Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Drugaí

An Straitéis Náisiúnta Drugaí

Seo é straitéis na hÉireann chun díobháil a laghdú agus tacú le hathshlánú ar freagra bunaithe ar shláinte é ina leagtar amach straitéis an Rialtais chun dul i ngleic leis an díobháil a chruthaíonn mí-úsáid substaintí inár sochaí suas go dtí 2025.

Comhairle do Thuismitheoirí

Comhairle má tá imní ortsa mar thuismitheoir / chaomhnóir maidir le mí-úsáid drugaí

Imeaglú a Bhaineann le Drugaí

Má tá tusa nó duine éigin a bhfuil aithne agat air ag fulaingt ó imeaglú de bharr drugaí, tá cabhair agus tacaíocht ar fáil. Tugann an Clár Tuairiscithe ar Imeaglú a bhaineann le Drugaí freagra ar na riachtanais a bhíonn ag daoine agus ag baill theaghlaigh a bhíonn ag fulaingt ó imeaglú a bhaineann le drugaí.

Substaintí Rialaithe

Áirítear le drugaí rialaithe táibléid áirithe agus cógais eile is féidir a cheannach ar oideas. Mar sin féin má tá druga rialaithe ina sheilbh ag duine gan oideas le haghaidh úsáid phearsanta nó chun iad a dhíol nó a sholáthar tá siad ag déanamh cion faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 arna leasú

FAQ

Current initiatives   - NDS

Cad é féin? 

Seo é straitéis na hÉireann chun díobháil a laghdú agus tacú le hathshlánú ar freagra bunaithe ar shláinte é ina leagtar amach straitéis an Rialtais chun dul i ngleic leis an díobháil a chruthaíonn mí-úsáid substaintí inár sochaí suas go dtí 2025. Aithnítear sraith príomhghníomhaíochtaí sa straitéis a sheachadfar idir 2017 agus 2020 agus tugtar deis gníomhaíochtaí breise a fhorbairt ón mbliain 2021 – 2025 chun dul i ngleic leis na riachtanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn níos déanaí i saolré na straitéise. Ciallaíonn mí-úsáid substaintí an úsáid dhíobhálach nó ghuaiseach a bhaintear as substaintí sícighníomhacha lena n-áirítear alcól, drugaí mídhleathacha agus mí-úsáid cógas ar oideas. 

Cad a dhéanfaidh An Garda Síochána?

  • Déanfaidh siad meastóireacht ar an gClár Tuairiscithe um Imeaglú a Bhaineann le Drugaí chun éifeachtacht an chláir a neartú agus feasacht phoiblí a mhéadú (curtha i gcrích)
  • Breithneoidh siad an cás maidir le ráitis tionchair pobail a úsáid le haghaidh an chórais ceartais coiriúil in Éirinn
  • Infheisteoimid i mbearta tógáil cumais chun tacaíocht a thabhairt do ról na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí ag déanamh monatóireachta ar mhargaí drugaí, go háirithe margaí nua drugaí agus an gréasán dorcha.
  • Oibreoimid ar an méid atá bainte amach ag Fóraim Phóilíneachta Áitiúla chun sásraí éifeachtacha a chur ar fáil chun caidrimh a fhorbairt agus a chothú idir AGS agus pobail áitiúla.

Tá tuilleadh eolais ar ghníomhaíochtaí gníomhaireachtaí comhpháirtíochta an Gharda Síochána ar fáil ag www.health.gov.ie

Cé leis is cosúil drugaí?

Níl aon bhealach ann chun substaintí neamhdhleathacha a aithint ach amháin trí anailís a dhéanamh orthu. Mar sin féin bíonn comharthaí ann ba cheart duit a thabhairt faoi deara:

  • Pacáistí beaga plaisteacha nó atá fillte (cumhdaithe) go mion
  • Scragall dóite agus spúnóga, snáthaidí agus buidéil bheaga
  • Substaint luibhe nó roisín soladach briosc, donn
  • Toitíní stróicthe
  • Líon beag piollairí, púdair nó leachtanna
  • Boladh deataigh milis láidir

Cén chaoi a n-aithneoidh mé duine atá ag tógáil drugaí?

Is minic go mbíonn sé deacair a dhéanamh amach an bhfuil duine ag tógáil drugaí toisc go mbíonn tionchar difriúil ag substaintí difriúla ar dhaoine. Mar sin féin, bíonn na comharthaí seo a leanas le feiceáil i gcuid mhaith cásanna:

Athruithe tobann ar ghiúmar agus ar iompar e.g. ó bheith sásta agus fuinniúil go dtí múisiamach agus cantalach
Patrúin chodlata neamhghnácha
Gan aon ghoile
Dúlagar
Easpa spreagthachta
Ag insint bréag agus ag goid airgid nó earraí
Rúnda faoi ghníomhaíochtaí agus cá bhfuil duine
Teacht abhaile déanach san oíche agus cairde nua, nach bhfuil aithne orthu

Tá imeaglú á dhéanamh orm mar gheall go bhfuil fiach drugaí le híoc agam féin nó ag ball de mo theaghlach.  Cad is féidir liom a dhéanamh?

Cá bhfaighidh mé cabhair chun tacú le baill den teaghlach le mí-úsáid substaintí?

Citywide.ie - Feachtas Géarchéime Drugaí ar fud na cathrach
Líne Chabhrach maidir le Drugaí/VEID Saorghlao 1800 459 459
Hrb.ie/ndc - Suíomh gréasáin an Bhoird Taighde Sláinte
Ionad Cóireála Drugaí Shráid Bhagóid 01 6602189
Drugs.ie - Suíomh gréasáin cuimsitheach um fhaisnéis maidir le mí-úsáid drugaí
Aisling Clinic, Ospidéal Ghort na Silíní 01 620 6010
Dtcb.ie - Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí
Clinic na Cathrach 01 8555310
Nacd.ie - An Coiste Comhairleach Náisiúnta maidir le Drugaí
Dolphin House 01 4540021
Emcdda.europa.eu - Lárionad Monatóireachta na hEorpa le haghaidh Drugaí agus Andúile Drugaí
Domville House 01 8620298
Hse.ie - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Tionscadal Ché na gCeannaithe 01 6790044
 
Cúirt na Tríonóide 01 6488600
 
An tSeirbhís Náisiúnta Comhairleoireachta Saorghlao 1800 235 234
 
Cóiríocht Éigeandála Saorghlao 1800 724 724
Tá eolaí cuimsitheach de sheirbhísí alcóil, drugaí agus seirbhísí gaolmhara ar fáil freisin ag na hoifigí áitiúla um chur chun cinn na sláinte. 

Tá ‘an Clár Tuairiscithe ar Imeaglú a Bhaineann le Drugaí’ bunaithe ag Aonad Náisiúnta Drugaí an Gharda Síochána agus ag an Líonra Náisiúnta Tacaíochta Teaghlaigh chun freagra a thabhairt ar na riachtanais atá ag úsáideoirí drugaí agus ag baill theaghlaigh atá ag fulaingt ó imeaglú a bhaineann le drugaí - tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

How can I prevent my child from becoming involved in drugs?

How can I tell if my child is drug dealing?

Can I speak to a Garda in complete confidence?

What do drugs look like?

There is no certain way to identify illegal substances except by analysis. However, signs to look out for include:
• Small plastic or elaborately folded wraps
• Burnt foil and spoons, syringes and small bottles
• Herbal substance or a solid, crumbly brown resin
• Shredded cigarettes
• Unusual pills, powders or liquids in small quantities
• Strong sweet smoky smell

National Drugs Strategy [linked to NDS Landing page below on page 4

Parental Advice [link to page 12]

Drug Related Intimidation [link to page 7]

Controlled Substances [link to page 11]

FAQ   [as per appendix A attached – same as questions that appear above

Current initiatives   - NDS [to be updated later]

Cad é féin? 

Seo é straitéis na hÉireann chun díobháil a laghdú agus tacú le hathshlánú ar freagra bunaithe ar shláinte é ina leagtar amach straitéis an Rialtais chun dul i ngleic leis an díobháil a chruthaíonn mí-úsáid substaintí inár sochaí suas go dtí 2025. Aithnítear sraith príomhghníomhaíochtaí sa straitéis a sheachadfar idir 2017 agus 2020 agus tugtar deis gníomhaíochtaí breise a fhorbairt ón mbliain 2021 – 2025 chun dul i ngleic leis na riachtanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn níos déanaí i saolré na straitéise. Ciallaíonn mí-úsáid substaintí an úsáid dhíobhálach nó ghuaiseach a bhaintear as substaintí sícighníomhacha lena n-áirítear alcól, drugaí mídhleathacha agus mí-úsáid cógas ar oideas. 

Cad a dhéanfaidh An Garda Síochána?

  • Déanfaidh siad meastóireacht ar an gClár Tuairiscithe um Imeaglú a Bhaineann le Drugaí chun éifeachtacht an chláir a neartú agus feasacht phoiblí a mhéadú (curtha i gcrích)
  • Breithneoidh siad an cás maidir le ráitis tionchair pobail a úsáid le haghaidh an chórais ceartais coiriúil in Éirinn
  • Infheisteoimid i mbearta tógáil cumais chun tacaíocht a thabhairt do ról na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí ag déanamh monatóireachta ar mhargaí drugaí, go háirithe margaí nua drugaí agus an gréasán dorcha.
  • Oibreoimid ar an méid atá bainte amach ag Fóraim Phóilíneachta Áitiúla chun sásraí éifeachtacha a chur ar fáil chun caidrimh a fhorbairt agus a chothú idir AGS agus pobail áitiúla.

Tá tuilleadh eolais ar ghníomhaíochtaí gníomhaireachtaí comhpháirtíochta an Gharda Síochána ar fáil ag www.health.gov.ie

Related Files:

AGS NDS Roadmap (1 pager) [awaited]
National Drugs Strategy 2017-2025
National Drugs Strategy 2009-2016
National Drugs Strategy 2001 - 2008

Cad is Imeaglú a Bhaineann le Drugaí?   

Tarlaíonn Imeaglú a Bhaineann le Drugaí nuair a dhéanann coirpeach nó coirpigh líomhain go bhfuil suim airgid ag dul dóibh mar gheall ar fhiach drugaí.  D’fhéadfaí imeaglú nó bagairt ar imeaglú a dhéanamh ar dhaoine aonair nó ar bhaill eile den teaghlach.  Is iomaí bealach ann le himeaglú a dhéanamh ar dhuine lena n-áirítear bagairtí, bagairtí ar fhoréigean fisiceach, foréigean fisiceach, damáiste do mhaoin, cineálacha éagsúla foréigin.  Bíonn teaghlaigh agus a ndaoine muinteartha thíos leis an imeaglú as sin amach.

Má tá tusa nó duine éigin a bhfuil aithne agat air ag fulaingt ó imeaglú de bharr drugaí, tá cabhair agus tacaíocht ar fáil. Tugann an Clár Tuairiscithe ar Imeaglú a bhaineann le Drugaí freagra ar na riachtanais a bhíonn ag daoine agus ag baill theaghlaigh a bhíonn ag fulaingt ó imeaglú a bhaineann le drugaí. 

Cad é an Clár Tuairiscithe ar Imeaglú a Bhaineann le Drugaí?

Bhunaigh Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe agus an Líonra Náisiúnta Tacaíochta Teaghlaigh an clár seo. Is é aidhm an chláir freagra a thabhairt ar na riachtanais a bhíonn ag daoine agus ag baill theaghlaigh a bhíonn ag fulaingt ó imeaglú a bhaineann le drugaí.  Tá Cigire Garda ainmnithe i ngach Rannán de chuid an Gharda Síochána chun freagairt don tsaincheist a bhaineann le himeaglú de bharr drugaí.  Is féidir le daoine aonair agus le baill theaghlaigh atá ag fulaingt ó imeaglú dul i dteagmháil leis an gCigire áitiúil trína Stáisiún Gardaí áitiúil le haghaidh cruinniú neamhfhoirmiúil nó foirmiúil.

Cá bhfaighidh mé cabhair?

Déarfaidh An Garda Síochána leat is cuma cibé an bhfuil na fiachais sin íoctha ag teaghlach nó duine muinteartha leat nó nach bhfuil, nár chóir go gcuirfeadh sé sin cosc ort cabhair, comhairle agus tacaíocht an Gharda Síochána a lorg. 

Nuair a bheidh an Garda Síochána ag déileáil le haon ghearán a bhaineann le himeaglú de bharr drugaí nó le comhairle a lorgaítear maidir leis an gceist, déanfaidh siad é sin ar na bealaí is sábháilte agus is éifeachtaí chun an leibhéal slándála, comhairle agus tacaíochta is fearr a chur ar fáil don duine nó don teaghlach a bheidh faoi bhagairt.  Níos tábhachtaí ná sin, déileálfaidh an Garda Síochána leis an gceist ar bhealach rúnda agus beidh slándáil an íospartaigh agus cearta an duine chun tosaigh. 

Cén chabhair is féidir leis na Gardaí a thairiscint dom má táim ag fulaingt ó imeaglú?

  • Rúndacht
  • Faisnéis maidir le sábháilteacht phraiticiúil
  • Comhairle a thabhairt maidir leis na bagairtí ar leith nó eachtraí inar tharla imeaglú
  • Faisnéis ar sheirbhísí tacaíochta drugaí iomchuí don duine aonair sa teaghlach a bhfuil fiachais drugaí aige nó aici
  • Tabharfar cuntas ar conas gearán foirmiúil a dhéanamh, cad atá i gceist, cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin agus na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Is faoin duine a bhfuil imeaglú á dhéanamh air cinneadh a dhéanamh maidir le gearán foirmiúil a dhéanamh.

Chun dul i dteagmháil le do Chigire ainmnithe cliceáil anseo here.

Chun dul i dteagmháil leis an Líonra Náisiúnta Tacaíochta Teaghlaigh: +353 (01) 898 0148

Related Files:

  1. List of nominated Inspectors
  2. Drug related intimidation reporting programme leaflet 
  3. Físeán “Ag Freagairt d’Imeaglú” * Níl an físeán seo á óstáil ag An Garda Síochána

    Video link * Not hosted by An Garda Síochána                   

Cad is substaint rialaithe ann?

Is éard is druga rialaithe ná druga neamhdhleathach i gcás ina sonraítear an substaint, an táirge nó an t-ullmhúchán i Sceideal an Achta um Mí-Úsáid Drugaí 1977.  Rinneadh leasú ar an Acht cúpla uair trí reachtaíocht ina dhiaidh sin.   Is é príomhchuspóir an Achta a chinntiú go mbeidh drugaí rialaithe ar fáil chun críocha míochaine agus eolaíochta amháin agus chun úsáid neamh-mhíochaine na ndrugaí sin a chosc.

San Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977, arna leasú, mar shampla, leis an Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1984, cuirtear cosc ar allmhairiú, onnmhairiú, táirgeadh, seilbh, díol agus soláthar drugaí rialaithe mura ndéantar é sin i gcomhréir leis na téarmaí a bhfuil cuntas orthu i rialacháin arna ndéanamh faoin Acht. Chun an liosta is nuaí de shubstaintí rialaithe a fheiceáil téigh chuig Ionstraim Reachtúil 173/2017 – Na Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí, 2017.

Ó mhí Mheán Fómhair 2005, rinne an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte bainistiú ar an bpróiseas iarratais agus eisiúna le haghaidh ceadúnas drugaí rialaithe thar ceann na Roinne Sláinte. Déanann an tÚdarás cigireachtaí ar dhéantúsóirí agus ar dháileoirí drugaí rialaithe, chomh maith le roinnt oibreoirí eile de réir mar is gá, ag cinntiú go gcomhlíontar na ceanglais ábhartha. Áirítear le drugaí rialaithe táibléid áirithe agus cógais eile is féidir a cheannach ar oideas. Mar sin féin má tá druga rialaithe ina sheilbh ag duine gan oideas le haghaidh úsáid phearsanta nó chun iad a dhíol nó a sholáthar tá siad ag déanamh cion faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 arna leasú. Chun an liosta is nuaí de shubstaintí rialaithe a fheiceáil téigh chuig Ionstraim Reachtúil 173/2017 – Na Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí, 2017.

Is iad seo a leanas na cineálacha drugaí rialaithe is coitianta a gabhadh in Éirinn:

Luibh agus Roisín Cannabais

Cócaon / Cnagchócaoin

Eacstaisí

Hearóin (Démhoirfín)

Céataimín

Amfataimíní

GHB (Gámahiodrocsabútaráit)

LSD (Aigéad Líséirgeach)

Substaintí Nua Sícighníomhacha (Áirítear 950 substaint leo)  

Táibléid (Rialaithe)

Tá tuilleadh eolais ar www.drugs.ie

Is éard is druga rialaithe ná druga neamhdhleathach i gcás ina sonraítear an substaint, an táirge nó an t-ullmhúchán i Sceideal an Achta um Mí-Úsáid Drugaí 1977

Is éard is mangaireacht drugaí nuair a dhíolann nó a sholáthraíonn duine aonair nó grúpa drugaí/substaint rialaithe d’aon chineál nó líon. D’fhéadfadh mangairí beaga a bheith i gceist a dhíolann líon beag chun costais na húsáide a bhaineann siad féin as drugaí a sheasamh, nó d’fhéadfadh sé gur grúpaí an-eagraithe iad a fheidhmíonn cosúil le gnó coireachta eagraithe.

Tá lucht pearsanra ag na Gardaí i ngach réigiún ar fud na tíre atá tiomanta do phóilíneacht a dhéanamh ar dhíol agus ar sholáthar drugaí.

Téigh i dteagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil dá mba mhaith leat faisnéis maidir le díol agus soláthar drugaí a thabhairt do na Gardaí nó:

Líne saorghlao Rúnda an Gharda Síochána 1800 666111

Coscairí Coireanna 1800 250025

Cliceáil anseo le haghaidh Eolaí na Stáisiún Gardaí

Má tá tusa nó duine éigin a bhfuil aithne agat air ag fulaingt ó imeaglú de bharr drugaí, tá cabhair agus tacaíocht ar fáil. Tugann an Clár Tuairiscithe ar Imeaglú a bhaineann le Drugaí freagra ar na riachtanais a bhíonn ag daoine agus ag baill theaghlaigh a bhíonn ag fulaingt ó imeaglú a bhaineann le drugaí. 

Cigire Garda ceaptha i ngach Rannán de chuid an Gharda Síochána chun freagairt don tsaincheist a bhaineann le himeaglú de bharr drugaí. Tá na Cigirí sin ag feidhmiú ar leibhéal bainistíochta laistigh den Gharda Síochána agus tá saineolas, eolas agus taithí mhór acu. Oibreoidh siad go díreach lena gCeannfort áitiúil maidir le gach cás aonair. Féadfaidh daoine atá ag lorg cabhair ón gCigire ina gceantar dul i dteagmháil lena gCigire ainmnithe chun socrú a dhéanamh bualadh leis ar bhonn foirmiúil nó neamhfhoirmiúil.   

Nuair a bheidh an Garda Síochána ag déileáil le haon ghearán a bhaineann le himeaglú de bharr drugaí nó le comhairle a lorgaítear maidir leis an gceist, déanfaidh siad é sin ar na bealaí is sábháilte agus is éifeachtaí chun an leibhéal slándála, comhairle agus tacaíochta is fearr a chur ar fáil don duine nó don teaghlach a bheidh faoi bhagairt. Níos tábhachtaí ná sin, déileálfaidh an Garda Síochána leis an gceist ar bhealach rúnda agus beidh slándáil an íospartaigh agus cearta an duine chun tosaigh thar aon rud eile.  Tairgfidh an Garda Síochána na rudaí seo a leanas:

  • Rúndacht
  • Faisnéis maidir le sábháilteacht phraiticiúil
  • Comhairle maidir le bagairtí ar leith nó eachtraí inar tharla imeaglú
  • Faisnéis ar sheirbhísí tacaíochta drugaí iomchuí don duine aonair sa teaghlach a bhfuil fiachais drugaí aige nó aici
  • Tabharfar cuntas ar conas gearán foirmiúil a dhéanamh, cad atá i gceist, cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin agus na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Cliceáil anseo  chun tuilleadh eolais a fháil ar chabhair a fháil nó tuilleadh eolais ar an gClár um Imeaglú a Bhaineann le Drugaí

Is féidir.  Chun labhairt leis na Gardaí faoi rún bain leas as na seirbhísí seo a leanas:

Líne saorghlao Rúnda an Gharda Síochána 1800 666111

Coscairí Coireanna 1800 250025

Cliceáil anseo le haghaidh Eolaí na Stáisiún Gardaí

I bhformhór cásanna, má tá do leanbh ag úsáid drugaí, tabharfaidh tú na rudaí suntasacha faoi deara go héasca. Mar sin féin, tá go leor leanaí a dhíolann drugaí nach dtógann iad iad féin. Seo liosta de na comharthaí go mb’fhéidir go bhfuil do leanaí ag díol drugaí.

  • Airgead tirim caite thart, nach féidir míniú a thabhairt air
  • Éadaí daora le feiceáil air nó uirthi
  • Ar an bhfón póca go minic nó tá níos mó ná fón póca amháin aige nó aici
  • Málaí beaga plaisteacha, nach féidir a mhíniú
  • Teacht abhaile déanach san oíche agus cairde nua, nach bhfuil aithne orthu

Níl aon bhealach cinnte ann chun cosc a chur ar do leanbh ó dhrugaí a thógáil ach féadfaidh tú an baol a laghdú má dhéanann tú na rudaí seo a leanas:

  • Cumarsáid mhaith a choimeád le do leanbh. Déanamh cinnte go bhfuil a fhios aige nó aici gur féidir leis nó léi labhairt leat má tá aon imní air nó uirthi.
  • Spéis a bheith agat sa mhéid atá ar siúl acu agus fios a bheith agat cé na cairde atá acu. Cabhrú le hobair baile agus síob a thabhairt dóibh chuig spórt agus gníomhaíochtaí eile agus abhaile arís.
  • Plé oscailte a bheith agat le do leanbh ó bhíonn sé óg faoi úsáid drugaí: cad a dhéanfaidís dá dtairgfí drugaí dóibh
  • Eolas a fháil faoi dhrugaí tú féin.
  • Iompar folláin a mholadh agus a spreagadh.
  • Teorainneacha soiléire a leagan síos i do theach.

Tá - tá drugaí in ann dochar a dhéanamh don chaoi a dtiomáinimid ar bóthar. Féach ar an mbileog eolais seo le haghaidh na gCeisteanna Coitianta faoin gcaoi a n-oibríonn an réamhthástáil drugaí.  

Diúltóidh tíortha áirithe duit dul isteach sa tír má tá ciontú drugaí agat.

De réir thorthaí an ghrúpa oibre maidir le cur chuigí malartacha ar sheilbh pearsanta drugaí, moltar síneadh a chur ar an rabhadh aosach in imthosca áirithe.

Is cion é faoi alt 3 den Acht um Mí-úsáid Drugaí 1977/84. Baineann an chion maidir le seilbh shimplí le duine a bhfuil druga rialaithe ina sheilbh aige dá úsáid phearsanta féin. Baineann cionta den sórt sin go minic le níos lú drugaí le haghaidh úsáid phearsanta amháin.

Níl. Is cion é cannabas a chur, a iompórtáil, a easpórtáil, a tháirgeadh, a sholáthar agus a shealbhú ach amháin i gcomhréir le Ceadúnas Aireachta. 

Ní cheadaítear leis an bpolasaí a bhí ann go dtí seo cannabas a chur chun críche leighis agus níor eisíodh aon cheadúnais le haghaidh na gníomhaíochta sin. 

Níl sé i gceist ag an Rialtas cannabas a dhéanamh dleathach anseo. 

Is iad an dá chomhpháirt ghníomhach is coitianta a fhaightear i gcannabas ná teitrihidreacannaibionól (THC) agus cannaibidé-ól (CBD).

Is é THC an príomh-chomhábhar sícighníomhach i gcannabas. Faoin reachtaíocht maidir le mí-úsáid drugaí tá táirgí ina bhfuil THC rialaithe go docht agus tá sé neamhdhleathach ag duine cannabas a bheith ina sheilbh ach amháin faoi cheadúnas.
Tagann CBD ó channabas. Mar sin féin, toisc nach bhfuil sé sícighníomhach níl sé rialaithe faoin reachtaíocht um Mí-úsáid Drugaí, agus ní theastaíonn Ceadúnas Aireachta uaidh. 

Tá.  Tá sé mídhleathach drugaí/substaintí rialaithe a cheannach ar an Idirlíon.

Ar an 15 Nollaig 2015 cheadaigh an Rialtas an Bille um Mí-Úsáid Drugaí (Leasú) 2017 chun saoráidí insteallta maoirsithe a chur ar bun agus cuireadh tús leis an bpróiseas chun an bille seo a achtú ina reachtaíocht.

Tá sé mar aidhm ag an tsaoráid insteallta maoirsithe:

• bás de bharr ródháileog a bhaineann le drugaí a laghdú
• na rioscaí maidir le scaipeadh galar trí shnáthaidí roinnte a laghdú
• rioscaí don tsláinte phoiblí a laghdú, cosúil le gortuithe ón tsnáthaid agus
• na daoine is leochailí agus daoine forimeallaithe a úsáideann drugaí a nascadh le seirbhísí cóireála agus seirbhísí sláinte agus sóisialta eile.

Bíonn limistéar fáilte, limistéar tógáil drugaí agus limistéar athshlánaithe i gceist leis na saoráidí de ghnáth. Ina theannta sin, cuireann siad limistéar ar fáil de ghnáth áit inar féidir le daoine tacaíocht a fháil ó sheirbhísí sláinte ábhartha agus ó ghrúpaí tacaíochta chun a n-imthosca sláinte agus sóisialta a fheabhsú. Tá an tsaoráid cosúil le haon áitreabh cúram sláinte nó sóisialta le féachaint taobh amuigh air. Tá thart ar 90 de na saoráidí sin ar fud an domhain anois, san Eoraip, i gCeanada, agus san Astráil. Tá fianaise shuntasach bailithe ó na saoráidí sin maidir lena gcuid buntáistí do dhaoine a úsáideann drugaí agus don tsochaí i gcoitinne.

De ghnáth, tugann saoráidí insteallta maoirsithe trealamh insteallta steiriúil do dhaoine a úsáideann drugaí; seirbhísí comhairleoireachta sula dtógann siad drugaí agus ina dhiaidh; freagairt éigeandála i gcás ródháileoige; agus príomhchúram leighis.

Is frithnimh é nalocsón a úsáidtear chun na héifeachtaí a bhíonn ag drugaí ópóideacha cosúil le hearóin, moirfín agus meatadón a aisiompú má thógann duine ródháileog.

Tá FSS ag tabhairt faoi thionscadal taispeántais i láthair na huaire chun oiriúnacht agus an tionchar a bhíonn ag instealladh Nalocsón réamhlíonta a úsáid, atá deartha le riar ar bhonn neamh-mhíochaine in Éirinn. Is é cuspóir foriomlán an tionscadail go mbeadh nalocsón ar fáil ar bhonn níos forleithne le haghaidh úsáideoirí drugaí ópóideacha.

Tá 600 úsáideoir ópóideach rannpháirteach sa togra, agus iad ag fáil nalocsón ar chógas, lena thógáil sa bhaile. Mar chuid de freisin beidh daoine a scaoileadh amach as an bpríosún le gairid agus a bhfuil baol mór ann go dtógfaidh siad ródháileog ópóideach. Cuireadh na húsáideoirí drugaí sin agus daoine atá mór leo faoi oiliúint faoi conas nalocsón a thabhairt do dhuine, atá ar fáil i steallaire réamhlíonta, agus na comharthaí maidir le ródháileog a aithint.

Féach www.drugs.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Séanadh:

Tá na sonraí thíos ceart ag tráth foilseacháin, agus soláthraítear iad mar threoir amháin. Faigh comhairle dhlíthiúil ó d'aturnae nuair is gá

Má tá tú féin nó duine éigin a bhfuil aithne agat air ag fulaingt ó imeaglú a bhaineann le drugaí, tá cabhair agus tacaíocht ar fáil. Freagraíonn an Clár um Thuairisciú Imeaglaithe a bhaineann le Drugaí ar riachtanais úsáideoirí drugaí agus baill teaghlaigh a bhfuil imeaglú á dhéanamh orthu a bhaineann le drugaí.

Tá Cigire ceaptha i ngach Rannóg an Gharda Síochána chun freagra a thabhairt ar an tsaincheist maidir le himeaglú a bhaineann le drugaí. Tá na Cigirí seo ar leibhéal bainistíochta laistigh den Gharda Síochána agus tá saineolas, eolas agus taithí leitheadach acu. Déanfaidh siad teagmháil go díreach lena gCeannfort áitiúil i ndáil le gach cás aonair. Féadfaidh daoine atá ag lorg cúnaimh ón gCigire ina gceantar dul i dteagmháil lena gCigire chun socrú a dhéanamh chun bualadh leo go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil.

Agus a bheidh an Garda Síochána, ag déileáil le haon ghearán faoi imeaglú a bhaineann le drugaí nó nuair a iarrtar ar chomhairle i ndáil leis an tsaincheist seo, déanfaidh sé é trí na bealaí sábháilteachta is éifeachtúla d’fhonn an leibhéal is airde slándála , comhairle agus tacaíocht is féidir a thairiscint don duine nó don teaghlach atá faoi réir na bagartha. Níos tábhachtaí fós, déileálfaidh An Garda Síochána leis an tsaincheist seo ar bhealach rúnda agus slán.

Cuirfidh an Garda Síochána é seo a leanas ar fáil:

• Rúndacht

• Eolas praiticiúil sábháilteachta

• Comhairle maidir le bagairtí áirithe nó cásanna imeaglaithe

• Eolas maidir le seirbhísí tacaíochta drugaí cuí don duine aonair sa teaghlach atá ag fabhrú fiacha drugaí

• Breac-chuntas ar conas gearán foirmiúil a dhéanamh, cad atá i gceist, cad a tharlaíonn tar éis agus na torthaí féideartha.

Tá lucht pearsanra ag na Gardaí i ngach réigiún ar fud na tíre atá tiomanta do phóilíneacht a dhéanamh ar mhí-úsáid drugaí. Téigh i dteagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil dá mba mhaith leat faisnéis maidir le mí-úsáid drugaí a thabhairt do na Gardaí. 

Tá aonad drugaí áitiúil ag gach ceantar i gcathair Bhaile Átha Cliath a théann i ngleic le díol agus dáileadh drugaí rialaithe ar leibhéal áitiúil. Le fáil amach cén t-aonad drugaí a fhreastalaíonn ar do cheantar, téigh i dteagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil.  

Chomh maith leis sin, má tá aon fhaisnéis agat a d’fhéadfadh cabhrú leis na Gardaí mangairí drugaí a stopadh glaoigh ar Líne Saorghlao Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666111 nó glaoigh ar GNDOCB ar +353 1 6669900.  

Tá faisnéis, físeán agus bileoga eolais ar Chlár Tuairiscithe um Imeaglú a Bhaineann le Drugaí ar fáil anseo

 

Cá bhfaighidh mé cabhair chun tacú le baill den teaghlach le mí-úsáid substaintí?

www.health.gov.ie - An Roinn Sláinte
www.drugs.ie - Suíomh gréasáin cuimsitheach faisnéise maidir le mí-úsáid drugaí
www.hrb.ie/home/ - Suíomh gréasáin an bhoird taighde sláinte
www.dtcb.ie/home/default.asp - Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí
www.nacda.ie - An Coiste Comhairleach Náisiúnta maidir le Drugaí agus Alcól
www.emcdda.europa.eu - Lárionad Monatóireachta na hEorpa le haghaidh drugaí agus andúile drugaí
www.hse.ie - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Uimhreacha Teileafóin Úsáideacha 

  • An Líonra Náisiúnta Tacaíochta Teaghlaigh 01 898 0148
  • Líne Chabhrach maidir le Drugaí/VEID Saorghlao 1800 459 459
  • Ionad Cóireála Drugaí Shráid Bhagóid 01 6602189
  • Aisling Clinic, Ospidéal Ghort na Silíní 01 620 6010
  • Clinic na Cathrach 01 8555310
  • Dolphin House 01 4540021
  • Domville House 01 8620298
  • Tionscadal Ché na gCeannaithe 01 6790044
  • Cúirt na Tríonóide 01 6488600
  • An tSeirbhís Náisiúnta Comhairleoireachta Saorghlao 1800 235 234
  •  Cóiríocht Éigeandála Saorghlao 1800 724 724 

 

Conas drugaí a aithint

Níl aon bhealach áirithe ann chun substaintí mídhleathacha a aithint ach amháin trí anailís. Is féidir a bheith ag faire amach do na comharthaí seo a leanas áfach:

  • Clúdaigh bheaga phlaisteacha nó atá fillte go mion
  • Scragall agus spúnóga dóite, steallairí agus buidéil bheaga
  • Substaint luibhe nó roisín donn soladach, briosc
  • Toitíní stiallta
  • Piollairí neamhghnácha, púdair nó leachtanna i gcainníochtaí beaga
  • Boladh milis deataigh láidir

 

Cannabas (Luibhe agus roisín)
Hearóin (Démhoirfín)
Cócaon
Eacstais
Amfataimíní
* Céataimín      
* Cnagchócaon      
* Cannaibionóidigh sintéiseacha (e.g. JWH 018)      
* Silicíbin (Beacáin dhraochta)      
* Benzylpiperazine      
*TMFPP      
* Meatadón      
* Meifeadrón      
* Meiteadrón      
* Búitiolón      
* Fleifeadrón
* Meitiléindé-ocsaipireavailéarón
* Naifiorón
* Dimethocaine      
* Flourotropacocaine      
* GHB (gámahiodrocsabútaráit)     
* LSD (Aigéid líseirgigh)

Conas is féidir liom comharthaí an ghlac drugaí a aithint?

Is minic a bhíonn sé deacair a rá má tá duine ag úsáid drugaí mar go bhféadfadh substaintí éagsúla tionchar a bheith acu ar dhaoine ar bhealaí éagsúla. Baineann na comharthaí seo a leanas i mórán cásanna áfach:

  • Athruithe tobann i ngiúmar agus iompar, mar shampla, ó bheith sásta agus fuinniúil go dtí teasaí agus cantalach
  • Patrúin codlata neamhghnácha
  • Easpa Goile
  • Dúlagar
  • Easpa spreagadh
  • Bréaga nó airgead agus earraí a ghoid
  • Rúndacht faoi ghníomhaíochtaí agus gan fhios cá bhfuil an duine
  • Uaireanta déanacha agus cairde nua nó aisteacha

An Dlí  

Is ionann drugaí a chur thart i measc cairde agus cion soláthair. Tá sé mídhleathach do theach nó d'áitreabh a úsáid le haghaidh mí-úsáid drugaí chomh maith. Is féidir le ciontú faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí tionchar a imirt ar ionchais fostaíochta sa todhchaí agus diúltaíonn go leor tíortha víosaí do dhaoine le ciontuithe drugaí. Is minic a dhéanfaidh mí-úsáid polasaithe árachais a neamhbhailiú, lena n-áirítear clúdach saoire, feithicle agus sláinte.

 

Enter Text Here

The Garda National Drugs Unit and the National Family Support Network, have developed ‘the Drug Related Intimidation Reporting Programme’ to respond to the needs of drug users and family members experiencing drug related intimidation. 

The Garda Commissioner has selected an Inspector in every Garda Division to respond to the issue of drug related intimidation.  These Inspectors are of Management level within An Garda Síochána and have great expertise, knowledge and vast experience.  They will liaise directly with their local Superintendent in relation to each individual case.  Persons seeking the assistance of the Inspector in their area may contact their Inspector to arrange to meet with them either formally or informally.   

An Garda Síochána in dealing with any complaint of drug related intimidation or advice sought in relation to this issue, will do so with the utmost safety and effective means in order to afford the person or family subject to the threat of the best level of security, advice and support which can be offered.  Most importantly An Garda Síochána will deal with this issue in the utmost confidential and secure fashion. 

An Garda Síochána will offer the following:

• Confidentiality

• Provide practical safety information

• Provide advice in relation to particular threats or instances of intimidation

• Provide information on appropriate drug support services for the individual in the family who is accruing drug debts

• Outline how to make a formal complaint, what is involved, what happens after and possible outcomes.

Further Drug-Related Intimidation Reporting Programme Information:

The National Family Support Network, in partnership with the Garda National Drugs Unit, and other key agencies, have developed the following resources to support the Drug Related Intimidation Programme:

• Drug Related Intimidation Reporting Programme Leaflet

• Responding to Intimidation Video *

• Contact details for nominated Inspectors for Intimidation Programme – 2016

* This video is not hosted by An Garda Siochana

 

The Family Support Network  Phone: +353 (01) 8365 168 Phone: +353 (01) 874 7156

Drugs seized by the GNDOCB

The Garda National Drugs and Organised Crime Bureau (GNDOCB) is a specialist agency that investigates domestic and international drug trafficking. Its remit also includes strategically reducing the demand for drugs in conjunction with Government agencies. The GNDOCB was established in 1995. It is headed by a Chief Superintendent reporting to Assistant Commissioner, Special Crime Operations.  

The GNDOCB focuses on dismantling organised drug networks involved in large scale importation and distribution. In recent years, the unit has been highly successful both in seizing large volumes of controlled drugs and in securing convictions against those involved.  

The unit plays an integral role in the implementation of the National Drugs Strategy which was launched in September 2009. The strategy has 4 elements:

  • Reduction of supply
  • Prevention
  • Treatment
  • Research
Some 100 individual actions were identified under these four elements, involving a number of different departments and agencies. The National Drugs Strategy 2009-2016 is available at www.hrb.ie/ndc
Contact Details 

Nationwide each region has dedicated Garda personnel committed to policing drug misuse. Please contact your local Garda Station if you would like to pass on information about drug misuse. 

Every district in Dublin city has a local drug unit that tackles the sale and distribution of controlled drugs at a local level. To find out which drug unit covers your area, please contact your local Garda Station.  

Also, if you have any information that could help Gardaí in combating drug dealers please ring the Garda Confidential Line Freephone on 1800 666111 or ring GNDOCB on +353 1 6669900.  

Information, video and leaflets on Drug Related Intimidation Reporting Programme are available here