Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Rannpháirtíocht sa phobal

Community Pic 8

Tá an rannpháirtíocht i gcroílár na Póilíneachta.

Tá se mar aidhm ag an bpóilíneacht phobail a nGarda féin a chur ar fáil do dhaoine i gceantair áirithe. Is cineál póilíneachta í an Phóilíneacht Phobail atá réamhghníomhach, réiteachbhunaithe agus dírithe ar an bpobal.

Tugadh isteach í i mí na Samhna 1987 agus leathnaíodh amach í chun nach mór gach limistéar uirbeach a chuimsiú.

Tarlaíonn an phóilíneacht phobail nuair a bhíonn na Gardaí, baill den phobail agus gníomhaireachtaí reachtúla agus deonacha ag oibriú i gcomhar lena chéile chun na rudaí seo a leanas a bhaint amach:

• Coireacht a chosc

• Iompraíocht fhrithshóisialta a chosc

• Ag déanamh an eagla roimh an choireacht a laghdú

• Réiteach fadhbanna idirghníomhaireachta a chur chun cinn

• Ciontóirí a thabhairt faoi réim an cheartais

• Cáilíocht na beatha a fheabhsú ar an iomlán

Cuspóirí na Póilíneachta Pobail

• Chun a nGarda féin a thabhairt do dhaoine i gceantar, duine ar féidir leo gnáthimeachtaí laethúla a phlé agus lena mbíonn caidreamh pearsanta láidir agus tacúil acu.

• Chun cabhrú le daoine a chónaíonn i gceantar an choireacht a chosc trí thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh choiscthe amhail na scéimeanna Faire Comharsanachta agus Pobal ar Aire.

• Chun oibriú le gníomhaireachtaí sóisialta eile sa cheantar chun cabhrú leis an gcoireacht agus an loitiméireacht a chosc.   Tá teacht ar na Treoirlínte maidir le Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh ar Chlib Oifig Idirchaidrimh an Gharda Síochána d’Íospartaigh.

Leabhar Dathúcháin an Gharda Síochána

** Tabhair faoi d’aire go gcaithfear gach ceist a bhaineann le cúrsaí póilíneachta pobail a chur ar lucht stáisiún áitiúil an Gharda Síochána.

Má tá ceist shonrach agat maidir le Múnla Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Pobail, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifig Náisiúnta na Póilíneachta Pobail ag na sonraí seo thíos:

Oifig Náisiúnta na Póilíneachta Pobail

Biúró an Gharda Síochána um Rannpháirtíocht sa Phobal

Ceanncheathrú an Gharda Síochána

Sráid Fhearchair

Baile Átha Cliath 2 D02 DH42

Tel: +353 1 666 3806/08/09

Cairt an Gharda Síochána  “Ag Obair lenár bPobail”

Is féidir Cairt an Gharda Síochána a íoslódáil ón leathanach seo i mBéarla, i nGaeilge agus i roinnt teangacha eile – úsáid na naisc ar thaobh na láimhe deise.

Leagtar amach i gCairt an Gharda Síochána tiomantas an fhórsa do mhacántacht, cuntasacht, meas agus gairmiúlacht gach Garda a bhíonn ag déileáil leis an bpobal.

Forbraíodh an Chairt mar bhealach chun ár dtiomantas don chaidreamh atá againn leis na daoine a mhaireann in, a oibríonn in, agus a thaistilíonn chuig, ár bpobail ar fud na tíre.

Leagtar amach i gCairt an Gharda Síochána na gealltanais thábhachtacha atá tugtha againn do bhaill an phobail. Leanfaimid orainn ag obair le baill an phobail, agus le comhlachtaí reachtúla agus deonacha, chun an choireacht agus iompar frithshóisialta a chosc, chun an eagla roimh an choireacht a laghdú, chun réiteach fadhbanna idirghníomhaireachta a chur chun cinn, chun ciontóirí a thabhairt faoi réim an cheartais agus chun cáilíocht na beatha a fheabhsú ar an iomlán i bpobail ar fud na hÉireann.

Leagtar amach sa Chairt gealltanas go gcaithfidh Gardaí le baill an phobail ar bhealach gairmiúil, cothrom, oscailte agus macánta, agus iad ag glacadh le cuntasacht pearsanta agus ag déanamh cuntasacht phoiblí a chinntiú.

Tabharfar aitheantas ar leith ar thosaíochtaí agus riachtanais pobail áitiúla agus déanfar dianiarracht na pobail sin a dhéanamh sábháilte chun maireachtáil iontu, chun cuairt a thabhairt orthu agus chun bheith ag obair iontu.

Aithnítear leis an gCairt an ról lárnach atá ag an bpóilíneacht phobail in obair laethúil an Gharda Síochána. Tá an pobal i gcroí lár gach a dhéanaimid ós rud é gurb é ár gcaidreamh leis an bpobal an buntáiste is mó atá againn i ndáil le coireacht a chosc agus a aimsiú, agus sábháilteacht na ndaoine a chosaint. Leis sin, bímid in ann teacht ar réitigh áitiúla ar fhadhbanna áitiúla, agus slándáil agus sábháilteacht a uasmhéadú inár sochaí.

Cá gheobhaidh mé cóip de Chairt an Gharda Síochána?

Tá an Chairt ar fáil anseo le híoslódáil (úsáid na naisc ar thaobh na láimhe deise den leathanach) i mBéarla, i nGaeilge agus i roinnt teangacha eile. Tá an Chairt ar fáil in Braille ón Cigire san Aonad Beartais & Pleanála. Teil: 01 666 7474  Beidh cóipeanna de Chairt an Gharda Síochána ar fáil freisin i Stáisiúin na nGardaí ar fud na tíre. Cliceáil anseo chun teacht ar shonraí teagmhála do Stáisiún Gardaí áitiúil.