Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Gáinneáil ar dhaoine

Ma dhéantar dúshaothrú ortsa nó ar dhuine atá ar aithne agat, téigh i dteagmháil leis an Stáisiún Garda áitiúil. Má theastaíonn uait cion a thuairisciú gan ainm, is féidir dul i dteagmháil leis an nGarda Síochána tríd an líne rúnda 1800 666 111 nó trí Choscairí Coireanna ar 1800 250025. Is féidir ríomhphost a sheoladh gan ainm agus faoi rún daingean chuig

blueblindfold@garda.ie **LINK

Seo a leanas na cineálacha dúshaothraithe atá faoi réir reachtaíocht na hÉireann:

Dúshaothrú Gnéis, Dúshaothrú Oibre, dúshaothrú a bhaineann le horgán amháin nó níos mó a bhaint ó dhuine, dúshaothrú a bhaineann le hiallach a chur ar dhuine tabhairt faoi ghníomhaíocht choiriúil.

Gáinneáil ar Dhaoine ar mhaithe le dúshaothrú saothair.

Is iondúil (ach ní hamháin) go gcuirtear iallach ar dhaoine a tugadh isteach sa tír go mídhleathach obair a dhéanamh in éarnálacha ar nós: talmhaíochta, tógála, siamsaíochta, tionscal seirbhíse, déantúsaíochta agus daoirse bhaile chomh maith leis an déircínteacht airgid. Is éard atá i gceist le gáinneáil ná duine a earcú, a bhogadh, a ghlacadh, nó tearmann a thabhairt dó/dí trí úsáid a bhaint as eagla, calaois, caimiléireacht, iallach, fórsa nó mí-úsáid cumachta nó mothú leochaileachta, ar mhaithe le dúshaothrú gnéis nó dúshaothrú saothair, coiriúlacht éigeantach nó orgáin a bhaint ó dhuine.

Seo a leanas na comharthaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le gáinneáil ar dhuine ar mhaithe le dúshaothrú saothair:

Oibríonn tú uaireanta fada.

    Tá iallach ort obair dháinséarach a dhéanamh

    Ní fhaigheann tú tuarastal nó faigheann tú tuarastal an-íseal

    Níl rochtain agat ar do thuarastal.

    Níl conradh fostaíochta agat.

    Cuirtear isteach ar do chearta oibre

    Tá cónaí ort le do chuid fostóirí.

    Tá cónaí ort le grúpaí san áit chéanna a n-oibríonn tú inti, ní fhágann tú an t-áitreabh ach go hannamh.
    Gan éadaí cearta a bheith ort don obair a dhéanann tú: mar shampla, seans nach bhfuil trealamh cosanta nó éadaí teo agat.

    Braitheann tú ar d’fhostóir le haghaidh roinnt seirbhísí ar nós fostaíochta, bia, taistil agus lóistín.

    Tá ort íoc as uirlisí, bia nó lóistín agus na costais seo a bheith bainte ó do phá.

    Ní íocann tú cáin nó ÁSPC agus níl fáil agat ar thacaíochtaí sóisialta.

    Tá smacht ag d’fhostóir ar do chuid gníomhaíochtaí nó imeachtaí sóisialta.

    Ní fhágann nó is annamh a fhágann tú an teach gan d’fhostóir.

    Níl príobháideachas agat, codlaíonn tú in áiteanna roinnte nó róphlódaithe.

    Ní thugtar ach fuílleach bia duit le hithe.

    Níl rogha agat ar an lóistín atá curtha ar fáil duit.

    Ní fhágann tú an t-áitreabh gan d’fhostóir a bheith in éineacht leat.

    Níl tú in ann gluaiseacht gan srian.

    Tá cónaí ort in áiteanna ar a bhfuil drochbhail nó áiteanna mí-oiriúnacha, ar nós foirgneamh talmhaíochta nó tionsclaíochta.

    Bíonn tú faoi réir bearta slándála chun tú a choinneáil ar an áitreabh oibre.

    Cuirtear smacht ort trí fhíneálacha nó bagairtí.

    Tá tú faoi réir maslú, drochíde, bagairtí, nó foréigin.

    Níl oiliúint bhúnasach ort nó níl ceadúnais ghairme agat.

    Oibríonn tú in áiteanna gan fógraí sláinte agus sábháilteachta, le trealamh ar dhrochchaighdeán agus faoi dhálaí contúirteacha.

    Ní cheadaítear duit cáipéis aitheantais a thaispeáint.

    Oibríonn tú gan cáipéisi fostaíochta atá riachtanach d’oibrithe ó do thír dhúchais.

    Tá eagla ort ainm an duine a bhfuil smacht acu ort a nochtadh agus insíonn tú bréaga faoi do scéal.

    Tá an trealamh deartha nó mionathraithe ionas go bhféadfadh páistí é a oibriú.

    Tá gorthuithe, tinneas, nó cneá ort nár cuireadh cóir leighis orthu, nó tá drochshláinte agat.

    Seans nach bhfuil páistí cláraithe le scoil nó tá leithscéal déanta acu leis seo, ar nós na scolaíochta baile nó tá siad díreach tar éis teacht i dtír.

    Maidir leis an déircíneacht, tá comharthaí áirithe ann a chuireann gáinneáil ar dhaoine in iúl, ar nós:

    Páistí, seandaoine, nó imircigh faoi mhíchumas a iarrann déirc in áiteanna poiblí agus ar iompar poiblí.

    Páistí ó na tíortha céanna nó a bhaineann leis an eitneacht chéanna, a bhogann i ngrúpaí móra gan ach cúpla duine fásta nó an caomhnóir fásta céanna iontu, nó

    cónaíonn daoine mar bhall droinge le daoine fásta nach iad a dtuismitheoirí, nó

    Glacann siad páirt i ngníomhaíochtaí na mbuíonta cóiriúla eagraithe.

    Glactar páirt i ngáinneáil ar dhaoine ar mhaithe le dúshaothrú gnéis.

    Gáinneáil ar dhaoine le haghaidh teacht i dtír gnéasach

    Is iad seo a leanas táscairí féideartha go bhfuil gáinneáil déanta chun críocha teacht i dtír gnéasach:

    • Cibé aois, cé go bhféadfadh an aois a bheith de réir shuíomh an mhargaidh
    • Bogadh ó theach striapachais amháin go teach striapachais eile nó ag obair in áiteanna éagsúla
    • A bheith ina gcónaí i ngrúpaí san áit chéanna ina n-oibríonn tú, agus is go hannamh a fhágann tú an t-áitreabh sin
    • Brath ar d'fhostóir le haghaidh roinnt seirbhísí, lena n-áirítear obair, bia, iompar agus cóiríocht
    • Duine in éineacht leat aon uair a théann tú agus / nó a fhilleann tú ar ais ón obair agus ó ghníomhaíochtaí allamuigh eile
    • Tatúnna nó marcanna eile  ort chun  'úinéireacht' do dhúshaothraí a léiriú
    • Obair ar feadh uaireanta fada nó ní bhíonn mórán lá saoire agat
    • Codladh san áit ina n-oibríonn tú
    • A bheith i do chónaí nó ag taisteal i ngrúpa, uaireanta le mná eile nach bhfuil an teanga chéanna acu
    • Gan mórán éadaí a bheith agat. Agus iad á gcur san áireamh le táscairí eile, féadfaidh éadaí a léiriú go bhfuil baint ag bean le striapachas.
    • Gan fhios agat ach focail a bhaineann le gnéas sa teanga áitiúil nó i dteanga an ghrúpa cliaint a rá
    • Gan airgead ar bith agat féin
    • A bheith smachtaithe trí fhíneálacha agus bagairtí
    • Ní féidir leat doiciméad aitheantais a thaispeáint
    • Eagla ort a nochtadh cé atá i do rialú agus bréag a insint faoi do scéal
    • A bheith faoi réir maslaí, mí-úsáid, bagairtí nó foréigean
    • Bíonn d’fhón póca ag bualadh fiú nuair a theann tú amach.
    • A bheith i do chónaí leis an duine a fhostaíonn tú.
    • Ní féidir leat bogadh go saor
    • A bheith faoi réir maslaí, mí-úsáid, bagairtí nó foréigean
    • Fón póca le teachtaireachtaí téacs ina bhfuil seoltaí chun suímh a aimsiú
    • Gortuithe nó galair neamhchóireáilte agat, a bheith i ndrochshláinte, nó galair ghnéas-tarchurtha, víris fuiliompartha srl.
    • Leanaí a thaispeánann iompar nó teanga ghnéasach.

    Gáinneáil ar dhaoine le haghaidh orgáin a bhaint

    Féadfaidh daoine a ndearnadh gáinneáil orthu chun críocha orgáin a bhaint:

    • Scarráil nach bhfuil aon mhíniú air sa limistéar duáin
    • Comharthaí máinliachta / ionfhabhtuithe neamhoilte a thaispeáint.

    Is éard atá i gceist le smugláil daoine ná go dtagann inimircigh neamhdhleathacha isteach go hÉirinn go neamhdhleathach. Is mian le hinimircigh neamhdhleathacha teacht anseo agus is iondúil go n-íocann siad duine as éascaíocht a dhéanamh air seo. Eagraíonn/éascaíonn tríú páirtí é seo i.e. smúglálaí a bhainfidh luach saothair as.

    Is fadhb i bhfad níos tromchúisí í an gháinneáil ná cionta inimirce, mar sin, má tá amhras ort maidir le gáinneáil, ba cheart tús áite a thabhairt di.

    Is éard atá i gceist le Gáinneáil ar Dhaoine ná earcú, iompar agus dúshaothrú íospartaigh. D’fhéadfadh inimirceach neamhdhleathach a bheith i gceist. Ní bheidh an cead tugtha ag an íospartach i dtosach báire bailí dá bhfuarthas é trí chalaois, caimiléireacht, nó iallach a úsáid. Leis na híospartaigh a earcú, is éard a bheidh i gceist leis an gcaimiléireacht ná snáithe ar leith, ar bhonn aonair nó i dteannta a chéile. D’fhéadfaí iallach iomlán trí bhagairtí a úsáid nó foréigean i leith an duine nó baill teaghlaigh nó fuadach a bheith i gceist. D’fhéadfadh an chaimiléaireacht a bheith níos caolchúisí agus leas á bhaint as na dálaí eacnamaíochta, as leochaileacht nó creidimh chultúrtha an íospartaigh. Is í an phríomhdhifríocht idir gháinneáil ar dhaoine agus smuglail ná nach mór go mbeadh dúshaothrú i gceist nó beartaithe i dtaobh gáinneála ar dhaoine. Tugann Alt 1 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáíl ar Dhaoine), 2008 sainmhíniú ar ‘dúshaothrú’ a chiallaíonn:

    • Dúshaothrú saothair
    • Teacht i dtír gnéasach
    • Coiriúlacht éigeantach nó
    • Dúshaothrú a bhaineann le horgán amháin nó níos mó a bhaint de dhuine.
       

    Tá smacht ag an ngáinneálaí ar an duine nuair a bhaineann siad a gceannscríbe amach agus déantar dúshaothrú orthu.

    Baineann réimsí eile den dúshaothrú ná éascaíoacht a dhéanamh ar an gcalaois leasa agus aitheantais, dúshaothrú ar leanaí i réimsí ar nós na déircíneachta, ceoltóirí sráide, díoltóirí bláthanna. Cé go nglactar leis i gcultúir eile, d’fhéadfadh gnéithe den gháinneáil ar dhaoine a bheith i gceist le hiallach a chur ar dhaoine pósadh, nó a leanaí a dhíol nó a thabhairt suas chun uchtaithe.

    Úsáideann gáinneálaithe roinnt straitéisí ina gcuid iarrachtaí chun a n-earraí, daoine daonna, a rialú. Ar na samplaí is coitianta, tá cuibhriú fiachais, nuair a ghlac an gáinneálaí an deis chun taisteal chuig áit eile bunaithe ar iasacht nó ar shocrú a rinneadh dóibh nó a dteaghlach ina dtír thionscnaimh chun na costais taistil a íoc ar ais. D’fhéadfadh go ndéanfaí an cháipéisíocht a bhaint nó a rialú nó d’fhéadfadh go n-éileofaí níos mó airgid i rith an phróisis seo. Ach gach aon uair a bhíonn smacht ar an duine, féadtar a thabhairt faoi deara go mbaintear de shaoirse phearsanta an íospartaigh, go ndéantar bagairtí ar a mbeatha agus a sábháilteacht, nó beatha agus sábháilteacht a dteaghlaigh, agus go ndéantar foirmeacha de mhí-úsáid fhisiciúil, ghnéasach, shíceolaíoch agus mhothúchánach orthu.

    Cionta inghabhála iad coireanna i dtaobh Gáinneála ar Dhaoine agus féadtar príosúnacht saoil a ghearradh orthu.

     

    (Is iondúil go bhfuil meascán comharthaí i gceist)

    Is coir fholaithe í an gháinneáil ar dhaoine, mar sin, is deacair íospartach na gáinneála a aithint. Is iomaí cúis nach n-iarrfadh íospartach ar chabhair. D’fhéadfaidís a bheith i sáinn go fisiciúil nó faoi chosaint i gcónaí. Seans go bhfuil eagla orthu díoltas a bhaint amach ina gcoinne nó i gcoinne a dteaghlaigh, nó seans go bhfuil náire orthu nó go mothaíonn siad go bhfuil an locht orthu mar gheall ar an dúshaothrú atá á dhéanamh orthu. Tá comharthaí coitianta ann, áfach, a d’fhéadfadh thú a chur ar an airdeall gurb íospartach atá sa duine seo.

    Is iondúil go mbíonn Íospartaigh na Gáinneála ar Dhaoine “I bhfolach os comhair do dhá shúil”. Ciallaíonn sé seo go bhfuil na daoine seo inár measc agus le feiceáil go héasca ach nach n-aithnímid gurb Íospartaigh na Gáinneála atá iontu.

    D’fhéadfaí teacht ar Íospartach na Gáinneála ar Dhaoine in áiteanna éagsúla, atá nasctha leis an gcineál dúshaothraithe go minic, idir cheantair uirbeacha agus tuaithe, agus idir na ceantair is iargúlta nó ceantair chónaithe nó i lár na cathrach. Tuigtear ón gcás in Éirinn go bhféadfaí teacht ar íospartaigh na Gáinneála ar Dhaoine sna háiteanna seo a leanas: talmhaíocht, tithe fáis, daoirse bhaile, bialanna, clubanna oíche, monarachana, coirnéil sráide, soilse tráchta srl. don déircíneacht, drúthlanna, gníomhaireachtaí mná comórtha, parlúis suathaireachta, agus/ nó tithe nó árasáin phríobháideacha.

    An tAonad um Imscrúdú agus um Chomhordú ar Gháinneáil ar Dhaoine

    Oibríonn an tAonad um Imscrúdú agus um Chomhordú ar Gháinneáil ar Dhaoine (an HTICU) chun troid i gcoinne na gáinneála ar dhaoine. Tugann an tAonad faoi chomhairliúchán fairsing le roinnt gníomhaireachtaí, ar nós Custam, Gníomhaireachtaí Stáit, ar nós an Aonaid um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc (an AHTU), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), an tÚdaras Náisiúnta Cearta Fostaíochta (ÚNCA), agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) ar nós Ruhama, Ionad um Chearta Imirceach na hÉireann (ICIE), Comhairle um Imircigh na hÉireann (CIE), an Eagraíocht Idirnáisúnta um Imirce (EII), agus Doras Liumni.

    Is é an ról atá ag an Aonad:

    Freagracht náisiúnta a ghlacadh as forbairt beartas, comhordú agus cur i bhfeidhm modhanna póilíneachta agus bainistíocht agus comhordú na n-imscrúduithe laistigh den aonad agus laistigh de ranna timpeall na tíre.

    Comhairle, tacaíocht agus, más gá, cuidiú oibríochtúil a thabhairt d’imscrúduithe a dhéantar ar leibhéal na gCeantar.

    Obair a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le hOibríocht Quest san imscrúdu ar Gháinneáil ar Dhaoine ar mhaithe le dúshaothrú gnéis.

    Oiliúint agus feasacht a thabhairt a sholáthar don Gharda Síochána ar gach gné den gháinneáil ar dhaoine.

    Gné ríthábhachtach de choireanna Gáinneála ar Dhaoine a chomhrac is ea oiliúint a chur ar chomhaltaí an Gharda Síochána sa réimse seo.  Is féidir pianbhreith uasta príosúnacht saoil, a ghearradh ar dhuine mar gheall ar an gcion seo a dhéanamh.

    Nochtann Comhdhálacha Náisiúnta agus Idirnáisiúnta rannpháirtithe do dhea-chleachtais, cruinnithe comhchéime, plé, ceardlanna agus seimineáir chun feasacht ar gháinneáil ar dhaoine a mhúscailt. Bíonn baint ar leith ag Interpol agus Europol chun oiliúint a chur ar Ghardaí maidir le gáinneáil ar dhaoine.

    Cliceáil na naisc, le do thoil, le Príomh-Chomhpháirtithe agus Comhpháirtithe Tacaíochta thíos.

    Cé hiad ár bpríomhchomhpháirtithe?

    • An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionnanais
    • An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach
    • TUSLA
    • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
    • An Roinn Leasa Shóisialaigh
    • An Eagraíocht Idirnáisúnta um Imirce (an EII)

    Feachtas 'na Púicíní Gorma'

    Tá Éire mar bhall de thionscnamh um Chosc ar Gháinneáil ar Dhaoine G6 atá in ainm is timpeallacht níos naimhdí a dhéanamh den AE do choirpigh a thugann faoi Gháinneáil a dhéanamh ar Dhaoine. Tá cúig thír eile bainteach sa tionscnamh seo – an Ríocht Aontaithe, an Pholainn, an Spáinn, an Iodáil agus an Ísiltír.

    Is é cuspóir an fheachtais chun feasacht phoiblí a mhúscailt ar an méid atá i gceist le Gáinneáil ar Dhaoine, an t-éileamh a dhíspreagadh atá ar sheirbhísí íospartaigh dhúshaothraithe ghnéasaigh agus saothair agus cabhrú lena dheimhniú go bhfuil Gáinneáil ar Dhaoine ag titim amach in Éirinn.

    Tá láithreán gréasáin tiomnaithe ag feachtas na bPúicíní Gorm (www.blueblindfold.gov.ie) a sholáthraítear chun daoine a spreagadh chun amhras ar bith a bhíonn orthu maidir le striapachas, drúthlanna agus íospartaigh amhrasta Gháinneála ar Dhaoine a thuairisciú.

    Caitear le gach ríomhphost a sheoltar gan ainm a lua agus le rúndacht dhaingean.

    blueblindfold@garda.ie.

     

    Séanadh:

    Tá na sonraí thíos ceart ag tráth foilseacháin, agus soláthraítear iad mar threoir amháin. Faigh comhairle dhlíthiúil ó d'aturnae nuair is gá.