc insithe, sprae piobair OC and féinchosaint póilíní.

Coláiste an Gharda Síochána (LMS)

 

Is córas bainistíochta foghlama nó clár oibre ríomhfhoghlama a nascann agus a fheabhsaíonnCollege an timpeallacht foghlama traidisiúnta i gcomhthéacs ar líne. Cuimsíonn an fheidhmiúlacht seo bainistiú ábhair, ríomhphost, plé, féilire agus seomra comhrá, le cumarsáid idir mhúinteoir agus mic léinn a fheabhsú. Is córas láidir, aonair é an LMS, atá daingean agus comhtháite, ceann a ligeann do mhic léinn agus don fhoireann páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna ar líne trí chóras IS an Gharda Síochána agus ríomhairí pearsanta, nó táibléid, córas ar a mbíonn rochtain domhanda an t-am ar fad. Cruthaíonn an córas LMS pobail foghlama ar líne atá éifeachtach agus comhlánaíonn sé agus feabhsaíonn sé teagasc aghaidh ar aghaidh sa choláiste. Tá os cionn 7300 ball den Gharda Síochána, idir mhic léinn agus fhoireann, cláraithe ar chláir oiliúna éagsúla agus táthar ag súil go mbeidh gach ball den Gharda Síochána in ann rochtain a fháil air amach anseo. Tá na cláir seo a leanas ag úsáid LMS faoi láthair:

·         B.A sa Phóilíneacht Fheidhmeach (Clár Oiliúna Bunaidh)

·         Leibhéal 2 agus 3 de Mhodúl Agallaimh an Gharda Síochána

·         Oiliúint na nOifigeach Imscrúdaithe Sinsearach (SIO)

·         Oiliúint Searmóinnis Aonaid

·         Cúrsaí do Riarthóirí Ceannais agus Comhordaithe

·         Cúrsaí d’Iniúchóirí Láithreacha Coireanna

·         Cúrsaí Grianghrafadóireacht Fóiréinseacha

·         Oiliúint i bPóilíneacht agus in Éirim Mhothúnach

·         Cláir Ardú Céime