Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ualaí néamhghnácha

Abnormal loads

Gluaiseacht Ualaí Neamhghnácha 

Thug Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Ceadanna d’Fheithiclí Speisialaithe) 2009, IR Uimh. 147 de 2009, agus Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Ceadanna Feithiclí Speisialaithe) (Leasú) 2010, IR 461 de 2010, córas ceadaithe cuíchóirithe sruthlíne agus liosta de na Bealaí Ainmnithe isteach le haghaidh gluaiseacht ualaí nach mó ná 27.4 méadar ar fad agus 4.3 méadar ar leithead ar na mórbhealaí idir-uirbeacha agus chuig Calafoirt Chorcaí, Ros Láir agus Caladh Bhaile an Droma agus iad riaraithe ag an nGarda Síochána.

Caithfidh ualach neamhghnácha cloí leis na huasteorainneacha meáchain atá leagtha síos ag Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tógáil agus Úsáid Feithiclí) 2003, IR 5 de 2003 agus an teorainn airde uasta atá leagtha síos i Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tógáil agus Úsáid Feithiclí) (Leasú) 2008, IR 366 de 2008

Tugann an fhoirm "Ceadúnas um Fheithiclí Speisialaithe" seo nuair a síníonn Oifigeach Ceadanna an Gharda Síochána í cead do tharlóirí ualaí neamhghnácha a bhogadh mar atá sainmhínithe faoi na Rialacháin thuas, ar bhealaí idir-uirbeacha lena shonraítear sa Sceideal de na Bóithre Ainmnithe. Is gá údarú neamhspleách ón Údarás Áitiúil lena mbaineann agus/nó ón Aire Iompair i gcás aon athraithe ó Sceideal na mBóithre Ainmnithe sna Rialacháin thuas. Féach www.rsa.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Féach na doiciméid tacaíochta cuí ar an leathanach seo.