Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ag Daingniú do theach

Garda Burglary Infographic Winter 2017

SLÁNDÁIL SA BHAILE

Na 5 nod is fearr do chosc na Buirgléireachta

1. Daingnítear gach Comhla dorais agus Fuinneog

2. Soilsítear do Bhaile, baintear leas as laisc uaineadóra nuair a mhúchtar é

3. Stóráiltear Eochracha go sábháilte agus i dtaisce ó fhuinneoga agus boscaí litreach

4. Cuirtear sonraí d’Earraí luachmhara i dtaifead agus ná coinnítear suimeanna móra Airgid sa bhaile

5. Baintear leas as d’Aláram, fiú féin nuair a bhíonn tú sa bhaile

Comharthaí Folmha

Tarlaíonn móramh na mbuirgléireachtaí i dtithe gan chónaí. Is iad seo a leanas roinnt de na nithe a mbíonn an buirgléir ag faire amach dóibh:

• Soilse ar bith adhainte istoíche, nó díreach soilse ‘marbha’ adhainte (póirse, halla)

• Soilse adhainte go síoraí isló

• Dallóg tarraingthe anuas, nó cuirtíní tarraingthe trasna isló

• Carnadh páipéar agus/nó fógrán sa bhosca litreacha

• Carnadh litreacha sa halla nó sa phóirse infheicthe ón taobh amuigh

• Carnadh bainne ar leac an dorais

• Geataí tosaigh dúnta agus carr ar bith sa chabhsa

• Nótaí fágtha do na seachadóirí nó do ghlaoiteoirí

• Faiche gan lomadh agus gairdín míshlachtmhar

Is daoine iad na buirgléirí a thapaíonn deiseanna, agus roghnóidh siad an sprioc is fusa ar féidir leo a fháil.  Ná tugtar cúnamh dóibh ach:

• Fuinneog ar bith a fhágáil ar oscailt.  Déanann roinnt daoine amhlaidh don aeráil, ag ligean i ndearmad go dtapóidh buirgléirí an oscailt is lú.

• Doirse seachtracha a fhágáil gan bheith faoi ghlas.

• Eochair a fhágáil ar théad, faoi mhata dorais, nó in ‘áit folaigh dheas’ éigin eile lasmuigh.

• Mainneachtain chun doirse taobhach a dhaingniú, ag ligean do shlí.isteach chun cúl an áitribh, ar leochailí d’ionsaí iad.

• Mainneachtain chun garáistí agus seideanna a ghlasáil.  Ní hamháin go bhfaightear iontu maoin luachmhar, ach na huirlisí ar féidir leo cuidiú leis an mbuirgléir rochtain a fháil ar do bhaile.

 Doors   Doirse

Is fearr le buirgléirí dul isteach i mbailte trí dhoras toisc gurb é an doras an bealach éalaithe is tapa má chuirtear isteach orthu.

Braithfidh an dóchúlacht go bhfaighidh ionróir slí isteach ar do bhaile trí na doirse seachtracha ar -

• ar thréine an ábhair thógála

• ar cháilíocht na nglasanna

• ar chuífheistiú agus cuíshuiteáil

Má bhíonn tú ag athchur do dhoirse, ba cheart duit machnamh faoi dhoirse atá tar éis pas a fháil sna tástálacha slándála dochta úd, ar nós PAS 24 2016, nó i leith leibhéal slándála níos airde, doirse a shásaíonn Caighdeán Slándála Frithsheasmhach in aghaidh Buirgléirí de chuid na hÉireann & an AE IS EN 1627:2011.

Féadfar glasanna agus teorantóirí breise a chur leo i gcomhair slándála breise. Meabhraigh chun do dhoirse a chur faoi ghlas. Téann buirgléir amháin as gach cúigear isteach i mbaile trí mheán dorais nó fuinneoige nach mbíonn faoi ghlas.

Cliceáil anseo i gcomhair a thuilleadh eolais faoi dhoirse

Windows Fuinneoga

Glactar go forleathan leis gur féidir leis an soilsiú iomchuí cuidiú chun coireacht a laghdú agus chun feidhmiú mar dhíspreagadh do bhuirgléirí. Braithfidh leochaileacht na fuinneoige féin ar thrí phríomhfhachtóir:

• Inrochtaineacht na fuinneoige

• Cáilíocht an mhonaraithe, neart agus shuiteáil na fuinneoige

• Infheictheacht na fuinneoige do chomharsana nó do dhaoine ag gabháil thar bráid

Is féidir linn a mealltacht a laghdú mar phointe iontrála don bhuirgléir ach iarracht a dhéanamh chun na gnéithe riosca sin a íoslaghdú.

Moltar fuinneoga déantúsaithe chun cloíú leis an gCaighdeán Eorpach I.S. EN 1627:2011 nó leis an gcaighdeán slándála Briotanach do dhoirse & fuinneoga PAS 24-2016 nó a chomhionann, óir gur cuireadh iad faoi thástálacha frithsheasmhacha sonracha slándála agus buirgléirí.

Féadfar glasanna agus teorantóirí breise a chur leo i gcomhair slándála breise. Meabhraigh chun d’fhuinneoga a chur faoi ghlas. Téann buirgléir amháin as gach cúigear isteach i mbaile trí mheán dorais nó fuinneoige nach mbíonn faoi ghlas.

Cliceáil anseo i gcomhair a thuilleadh eolais faoi fhuinneoga.

Lighting Soilsiú

Glactar go forleathan leis gur féidir leis an soilsiú iomchuí chun an choireacht a laghdú agus chun feidhmiú mar dhíspreagadh éifeachtach do bhuirgléirí. Cuideoidh an soilsiú iomchuí chun is go mbeadh do bhaile ní b’infheicthe do chomharsana agus do dhaoine ag dul thar bráid; ag méadú na dóchúlachta dá réir chun teacht ar ionróirí agus treaspasóirí gan choinne. Cuidíonn an soilsiú freisin chun an eagla roimh an gcoireacht a laghdú.

Déan machnamh faoi gach aon cheann de na nithe seo a leanas nuair a shuiteáiltear soilsiú slándála

• Seachain cruthú scáileanna agus dorchadas

• Socraigh an feistiú soilse amach ó shíneadh láimhe

• Bíodh leibhéal solais chothrom mar aidhm agat

• Dírigh an ga solais go hiomchuí

• Déan machnamh faoi do chomharsana

• Seachaint truailliú soilse

.Cliceáil anseo i gcomhair a thuilleadh eolais faoi shoilsiú

Alarms Aláraim

Glactar go forleathan leis gur díspreagadh éifeachtach iad na haláraim ionróirí i gcoinne buirgléirí, ag cuidiú dá réir chun an dóchúlacht go ndíreofar ar do bhaile a laghdú. Tá sé tábhachtach ámh chun tuiscint nach ionadaí atá in aláram buirgléara don tslándáil fhisiciúil mhaith. Ba chóir go mbreathnófaí air mar chúltaca ina ionad sin do bhearta agus réamhchúraimí slándála fisiciúla agus eile maithe as a mbaintear leas chun do bhaile a chosaint.

Ba cheart go gcloífeadh gach aláram suiteáilte leis an gCaighdeán Eorpach EN 50131. Caitheann gach suiteálaí aláraim agus cuideachta aláram bheith ceadúnaithe anois leis an Údarás Slándála Príobháideach. Tá liosta de gach suiteálaí ceadúnaithe ar fáil ar a láithreán gréasáin. Tá sé tábhachtach chun an chaoi ina n-oibríonn do chóras aláraim a thuiscint.  Ba chóir go míneodh do shuiteálaí duit faoi oibriú an chórais, agus do gach ball eile de do theaghlach.  Éiligh seisiún traenála chun a ghnéithe a léiriú. Ná scríobh cóid aláram srl. sa lámhleabhar treoracha nó ar bhallaí nó doirse gar don aonad rialtáin nó don eochaircheap. 

Cliceáil anseo i gcomhair a thuilleadh eolais faoi aláraim bhuirgléireachta