Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Sábháilteacht ar Bhóithre

Traffic check point 1

Is é príomhfhreagracht  Bhiúró Póilíneachta um Bóithre Náisiúnta an Gharda Síochána (GNRPB) sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus gortuithe marfacha agus tromchúiseach ar bhóithre na hÉireann a laghdú.

Forfheidhmíonn Aonaid Oibriúcháin na gCór Tráchta atá bunaithe i ngach roinn den Gharda Síochána na polasaithe atá forbartha ag GNRPB. Is iad an dá phríomhthosca i bhfoirmiú beartas ná forfheidhmiú tosaíochta (feidhm Gharda beagnach go hiomlán) agus bainistíocht tráchta (freagracht roinnte le gníomhaireachtaí eile).

Road Safety landing page top right

Cór Tráchta an Gharda Síochána

Tá Cór Tráchta an Gharda Síochána tiomanta do reachtaíocht tráchta bóthair a fhorfheidhmiú agus do chuidiú le sruth tráchta.

Bunaíodh an chéad Aonad den Chór Tráchta i mBaile Átha Cliath i 1953 agus leathnaíodh é ar fud na tíre i 1973. Tá líon foirne reatha 640 ball den Gharda Síochána ag an gcór ar an 31 Deireadh Fómhair 2017.

As na himbhuailtí tráchta ar fad a tharlaíonn ar fud na tíre gach bliain, is féidir breis is 90% a chur i leith toisce amháin, an "toisc daonna". Is iad na botúin a dhéanaimid féin mar úsáideoirí bóthair  an chúis a mharaítear agus a ghortaítear an oiread sin ar ár mbóithre. Baineann níos lú ná 10% de gach timpiste le tosca seachtracha ar nós lochtanna bóthair, coinníollacha aimsire, lochtanna feithiclí, srl. Sainmhínítear úsáideoir bóthair mar dhuine ar bith a úsáideann an bóthar: tiománaithe, paisinéirí, coisithe, rothaithe, gluaisrothaithe nó paisinéirí cúlóige.

Is toisc é luas sa tríú cuid d’imbhuailtí marfacha in Éirinn.

Ní sprioc í luasteorainn . Is é an luas uasta ar a bhfuil tú i dteideal tiomáint ar stráice bóthair. Caithfidh tú tiomáint ar luas is cuí do choinníollacha bóthair agus aimsire, don mhéid tráchta atá ann agus don dóchúlacht go mbeidh guaiseacha ann. Is iad seo na tosca riachtanacha go léir a chaithfidh tiománaithe a chur san áireamh gach uair a thiomáineann siad. Nuair a dhéanann  tiománaithe neamhaird ar na tosca sin, fiú ag taisteal faoi luasteorainn áirithe, d'fhéadfadh go dtarlódh sé go héasca i mbaol timpiste féideartha. D'fhéadfadh go mbeadh tionchar ollmhór ag moilliú beag ar do luas ar an toradh na timpiste duit féin nó do dhaoine eile.

Is iad na huasteorainneacha luas in Éirinn (i gciliméadar san uair):Teddys2 sm

• 30km/u Limistéir le húsáideoirí soghonta bóthair (coisithe, rothaithe agus gluaisrothaithe)

• 50km/u Limistéir uirbeacha a bhfuil an-chuid foirgneamh ann

• 60km/u Mórbhóithre isteach nó bealaí trí chathracha agus trí bhailte

• 80km/u Bóithre tánaisteacha nó réigiúnacha

• 100km/u Príomhbhealaí náisiúnta

• 120km/u Mótarbhealaí

Moilligh agus sábháil beatha

Tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí:

Is é 50mg d’alcól in aghaidh 100 ml d’fhuil an uasteorainn alcóil do thiománaithe in Éirinn, i gcás "tiománaithe sonraithe” áfach, tá teorainn níos ísle 20mg alcóil in aghaidh  100ml d'fhuil i bhfeidhm. Áirítear ar "tiománaí sonraithe" tiománaithe faoi oiliúint, tiománaithe nuacheadúnaithe, tiománaithe gairmiúla agus tráchtála.

Is cion é feithicil a thiomáint, iarracht a dhéanamh feithicil a thiomáint nó a bheith i bhfeighil feithicle in Éirinn mura bhfuil smacht ceart agat ar an bhfeithicil mar gheall ar alcól nó ar dhrugaí. Cuimhnigh go dtógann sé thart ar 1 uair an chloig do gach aonad alcóil dul tríd chóras an ghnáthduine. 1 aonad = leath pionta beorach, gloine bheag bhiotáille nó gloine bheag fíona.

Is cion reachtúil é tiomáint faoi thionchar drugaí (DUID) in Éirinn ó tugadh isteach an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961. Deir an tsainmhínithe dhlíthiúil nach féidir le dhuine a bheith lagaithe (trí alcól, trí dhrugaí nó aon mheascán dóibh) agus é/í i bhfeighil feithicil inneallghluaiste. Ón 13 Aibreán 2017, tá sé de chumhacht ag an nGarda Síochána sreabhach ó bhéal tiománaithe a thástáil le haghaidh Cannabais, Cócaoin, Codlaidíneach (m.sh. Moirfín agus beinsidhé-asaipíní (mar shampla, Valium) ar thaobh an bhóthair nó i stáisiún Garda. Déanfar an tástáil drugaí seo  le gléas tástála drugaí Drager 5000.

Caith do chrios ar Gach Turas.

 

Ní raibh aon chrios sábháilteachta a chaitheamh ag am an imbhuailte ag thart ar aon chúigiú de dhaoine a fuair báis i  bhfeithiclí. Is é an úsáid crios an fhoirm is bunúsaí de shábháilteacht bhóithre. Caithfidh gach tiománaí agus paisinéir feithicle crios sábháilteachta a chaitheamh. Tá sé de fhreagracht ar thiománaithe a chinntiú go gcaithfidh daoine faoi bhun 17 mbliana a c(h)rios sábháilteachta. Caithfear leanaí a iompar faoi shrian cuí leanaí. Sábhálann criosanna sábháilteachta beatha.

 

Fóin Phóca:

Is cion pionóis muirir sheasta é fón póca láimhe a úsáid agus tú ag tiomáint. Bí cúramach le gléasanna leictreonacha eile a úsáid agus tú ag tiomáint - mar is féidir le rud ar bith a chuireann isteach ar d’aird bóthair a bheith contúirteach. Is é an dara cion is airde a bhraitear gach bliain ná fón póca a úsáid agus daoine ag tiomáint.

 

Tuirse:

Creidtear go bhfuil tuirse ina toisc i gcás 1 as 5 imbhuailte mharfacha in Éirinn. Ná déan neamhaird ar éifeachtaí tuirse.

• Má bhraitheann tú tuirseach, tóg sos ón tiomáint - is féidir le néal codlata 15 go 20 nóiméad cabhrú;

• Má tá tú ag pleanáil tiomáint fhada, faigh oíche maith codlata an oíche roimpi;

• Seachain alcól nó leigheasanna a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le codlatacht;

Smaoinigh ar an tiomáint a roinnt.

 

An tAonad Sábháilteachta ar Bhóithre

Is í móraidhm an Aonaid um Shábháilteacht ar Bhóithre ná laghdú ar bhásanna bóthair agus gortuithe tromchúiseacha a bhaint amach agus feabhas a chur ar shábháilteacht bhóithre i gcoitinne.

Bunaíodh an tAonad in 2001 agus tá sé lonnaithe i mBiúró Póilíneachta Bóithre Náisiúnta an Gharda Síochána, an pobal lena n-áirítear: -

• Scoileanna agus coláistí

• Clubanna Óige

• Saoránaigh Shinsearacha

• Eagraíochtaí áitiúla
Grúpaí tionscail

Tá cur i láthair an Aonaid “Ní tharlóidh sé domsa”  do mheánscoileanna, ar shiollabas na hIdirbhliana. Cuireann an tAonad faisnéis faoi shábháilteacht ar bhóithre ar fáil ag mórthaispeántais phoiblí ar nós Taispeántas na nEolaithe Óga, Taispeántas Ideal Homes, An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta  agus seónna gluaisteán agus gluaisrothar éagsúla.

 

Téigh i dteagmháil leis an Aonad um Shábháilteacht ar Bhóithre ag: -

An tAonad Sábháilteachta ar Bhóithre

An Garda Síochána

Biúró Póilíneachta Bóithre Náisiúnta an Gharda Síochána

Ceanncheathrú an Gharda Síochána

Páirc an Fhionnuisce

Baile Átha Cliath 8 D08 HN3X.

R-phost: Road_safety@garda.ie

Crimecall

Pléann  foireann an Chláir Crimecall  sábháilteacht ar bhóithre ar gach clár míosúil. Fáiltíonn an t-aonad roimh mholtaí maidir le topaicí ar cheart iad a chlúdach nó roimh fhiosruithe maidir le reachtaíocht um Thrácht ar Bhóithre agus Sábháilteacht ar Bhóithre. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad ag an seoladh ríomhphoist thíos nó trí crimecall@garda.ie.

Bunaíodh an biúró i 1997 chun beartas a cheapadh agus maoirseacht a dhéanamh maidir le póilíneacht tráchta ar fud an stáit. Tá sé faoi cheannas an Choimisinéara Chúnta Michael Finn agus tá sé lonnaithe i gCeanncheathrú an Gharda i bPáirc an Fhionnuisce.

Físeán ar Seicphointí don Tástáil Alcóil Shainordaitheach (MIT)

Tá roinnt Ceisteanna Coitianta Tráchta ar fáil anseo.

Suíomhanna úsáideacha sábháilteachta ar bhóithre:

www.rsa.ie

Cionta lena ngabhann pointí pionóis