Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Polasaí Fianáin

Déan teagmháil linn

Más mian leat aon rud maidir leis an úsáid atá á baint as fianáin ar ár suíomh gréasáin a roinnt linn nó má theastaíonn soiléiriú maidir le fianáin uait, seol ríomhphost chuig corporate.communications@garda.ie.

Céard iad fianáin?

Nuair a thugann tú cuairt ar aon suíomh gréasáin, cuireann an suíomh gréasáin sin téacschomhaid bheaga ar do ríomhaire nó gléasanna eile lena chinntiú go n-oibríonn an suíomh gréasáin sin i gceart agus ar an mbealach is éifeachtaí is féidir. Chomh maith leis sin, úsáidtear iad chun eolas anailíseach faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin a sholáthar.

Conas a úsáidimid fianáin?

Úsáidimid meascán d’fhianáin shealadacha agus bhuana ar ár suíomh gréasáin chun faisnéis chaighdeánach loga idirlín agus mionsonraí maidir le patrúin úsáideoirí a bhailiú. Úsáideann ár suíomh gréasáin Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin atá á soláthar ag Google, Inc. (“Google”). Déanaimid é seo ionas gur féidir linn staitisticí a fháil maidir le líon na gcuairteanna agus na leathanaigh a dtugtar cuairt orthu go minic. Úsáidimid an t-eolas seo chun anailís a dhéanamh agus ní chun tusa a aithint nó le haghaidh aon chúis eile.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an úsáid a bhaineann Google Analytics as fianáin le fáil ar:

http://www.google.com/analytics/learn/privacy.html

Tá ár bhfianáin grúpáilte sna catagóirí seo a leanas againn:

Riachtanach
Anailíseach
Feidhmiúil
YouTube.

Tá an miondealú agus an t-eolas ar fad faoi na fianáin a úsáidimid le fáil ag Bainistíocht Fianáin..

Fianáin a bhainistiú nó a bhaint

Is féidir leat do shainrogha fianán a oiriúnú/a athrú am ar bith trí úsáid a bhaint as an rogha bainistíochta fianáin ar ár suíomh gréasáin.

Is féidir leat úsáid fianán a dhiúltú trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi deara, má dhéanann tú é seo go mb’fhéidir nach mbeidh tú in ann feidhmiúlacht iomlán ár suímh ghréasáin a úsáid. Má úsáideann tú ár suíomh gréasáin, toilíonn tú go mbeidh sonraí maidir leat á bpróiseáil ag Google ar an mbealach agus chun na gcríoch atá sonraithe inár ráiteas príobháideachais.

Chomh maith leis sin, is féidir leat fianáin a bhaint trí iad a scriosadh ó do stair bhrabhsála (taisce) nuair a fhágann tú an suíomh.

Gearán maidir le húsáid fianán

Más mian leat aon rud maidir leis an úsáid atá á baint as fianáin ar ár suíomh gréasáin a roinnt linn nó más mian leat gearán a dhéanamh nó má theastaíonn soiléiriú uait, seol ríomhphost chuig corporate.communications@garda.ie.

Mura n-éiríonn linn, áfach, do ghearán a réiteach agus más mian leat gearán eile a dhéanamh faoin úsáid atá á baint ag An Garda Síochána as fianáin, is féidir leat nóta i scríbhinn a sheoladh chuig An Coimisiún um Chosaint Sonraí nó chuig ár nAonad um Chosaint Sonraí ag:

An Coimisiún um Chosaint Sonraí,

An Garda Síochána

An tAonad um Chosaint Sonraí,

Teach na Canála,

Bóthar an Stáisiúin,

Cúil an tSúdaire,

Co. Laoise

R32 AP23,

Ireland.

+353 (0761) 104 800

info@dataprotection.ie

An Tríú hUrlár,

89-94 Sráid Chéipil,

Baile Átha Cliath 1,

D01 E3C6,

Éire.

+353 (01) 666 9521

DataProtection@garda.ie

Leasuithe

Coimeádann An Garda Síochána an ceart an polasaí fianáin seo a leasú am ar bith.