Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Coireacht fuath

Séanadh:

Ta na sonraí thíos ceart ag am a fhoilsithe, agus cuirtear ar fáil iad mar threoir amháin. Lorg comhairle dhlí ó do dhlíodóir nuair is gá.

Cad is Cóireacht fuath?

Aon chion coiriúil a mheasann an t-íospartach nó aon duine eile, go hiomlán nó i bpáirt, a bheith spreagtha ag naimhdeas nó dochar, bunaithe ar aois iarbhír nó bhraite, míchumas, cine, dath, náisiúntacht, eitneachas, reiligiún, claonadh gnéis nó inscne.

Eachtraí Fuatha – (Neamh-Choireacht)

Aon teagmhas nó eachtra neamh-choireachta a bhraitheann aon duine, go hiomlán nó i bpáirt, a bheith spreagtha ag naimhdeas nó dochar, bunaithe ar aois iarbhír nó bhraite, míchumas, cine, dath, náisiúntacht, eitneachas, reiligiún, claonadh gnéis nó inscne.

Nótaí Míniúcháin

  • D’fhéadfadh duine, pobal nó institiúid a bheith ina íospartach ag coireacht fuatha de bharr an cheangail a mheastar nó a bhíonn ag an duine go hiarbhír le grúpa nó le cúlra ar leith.
  • Glactar leis gurb ionann ‘Spreagadh’ agus taispeáint nó léiriú naimhdis nó dochair.
  • Áirítear le heitneachas ‘Duine den Lucht Siúil’ agus ‘Duine as an Rómáin’.
  • Áirítear le reiligiún ‘daoine nach gcreideann i reiligiún’.
  • Áirítear le ‘hinscne’ aitheantas inscne, duine trasinscneach, idirghnéasach, léiriú inscne agus iniúchadh inscne.
  • Is ionann ‘eachtra nó teagmhas’ agus rud a tharlaíonn a thuairiscítear don Gharda Síochána.

Samplaí de choire fuatha


Mí-úsáid bhéil, glaonna géar / ionsaitheacha, téacs, ríomhphost nó ríomhphoist, ionsaí, ciapadh, damáiste coiriúil, cónaidhm, dúnorgain, dúnmharú

Tabhair tuairisc i gcónaí don Gharda Síochána maidir le haon eachtra a mheasann tú a bheith spreagtha ag fuath.   

I gcás éigeandála caithfidh tú glaoch ar 999.

Freastalóidh Garda ort agus tógfaidh sé ráiteas uait.

Cuirfidh sé/sí imscrúdú ar bun, ach fianaise a bhailiú – agus tógfar ráitis ó íospartaigh agus ó fhinnéithe, agus labhrófar leis an té a bhfuil na líomhaintí déanta ina choinne.

Tá dhá chéad Garda Idirchaidrimh Eitnigh ceaptha, dream atá oilte chun déileáil leis an gcineál sin coireachta agus cuideoidh siad leat i rith an imscrúdaithe, más mian leat é sin.  Féadfaidh tú seirbhísí a iarraidh ar d’Oifigeach Idirchaidrimh Eitnigh atá ceaptha go háitiúil ag aon chéim den imscrúdú - (Téigh chuig suíomh gréasáin an Gharda Síochána chun a gcuid sonraí teagmhála a fháil).

I gcás nach bhfuil fonn ort dul chuig do stáisiún Gardaí áitiúil, féadfaidh tú dul i dteagmháil le seirbhísí an Aonaid (Teileafón: 01 6663150 nó ríomhphost: diversity@garda.ie), a láimhseálfaidh an tuairisc ar bhealach leochaileach.

Coinneofar ar an eolas thú faoi fhorbairtí ar feadh an imscrúdaithe.

Tabharfar rogha duit dul ar aghaidh chuig tacaíocht d’íospartaigh. 

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi choireacht fuatha, téigh i dteagmháil leis an bhfoireann ag Aonad Náisiúnta an Gharda Síochána um Ilchineálacht agus Imeascadh (01 6663150 nó diversity@garda.ie) – agus déileálfaidh siad le haon cheist maidir leis sin.

Cliceáil anseo chun coireacht fuatha a thuairisciú ar line.