Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Deiseanna do sibhialtaigh

Cúlra

Cuireadh tús leis an gclár sibhialaithe i gceart nuair de réir Alt 19(4) d’Acht an Gharda Síochána 2005, ceapadh Coimisinéir an Gharda Síochána ina údarás cuí d’ fhoireann shibhialtach an Gharda Síochána i Mí Dheireadh Fómhair 2006. Bunaíodh Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna Sibhialtach ag an am céanna chun tacú leis an gCoimisinéir chun dul i ngleic leis an bhfreagracht reachtúil úr seo agus chun an clár sibhialaithe a chur chun cinn.

Uimhreacha

Tháinig méadú ar líon na sibhialtach FTE a bhí fostaithe sa Gharda Síochána, ó 1,166 ag deireadh Mhí na Nollag 2005 go dtí 2,105 ag deireadh 2009.

Chuir an moratóir ar earcaíocht creat rialaithe fostaíochta ar líon na sibhialtach agus leag an Roinn Dlí agus Cirt síos uasteorainn de 1,997 a d’fhéadfadh a bhaint amach go hincriminteach tar éis 2007.

Mar a dúradh cheana, ba é an toradh a bhí ar an moratóir ná gur cuireadh bac ar dhul chun cinn maidir leis an gclár sibhialaithe idir 2010 agus lár 2016. Bíodh sin mar a bhí, i Mí Iúil 2016 nuair a bheartaigh an Rialtas leibhéil foirne sa Gharda Síochána a ardú go 21,000 faoi 2021, bhí líon na sibhialtach san áireamh chomh maith agus ardú go dtí 4,000 geallta. Tá an t-ardú seo le baint amach thar na cúig bliana atá le teacht.

Ó thús na bliana 2017, earcaíodh os cionn 250 duine agus tá obair mhór ar siúl chun an sprioc a bhaint amach.

Cá mbíonn sibhialtaigh ag obair laistigh den Gharda Síochána?

Bíonn sibhialtaigh an Gharda Síochána páirteach i réimse leathan seirbhísí tábhachtacha leithéidí seirbhísí tacaíochta, seirbhísí riaracháin, seirbhísí gairmiúla, agus seirbhísí teicniúla, a sholáthar. Oibríonn sibhialtaigh an Gharda Síochána i róil chléireachais agus i mbainistíocht airgeadais i stáisiúin agus in oifigí ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, oibríonn siad i sainróil thacaíochta éagsúla leithéidí, Acmhainní Daonna, TF, agus teileachumarsáid, teagasc, airgeadas agus soláthar, iniúchadh inmheánach, cumarsáid, taighde agus anailís, cothabháil, tacaíocht i láithreacha coireanna, seirbhísí dlí agus seirbhísí leighis. Tá roinnt eile seirbhísí tacaíochta oibríochtúla ina mbíonn sibhialtaigh ag obair, leithéidí, Larbhiúró Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána (GCVB),  Ionad Seirbhísí Faisnéise an Gharda Síochána (GISC), an Oifig Próiseála Muirear Seasta (FCPO) agus an Lárionad Ceannais agus Comhordaithe (C&C). Beidh ardú de 2,000 ar líon na sibhialtach sa Gharda Síochána faoin mbliain 2021, ag teacht le ceadúchán an Rialtais. Cuirfidh sin go mór le scileanna agus le taithí i roinnt réimsí éagsúla, rud a fheabhsóidh an eagraíocht.

Bunchlár do Ghardaí faoi Oiliúint is ea   an B.A sa Phóilíneacht Fheidhmeach. Reáchtáiltear an Clár Oiliúna seo thar 104 seachtain agus is féidir B.A sa Phóilíneacht Fheidhmeach a ghnóthú. Bíonn an chéad tréimhse 34 seachtain, lena n-airítear saoire coicíse, ar siúl i gColáiste an Gharda Síochána. Déantar an chuid eile den chúrsa ina dhiaidh sin i Rannóga áirithe den fhórsa.