Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Feachtas ‘Glasáil agus Soilsigh’

Feachtas frithbhuirgléireachta is ea ‘Glasáil agus Soilsigh’ a thugann spreagadh d’úinéirí tí a dtithe a chosaint i rith mhíonna an gheimhridh, nuair a thagann méadú go traidisiúnta ar bhuirgléireacht.

Tá an feachtas mar chuid d’Oibríocht Thor, tionscnamh náisiúnta il-snáithe frith-choireachta a dhíríonn go gníomhach ar bhuíonta coireachta eagraithe agus ar athchiontóirí. Bíonn raon leathan forfheidhmithe, cosc ar choireacht agus beart feasachta poiblí ag baint léi.

Tá laghdú suntasach tagtha ar bhuirgléireachtaí baile ar fud na hÉireann ó seoladh Oibríocht Thor don chéad uair i mí na Samhna 2015. I rith mhíonna an gheimhridh, cuimseoidh gníomhaíocht spriocdhírithe ar fud ranna an Gharda Síochána seicphointí, patrólú méadaithe i in áiteanna ina dtarlaíonn go leor buirgléireachta, agus soláthar comhairle éifeachtach agus úsáideach um chosc na coireachta. Beidh an Garda Síochána ag obair chomh maith lena chomhpháirtithe ar thionscnaimh ar nós Foláireamh Téacs, agus gan deis a thabhairt do choirpigh an gréasán bóithre a úsáid.

Lock Up Light Up

Léiríonn sonraí ó Sheirbhís Anailíse an Gharda Síochána go dtarlaíonn aon trian de chásanna buirgléireachta tríd an doras tosaigh - agus an chuid is mó de bhuirgléirí ag baint úsáide as a gcolainneacha féin le briseadh isteach sa teach. Seo a leanas roinnt de na príomhthorthaí eile:

Lock Up Light Up Flyer

  • Díríonn buirgléirí go minic ar chúldhoirse (26%), cúlfhuinneoga (24%) agus fuinneoga tosaigh (8%), agus ceann amháin as gach cúig chás bainteach le buirgléir ag fáil rochtaine trí dhoras nó trí fhuinneog nach bhfuil glas air.
  • Seodra agus airgead tirim na rudaí is coitianta a ghoidtear, agus €600 meánluach na n-earraí a thógtar.
  • Tá ríomhairí, fóin phóca, teilifíseáin agus consóil chluichí i measc na n-earraí is mó a ghoidtear.
  • Tarlaíonn beagnach leath de chásanna buirgléireachta (46%) idir 5pm agus 11pm.
  • Tá an cleachtas ar a dtugtar 'iascaireacht', nuair a iascann buirgléirí eochracha cairr tríd an mbosca litreacha, fós ina fhadhb agus is iad réigiúin Bhaile Átha Cliath is mó a bhíonn i mbaol.
  • Bíonn sé an-dian ar theaghlach nuair a tharlaíonn buirgléireacht. Tá an Garda Síochána ag súil má ardaítear feasacht maidir le bearta simplí chun coireacht a chosc, mar shampla ‘glasáil agus soilsiú’, nach mbeidh ar an oiread céanna teaghlach a bheith ag fulaingt an geimhreadh seo.

  • Má tá úinéirí tí ag dul amach, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil duine éigin ag an baile - ‘Glasáil agus Soilsigh’. Bain úsáid as amadóirí chun soilse a chur ar siúl, cuir glas ar na doirse agus na fuinneoga go léir, ná stóráil eochracha i ngar d’fhuinneoga nó do bhoscaí litreacha, agus bain úsáid as d’aláram.

  • Má ghlactar na céimeanna simplí sin, ní bheidh do theach chomh leochaileach, díspreagfar buirgléirí agus cosnófar do theach.