Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Pobal ar Aire

Cad is Pobal ar Aire ann?

Is éard atá sa chlár Pobal ar Aire ná clár sábháilteachta pobail le haghaidh daoine faoin tuath, a leagann béim faoi leith ar dhaoine breacaosta agus ar dhaoine leochaileacha. Feidhmíonn sé mar chomhpháirtíocht idir an pobal, an Garda Síochána agus Muintir na Tíre. Tá sé bunaithe ar phrionsabal na freagrachta comhroinnte maidir leis an gcoireacht a chosc agus a laghdú. 

Cad iad cuspóirí an Chláir Pobal ar Aire?

• An próiseas forbartha pobail a chothú
• Laghdú a dhéanamh ar dheiseanna chun coireanna a dhéanamh
• Pobail a thabhairt le chéile de mheon na dea–chomharsanúlachta agus na seirbhíse pobail       
• Cláir a fhorbairt chun caighdeán an beatha a fheabhsú do chách i ngach pobal tuaithe

Conas a dhéanfaidh mé Grúpa Pobal ar Aire a bhunú?

Chun grúpa a bhunú i do cheantar féin, déan teagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil nó an tOifigeach Forbartha Phobal ar Aire de chuid na heagraíochta Mhuintir na Tíre i do cheantar áitiúil (Teil: 062-51163 nó féach ar liosta Oifigigh Forbartha). D’fhéadfadh grúpa a bhunú mar fhreagairt ar éileamh an phobail nó mar thoradh ar theagmháil ón nGarda Síochána. Tá sé tábhachtach stocaireacht a dhéanamh ar dhaoine a chónaíonn go háitiúil maidir lena dtacaíocht agus a rannpháirtíocht a fháil sula mbunófar grúpa sa cheantar.
 

Cad iad na róil éagsúla i nGrúpa Pobal ar Aire?
De ghnáth, áirítear ina measc siúd:
• Coiste Pobal ar Aire - Déanann an coiste seo an Grúpa a bhainistiú agus ba cheart go mbeadh comhalta pobail ar an gcoiste ó gach baile fearainn sa cheantar.
• Comhordaitheoir Ceantair Pobal ar Aire - Déanfaidh an Coiste Pobal ar Aire an Comhordaitheoir a cheapadh nó a thoghadh agus cothóidh an comhordaitheoir dlúth-theagmháil le hOifigeach Idirchaidrimh an Gharda Síochána  .
• Comhaltaí Pobal ar Aire - Feidhmeoidh Pobal ar Aire go héifeachtúil nuair a bheidh gach comhalta páirteach ar bhonn gníomhach ann. Cuirfidh do ghníomhaíochtaí agus do thacaíocht le rath an Ghrúpa. Ná fág faoi dhaoine eile é!

Cén ionchur a bhíonn ag an nGarda Síochána i Scéimeanna Pobal ar Aire?
Cé gur clár comhpháirtíochta idir an Garda Síochána agus Muintir na Tíre é Pobal ar Aire, tá an Garda Síochána iomlán tiomanta ag gach leibhéal do thacaíocht a thabhairt do bhunú agus feidhmiú grúpaí Phobal ar Aire, agus iad a chur chun cinn.

• Cuirfear Pobal ar Aire san áireamh i bPleananna Bliantúla Ceantair agus Roinne um Póilíneachta, chomh maith le táscairí feidhmíochta maidir le acmhainn iomlán an chláir chomhpháirtíochta seo a bhaint amach.
• Cuirfidh an Garda Síochána an t-ábhar acmhainní go léir (leabhráin, greamáin fuinneoige, foirmeacha suirbhé agus foirmeacha riaracháin ghaolmhara) ar fáil, chomh maith le hábhar iomchuí um chur chun cinn.
• Tá an Garda Síochána tiomanta d’athbhreithniú náisiúnta eile a dhéanamh ar an scéim Phobal ar Aire in 2011.
• Bunóidh bainisteoirí sinsearacha an Gharda Síochána Comhchoistí Ceantair agus Roinne Phobal ar Aire, i gcomhar leis an Oifigeach Forbartha iomchuí Phobal ar Aire.