Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cá háit eile is féidir liom tacaíocht a fháil

Victims Services landing image

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta

Cuireann Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta (GNPSB) comhairle, treoir agus cabhair ar fáil do Ghardaí agus iad i mbun na rudaí seo a leanas a imscrúdú: Imscrúdú maidir le Coireacht Ghnéasach; Imscrúdú maidir le teacht i dtír ar Leanaí ar líne; Cosaint Leanaí; Imscrúdú agus Idirghabháil i gcás Drochíde sa Teaghlach; Imscrúdú maidir le Gáinneáil ar Dhaoine; Imscrúdú maidir le Striapachas Eagraithe; Sainagallamh; Daoine ar Iarraidh; agus Tacaíocht d’Íospartaigh na Coireachta. Bíonn an Biúró i gceannas ar an imscrúdú a dhéantar ar chásanna casta.

Chomh maith leis sin, déanann an Biúró idirchaidreamh le Ranna Rialtais, Comhlachtaí Stáit agus grúpaí deonacha ábhartha, agus é ag glacadh leis an gcur chuige idirghníomhaireachta atá riachtanach chun dul i ngleic leis na coireanna seo agus na cúiseanna atá leo. Tugtar tús áite sna cásanna seo do chosaint agus leas na n-íospartach, agus é á áirithiú go ndéantar fiosrú iomchuí ar na gníomhaíochtaí líomhnaithe.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta mar seo a leanas:

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta

Ceanncheathrú an Gharda Síochána

Sráid Fhearchair

Baile Átha Cliath 2

(01) 6663430 / gnpsb@garda.ie

Eagraíochtaí Tacaíochta d’Íospartaigh

Cé go bhfuil an Garda Síochána tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’íospartaigh agus finnéithe, tuigimid go mbíonn gá le níos mó tacaíochta uaireanta ná mar a bhíonn ar ár gcumas a chur ar fáil. Mar sin, nuair a thuairiscítear coir dúinn, tugaimid amach sonraí teagmhála eagraíochtaí neamhspleácha tacaíochta d’íospartaigh. Cabhraíonn na heagraíochtaí seo le daoine a dtéann an choireacht i bhfeidhm orthu – ní hamháin íospartaigh agus finnéithe, ach a gcairde, a dteaghlaigh agus daoine eile a bhíonn ag iarraidh déileáil le cúrsaí i ndiaidh na coireachta. 

Tá na seirbhísí neamhspleácha saor in aisce seo um thacaíocht d’íospartaigh, lena n-áirítear an Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta, ar fáil ar fud na tíre. Is líne chabhrach náisiúnta faoi rún í an Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta, a chuireann tacaíocht ar fáil d’íospartaigh na coireachta in Éirinn. Is féidir rochtain a fháil ar réimse leathan seirbhísí tacaíochta agus labhairt faoi rún le duine de na hoibrithe deonacha oilte ach glaoch a chur ar uimhir na líne cabhrach, 116 006. Is féidir leis an líne chabhrach seo sonraí teagmhála na seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh atá ar fáil ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn áitiúil a thabhairt amach, lena n-áirítear sainseirbhísí d’íospartaigh coireanna ar leith amhail foréigin teaghlaigh, coireachta gnéasach agus éigniú.

Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na heagraíochtaí tacaíochta d’íospartaigh éagsúla atá ar fáil ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn áitiúil.

Tacaíocht Dlí agus comhairle 

Soláthraíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil cúnamh agus comhairle dlí i gcásanna sibhialta do dhaoine nach acmhainn dóibh íoc as na seirbhísí sin. Baineann an chuid is mó d’obair an Bhoird le réimse an dlí teaghlaigh agus an fhoréigin teaghlaigh. Soláthraítear seirbhísí an Bhoird trí líonra ionaid dlí lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fud na tíre. Oibríonn dlíodóirí an Bhoird sna hionaid seo. Fostaítear dlíodóirí príobháideacha freisin chun seirbhísí a chur ar fáil thar ceann an Bhoird.  Cuirtear comhairle ar fáil d’íospartaigh i gcásanna éignithe agus ionsaithe ghnéasaigh thromchúisigh, chomh maith le cásanna gáinneála.

Déan teagmháil leo chun tuilleadh eolais a fháil:

An Bord un Chúnamh Dlíthiúil 

Sráid an Chalaidh,

Cathair Saidhbhín,

Co. Chiarraí

(066) 947 1000 / www.legalaidboard.ie / info@legalaidboard.ie

Uimhreacha Teileafóin úsáideacha

An tSeirbhís Chúirteanna 

Oifig Eolais, 

Teach an Fhéinics, 

15 /24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, 

Margadh na Feirme 

Baile Átha Cliath 7

(01) 888 6000 / www.courts.ie

An tAonad Cumarsáide agus Idirchaidrimh Íospartach 

Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, Bóthar na hOtharlainne,

Baile Átha Cliath 7

(01) 858 8444 / dpp@dppireland.ie / www.dppireland.ie

An Coimisiún um Thacaíocht d’Íospartaigh na Coireachta

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais,

51 Faiche Stiabhna,

Baile Átha Cliath 2

(01) 602 8661 / www.csvc.ie / csvc@justice.ie

An Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla

Urlár 2,

Cúirt Montague,

7-11 Sráid Montague,

Baile Átha Cliath 2 D02 FT96

(01) 476 8670 / criminalinjuries@justice.ie 

 

Oifig Íospartaigh na Coireachta

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais,

Urlár 2, Cúirt Montague,

Lána Montague,

Baile Átha Cliath 2

(01) 476 8686 / vco@justice.ie / www.victimsofcrimeoffice.ie 

Aiseolas, buíochas agus gearáin

Déanann an Garda Síochána dianiarracht seirbhís chomhsheasmhach  a sholáthar ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do gach íospartach na coireachta. Chun cabhrú linn é sin a bhaint amach, tá sé tábhachtach aiseolas a fháil uaitse. Tuigimid, má táimid chun ár seirbhísí a fheabhsú, go gcaithfimid éisteacht le riachtanais agus tuairimí íospartach agus daoine eile a bhaineann leas as seirbhísí an Gharda Síochána, agus freagairt dóibh. Chuige sin, tá foirm aiseolais ar fáil anseo.

Más rud é nach gcomhlíonfaimid d'ionchais

Mura bhfuil tusa sásta lenár seirbhís, mar íospartach, nó má tá ceist, moladh nó aiseolas ar bith agat maidir leis an mbealach ar chaith baill an Gharda Síochána leat, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh le Ceannfort an Gharda Síochána nó leis an Oifig Seirbhíse d’Íospartaigh i do cheantar áitiúil le linn uaireanta gnó. Tá teacht ar na sonraí teagmhála anseo nó san eolaire teileafóin (na leathanaigh ghlasa) faoi 'An Garda Síochána'

Nó is féidir gearán a tharchur chuig Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, 150 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1, teileafón: 0818 600 800 / (01) 871 6727 / info@gsoc.ie / www.gardaombudsman.ie

Doiciméid úsáideacha d’íospartaigh na coireachta

Tá roinnt naisc anseo thíos chuig doiciméid úsáideacha a d’fhéadfadh cabhrú le daoine má tá ceisteanna acu maidir leis an nGarda Síochána agus íospartaigh na coireachta.