Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Faire Tráchta

Faire Tráchta

Comhpháirtíocht i dtreo Sábháilteacht Bhóithre

Is cur chuige comhpháirtíochta í Faire Tráchta, chun líon na n-imbhuailtí agus na mbásanna bóthair a laghdú. Tugann sé úsáideoirí bóthair, An Garda Síochána, an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre le chéile in iarracht aontaithe agus leanúnach chun shábháilteacht ar ár mbóithre a fheabhsú. 

Is féidir le baill an phobail teagmhais a bhaineann le trácht a thuairisciú tríd an uimhir íos-ghlao FaireTráchta 0818 205 805. Déanann baill foirne sibhialta na glaonna seo a fhreagairt agus iad a logáil ag Ionad Seirbhísí Faisnéise an Gharda Síochána, Caisleán an Bharraigh, Maigh Eo F23 D303. Cuirtear an teagmhas ar aghaidh ansin chuig an Oifigeach Ceantair cuí (Ceannfort) le haghaidh imscrúdaithe. 

Ceapfaidh an tOifigeach Ceantair comhalta den Gharda Síochána chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearán faoi Fhaire Tráchta. Déanann an comhalta imscrúdaithe teagmháil leis an ngearánach chun: -

• Leagan an scéil ón ngearánach  a dhearbhú

• Finnéithe eile ann don teagmhas líomhnaithe a fháil amach

• Gníomhartha féideartha a phlé, lena n-áirítear an mian leis an ngearánach an t-ábhar a thabhairt chun na cúirte nó go ndéileálfar leis an eachtra trí rabhadh, trí comhairle nó trí threoir.

Más mian leis an ngearánaí dul chun na Cúirte, glactar ráiteas i scríbhinn, agus mura mian leis agus rinneadh cion a nochtadh, déantar socruithe chun déileáil leis an ábhar trí rabhadh, trí comhairle nó trí threoir.

I gcás go gcreidtear go ndearnadh cion a nochtadh agus gur mian leis an ngearánaí dul chun Cúirte, cuirtear comhad faoi bhráid an Oifigigh Cheantair a dhéanfaidh cinneadh ar aon ghníomh, más ann, a dhéanfar. I ngach cás ba chóir go dtabharfaí fógra don ghearánaí faoi thoradh a ghearán nó a gearán.