Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Seirbhís Póilíneachta don Todhchaí

Is iad Cearta an Duine bunchloch na Póilíneachta. Glacfaidh An Garda Síochána le Cearta an Duine mar an bhunchloch ar a mbeidh seirbhís phóilíneachta á tógáil agus á soláthar le tacaíocht leanúnach ón bPobal.

Is Seirbhís Phóilíneachta Pobalbhunaithe atá á soláthar againn agus leanfar leis an stíl phóilíneachta seo agus de réir mar a bheidh moltaí an Choimisiúin ar fáil oibreoimid le gníomhaireachtaí reachtúla eile chun déileáil go háirithe leis an díobháil atá á déanamh do roinnt dár saoránach.

Gach lá, oibríonn Gardaí le daoine atá leochaileach mar thoradh ar mheabhairghalar, andúil i ndrugaí agus andúil san alcól, daoine a bhfuil tionchar díréireach ag coireacht orthu.  Is mian linn ár ndícheall a dhéanamh mar ghníomhaireachtaí reachtúla chun stop a chur le timthriallta d’iompar díobhálach, timthriallta a bhféadfadh tionchar tubaisteach a bheith acu ar dhaoine aonair, a dteaghlaigh agus a bpobail. Is féidir tairbhe a bhaint as caidreamh oibre nuálaíoch agus as dlúthchaidreamh oibre le gníomhaireachtaí comhpháirtíochta chun difríocht dháiríre phraiticiúil a dhéanamh chomh fada is a bhaineann le cúram cuí a bheith ar fáil lá agus oíche. 

I mbliana, beidh ár Samhail Phóilíneachta Áitiúil nua á reáchtáil ar bhonn píolótach agus á meas againn agus é mar aidhm againn an tSamhail a chur chun feidhme i dtreo dheireadh 2019.

Tríd an struchtúr nua seo, tá sé mar aidhm againn neamhspleáchas agus cuntasacht oibríochtúil a bhunú ag leibhéal an Ard-Cheannfoirt; is é an aidhm atá leis seo freagrúlacht i ndáil le ceisteanna póilíneachta áitiúla a fheabhsú agus soláthar na Póilíneachta Pobail a fheabhsú.

Soláthróimid na huirlisí a theastaíonn d’fhoireann an Gharda Síochána. Tacóimid leis an bhfoireann trí chórais TF a bhunú, lena n-áirítear:

  • Bainistíocht glaonna
  • Bainistíocht imscrúdaithe
  • Rochtain ar theicneolaíocht dhigiteach mhóibíleach

Áireofar i measc na bhforbairtí eile:

  • Deiseanna feabhsaithe foghlama agus forbartha don fhoireann
  • Athchóiriú uainchláir
  • Nuachóiriú leantach foirne
  • Díriú ar dhualgais póilíneachta
  • Athchóiriú na rialachán araíonachta

Chomh maith leis sin, tá an Coimisinéir airdeallach ar an ualach agus ar an mbrú atá ar an bhfoireann agus déileálfar leis seo trí straitéis folláine freisin.

Is mian liom an iompraíocht in An Garda Síochána a athrú ionas go mbeidh glacadh linn mar eagraíocht atá ag foghlaim, eagraíocht nach bhfuil a cur chuige chomh hordlathach agus a bhí, agus eagraíocht atá in ann cinntí nuálacha a dhéanamh go tapa ag an leibhéal cuí.

Ach i ndeireadh na dála, níl an t-athchóiriú seo á dhéanamh ar mhaithe le gníomh a chur i gcrích nó athrú gan chúis a dhéanamh.

Is é an príomhchuspóir atá againn an tsochaí a chosaint agus freastal ar an tsochaí.

Nuair a bheimid ag déileáil leis na dúshláin a bhaineann le hathchóiriú in An Garda Síochána ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil na hathruithe seo á ndéanamh in ord, go bhfuil ar ár gcumas déileáil ar bhealach níos fearr leis na bagairtí atá os comhair ár sochaí, go bhfuilimid in ann coireacht a chosc agus a bhrath ar bhealach níos éifeachtaí, go bhfuilimid in ann daoine leochaileacha a chosaint ar bhealach níos fearr, agus go bhfuilimid in ann úsáideoirí bóithre a chosaint ar bhealach níos fearr agus Póilíneacht Phobail a sholáthar le tacaíocht ó phobail ar fud na hÉireann. 

Tá nasc chuig an bplean le fáil anseo