Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ceisteanna Coitianta

Cén cuspóir atá ag an Acht um Shaoráil Faisnéise?

Cuireann an tAcht um Shaoráil Faisnéise,2014 ar chumas don phobal rochtain níos fearr a fháil ar thaifid a bhaineann le feidhmiú Chomhlachtaí Rialtasacha agus chomhlachtaí poiblí, lena n-áirítear an Garda Síochána. Féachann sé le hoscailteacht agus le trédhearcacht feabhsaithe a chur ar fáil; le freagracht a mhéadú agus le cáilíocht cinnteoireachta chomhlachtaí FOI a fheabhsú.

Faoi réir an Achta, tugtar ar chomhlachtaí FOI, freagra a thabhairt ar iarratais ón bpobal i leith thaifid a shealbhaíonn siad. I bhformhór na gcásanna, caithfidh comhlachtaí poiblí cinneadh a thabhairt maidir le hiarratas laistigh de 20 lá oibre ón dáta a bhfaightear é. Ina theannta sin, de réir an Achta, caithfidh siad oiread faisnéise is féidir a fhoilsiú mar chúrsa gnáthaimh lasmuigh de FOI.

Cad iad na cearta a dheonaíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise?

Ón 21 Aibreán 2008 (dáta éifeachtacht), faoi réir an Achta, tá na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:

  • Ceart rochtana ar thaifid oifigiúla a shealbhaíonn Ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí eile de réir mar a shainmhínítear san Acht
  • Ceart faisnéis phearsanta atá i seilbh na gcomhlachtaí a bheith ceartaithe agus athbhreithnithe má bhíonn sé neamhiomlán mícheart nó míthreorach.
  • Ceart go gcuirtear in iúl na cúiseanna a bhaineann le cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí agus a mbíonn tionchar acu ar an duine

Forálann na Rialacháin go mbíonn sé de cheart ag tuismitheoirí, ag caomhnóirí agus ag neasghaoil na cearta seo a fheidhmiú i gcúinsí áirithe.

Ta roinnt díolúintí san Acht ar féidir srian a chur ar an fhaisnéis a chuirtear ar fáil. Faoin Acht, tá an Garda Síochána liostáilte mar ghníomhaireacht a chuimsítear go páirteach agus ar an ábhar sin ní féidir leo ach taifid a bhaineann le hAcmhainní Daonna, le hAirgeadas agus le Soláthar, a chur ar fail.

Tá na díolúintí mar a leagtar amach iad san Acht le fail anseo.

Cén cineál faisnéise ar féidir liom a lorg ón nGarda Síochána?

Bhí an Garda Síochána ar cheann de na comhlachtaí a áiríodh mar “ghníomhaireachtaí a chuimsítear go páirteach” faoin Acht FOI. Ciallaíonn sin nach féidir ach taifid de chineál áirithe a mheas faoin Acht. I gcás an Gharda Síochána, cuirtear srian faoin Acht ar rochtain ar na feidhmeanna nó ar na próisis a bhaineann le riarachán nó le bainistíocht na heagraíochta.

De réir an Achta, ní áirítear taifid a bhaineann le feidhmeanna eile an AGS, leithéidí imscrúdú ar choiriúlacht.

Ceisteanna Coitianta eile ar an suíomh….