Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Líonra Ceamaraí Sábháilteachta

Úsáideann na Gardaí raon teicneolaíochta luasbhraite chun luas a laghdú ar bhóithre na hÉireann. Mar thoradh ar laghdú luais beidh laghdú ar líon na ngortuithe marfacha agus tromchúiseacha agus feabhsóidh sé sábháilteacht ar bhóithre do gach úsáideoir bóithre.

Táimid ag obair go dlúth le gníomhaireachtaí comhpháirtíochta éagsúla, lena n-áirítear Ranna Rialtais, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, agus an pobal, d'fhonn cultúr náisiúnta d'úsáid shábháilte bhóithre a fhorbairt.

Soláthraíonn GoSafe íosmhéid 6,000 uaireanta forfheidhmithe agus uasmhéid de 1,475 uair an chloig suirbhé in aghaidh na míosa ar fud na tíre. Maidir leis na 6,000 uaireanta forfheidhmithe, oibreofar na ceamaraí ó veaineanna atá marcáilte le hábhar ard-infheictheachta frithchaiteach agus taispeánfar siombail ceamara sábháilteachta. Tá íomhánna de na veaineanna ar fáil ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo. Déanfar na huaireanta suirbhé chur i bhfeidhm ó veaineanna gan mharcáil, chun na luasanna ar a bhfuil feithiclí ag taisteal faoi láthair a bhrath agus iad a thaifeadadh go cruinn, chun críocha suirbhé amháin.

Is iad na codanna den ghréasán bóithre a leanas na codanna a mbeidh an Garda Síochána ag díriú ár bhforfheidhmiú orthu go príomha. Úsáidfimid raon trealaimh mar shampla:

  • Luasbhraiteoir léasair láimhe agus tríchosaigh
  • Trealamh Luasbhraite Puma suite ar fheithiclí (idir fheithiclí marcáilte agus fheithiclí gan mharcáil)
  • Radar luasbhraite uathoibríoch suite ar veaineanna (Garda á n-oibriú)
  • Veaineanna Go-Safe (Sibhialtaigh á n-oibriú)