Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Droch-Choinníollacha Aimsire

Trí láithreán gréasáin tiomnaithe www.winterready.ie, tá comhairle á cur ar fáil ó roinnt foinsí lena n-áirítear Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais, An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Oifig na nOibreacha Poiblí, na hÚdaráis Áitiúla agus na soláthraithe iompair. Tá an chomhairle rangaithe faoi cheannteidil éagsúla, lena n-áirítear: an Baile, Sábháilteacht ar Bhóithre, Scoileanna, an Lucht Feirmeoireachta agus an Earnáil Ghnó. Tá achoimre ar an bhfaisnéis atá ar fáil curtha le chéile i leabhrán “Bí Réidh don Gheimhreadh", ar féidir é a íoslódáil ón láithreán gréasáin. 

Is iad príomhchuspóirí an fheachtais eolais 'Bí Réidh don Gheimhreadh’:

• Comhairle phraiticiúil a chur ar fáil maidir leis an gcaoi is fearr chun ullmhú don gheimhreadh atá romhainn.
• Cinntiú go bhfuil a fhios ag an bpobal cén áit ar féidir comhairle agus cabhair a fháil, más gá, agus
• An pobal a chur ar a shuaimhneas go bhfuil ullmhúcháin agus socruithe á ndéanamh chun freagairt chomhordaithe a chinntiú do tharluithe aimsire tromchúiseacha.

Iarradh ar gach Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais feachtas faisnéise "Bí Réidh don Gheimhreadh" a chur chun cinn trína láithreáin ghréasáin féin agus sna meáin shóisialta agus a gcuid ullmhúchán agus feachtas faisnéise féin a nuashonrú go rialta mar chur chuige "Uilerialtais" maidir le hullmhúcháin gheimhridh.

Ina theannta sin, déanfaidh an Oifig Pleanála Éigeandála tvuíteáil go rialta i gcaitheamh an gheimhridh chun cur leis an bhfeachtas 'Bí Réidh don Gheimhreadh'. Is féidir an cuntas twitter a leanúint ar @emergencyIE agus tá anspreagtar pobal páirt a ghlacadh sa chomhrá ag #bewinterready.

Is é an príomhtheachtaireacht gur mian leo a chur in iúl inniu:

"bí ullamh, fan sábháilte agus bíodh a fhios agat conas cúnamh a fháil más gá duit é.”

#bewinterready

Here are the links to some useful websites:

 Comhairle i gcás tuilte

• Tuilleadh faisnéise faoi shábháilteacht ar bhóithre - www.rsa.ie 

• Bí Réidh don Gheimhreadh - www.winterready.ie

• Chun nuashonruithe a fháil ó sholáthraithe iompair phoiblí - www.transport.ie

• Chun réamhaisnéis na haimsire a sheiceáil - www.met.ie 

• Don nuacht tráchta is déanaí -  www.aaroadwatch.ie @aaroadwatch @gardatraffic

• Aimsigh do stáisiún raidió áitiúil - www.rsa.ie

An bhfuil do thuras fíor-riachtanach?

I gcoinníollacha adh-aimsire, ba cheart duit a iarraidh ort féin an bhfuil gá turas a dhéanamh ar an mbóthar fíor-riachtanach. D'fhéadfá smaoineamh ar do thuras a chur ar ceal go dtí go bhfeabhsaíonn na coinníollacha bóthair agus aimsire nó ar iompar poiblí a úsáid nuair atá sé ar fáil. Mura bhfuil neart ar do thuras ba chóir duit a bheith ullamh. Cinntigh go bhfuil fuílleach  breosla ag do fheithicil don turas. Fág am breise agus tiomáint go cúramach. Déan do bhealach agus d’am fillte a chur an iúl do dhuine éigin. Seiceáil  an bhfuil aon fhadhbanna ann ar do bhealach beartaithe sula dtugann tú faoi thuras. Éist le feasacháin teilifíse nó raidió agus seiceáil réamhaisnéis na haimsire. Cuimhnigh gur dócha go mbeidh na coinníollacha bóthair is fearr ann idir 10rn agus 4in. Seo naisc le roinnt láithreáin ghréasáin úsáideacha:

An bhfuil do fheithicil réidh don gheimhreadh?

• Seiceáil lámhleabhar úinéir na feithicle agus aimsigh an bhfuil aon teicneolaíocht cúnaimh sábháilteachta aige, mar shampla, ABS.

• Seiceáil lámhleabhar an úinéara le haghaidh treoracha sa chás go gcaithfear tú a tharraingt, (suíomh súl tarraingthe srl.), Tá sé seo tábhachtach go háirithe do thrucailí agus do bhusanna.

• Déan d’fheithicil a sheirbhísiú chun a chinntiú go bhfuil sé oiriúnach agus sábháilte.

• Déan seiceálacha rialta ar an bhfeithicil.

• Seiceáil caitheamh agus cuimilt ar lanna cuimilteora agus faigh cinn nua chomh luath agus a thosaíonn siad ag smearadh seachas na fuinneoga a ghlanadh.

• Coinnigh brú na mbonn a ag leibhéal molta an mhonaróra.

• Athraigh boinn más gá - déan do dhoimhneacht tráchta boinn a sheiceáil - is é 1.6mm an teorainn dlíthiúil íosta, le haghaidh tiomáint geimhridh áfach moltar 3mm.

• Déan cinnte go bhfuil gach soilse feithicle ag obair agus glan.

• Cinntigh go bhfuil leibhéil leordhóthanach d’fhuaraitheoir frith-reoite agus niteoir gaothscátha san fheithicil.

• Seiceáil do cheallra feithicle.

• Bí ullamh le linn coinníollacha tiomána fada oighreacha nó sneachta, tá sé inmholta fón póca a lochtadh go hiomlán agus go bhfuil an méid seo a leanas agat i mbúit an ghluaisteáin.

 • veist shofheicthe.

• Sluasaid.

• Coisbheart cuí i gcás go gcaithfidh tú d'fheithicil a fhágáil.

• Triantán rabhaidh guaise.

• Trealamh dí-oighrithe (do ghlais gloine agus dorais araon).

• Trealamh garchabhrach.

• Múchtóir dóiteáin.

• Tóirse.

• Blaincéad cairr, éadaí breise agus roinnt bia agus uisce (le haghaidh turas fada).

• Smaoinigh ar roinnt salainn nó gainimh a iompair.

Leideanna Tiomána i gcás Sneachta agus Oighir

• Glan do chuid fuinneoga, scáthán agus soilse sula bhfágann tú - ná húsáid uisce te ar an ghaothscáth mar is féidir leis an ghloine a scoilt.

• inntigh go bhfuil d’fheithicil glan ó shneachta lena n-áirítear an díon.

• An bhfuil spléaclaí gréine sa charr.

• Féadfar léargas a bheith laghdaithe. Mar sin féin ná bí ró-ghar don fheithicil os do chomhair.

• Bain úsáid as do cheannsoilse maolaithe agus do shoilse ceo.

• Gluais go réidh, tá an iomarca stiúrtha go holc.

• Moilligh agus fág achar breise idir tú féin agus an fheithicil atá os comhair.

• Nuair a bheidh tú ag moilliú, úsáid do choscáin go réidh ionas go mbeidh na soilse coscáin ina rabhadh do thiománaithe atá taobh á do leanúint.

• Seachain cosc agus luasghéarú gear.

• Úsáid an giar is airde is féidir chun casadh rotha a sheachaint. Roghnaigh giar íseal nuair a bhíonn tú ag taisteal síos cnoc, go háirithe trí chuair.

• Má tá tiomáint roth deiridh ag do charr, cuirfidh meáchan breise sa bhúit chun greim bhreise a fháil.

• Bí cúramach ar shneachta balctha  - d'fhéadfadh é a bheith iompaithe go h-oighear.

• Bí ag faire le haghaidh oighir dhubh go háirithe i gceantair fhoscúla/scáthaithe ar bhóithre, faoi chrainn, faoi dhroichid nó ar dhroichid agus in aice le ballaí arda.

• Más rud é go dtosaíonn do fheithicil ag sciorradh ort ba chóir duit:

• An chúis a aithint -  an iomarca coisc, an iomarca stiúrtha, an iomarca luasghéarithe nó meascán díobh seo.

• Bain an chúis - go réidh agus go mín.

• Seachain ró-cheartú leis an iomarca stiúrtha, a bheith réidh le haghaidh sciorradh tánaisteach sa treo eile.

• Tá córais éagsúla coisc ag carranna. Chun mionsonraí iomlána maidir le cosc a fháil, féach láithrean gréasáin an Gharda Síochána agus an RSA. 

Leideanna Tiomána i nGaoth Láidir

• Moilligh agus fág dóthain bearna idir tú féin agus an fheithicil ós do chomhair.

• Má tá feithicil ard-thaobhach a thiomáint agat bí ullamh do thionchar na gaoithe ar dhinimic stiúrtha na feithicle, nuair a shroicheann tú codanna oscailte den  bhóthar.

• Seachain scoitheadh ar na codanna oscailte sin.

• Nuair a ghabhann tú thar gluaisrothaithe, rothaithe nó coisithe, bí ullamh ar eagla go séidfaidh an ghaoth isteach ar do bhealach iad.

• Bí ar an airdeall ar smionagar ag eitilt agus crainn á leagan.

• Má tá ort stopadh ar chúis ar bith úsáid do shoilse guaise chun rabhadh a thabhairt do thiománaithe eile.

Leideanna Tiomána i dTuilte Tromchúiseach

• Moilligh - ná tiomáin ar luas isteach in uisce tuile - d'fhéadfadh go mbeadh sclaig nó smionagar folaithe san uisce nó d'fhéadfadh d'fheithicil a scinneadh ar an uisce agus smacht a chailliúint uirthi.

• Sula dtiomáineann tú tríd an tuile aimsigh cé chomh domhain is atá an t-uisce chun a chinntiú go bhféadfaidh do fheithicil thiomáint tríd go shábháilte.

• Sa bháisteach agus nuair atá drochléargas ann ba chóir do thiománaithe ceann soilse maolaithe a úsáid.

• Coinnigh súil ghéar amach do choisithe, do rothaithe srl. Agus  seachain iad a spraeáil nó iad a bhá.

• Má bhíonn ort stopadh, cas air do shoilse guaise.

Leideanna Tiomána i gCeo

• Moilligh agus fág dóthain bearna idir tú féin agus an fheithicil ós do chomhair.

• Úsáid ceannsoilse maolaithe agus soilse ceo tosaigh agus cúil, más ann dóibh

• Cuimhnigh ar shoilse ceo a mhúchadh nuair a fheabhsaíonn an léargas.

Coinnigh súil ghéar amach do choisithe, do rothaithe agus do ghluaisrothaithe.

• Ná lean go dall an fheithicil atá romhat - d'fhéadfadh sí an bóthar a fhágáil ar cibé cúis.

• Má bhíonn ort stopadh, cas air do shoilse guaise.

Comhairle do choisithe

• Más rud é nach féidir turas a sheachaint, bí thar a bheith cúramach mar is féidir le siúl ar chosáin a bheith an-chontúirteach mar gheall ar shneachta agus oighear.

• Caith coisbheart láidir - iad inslithe agus uiscedhíonach agus boinn mhaithe orthu.

• Bí cúramach nuair a bhíonn tú ag siúl ar shneachta balctha - d'fhéadfadh sé athrú go hoighear.

• Tabhair breathnú breise sula dtrasnaíonn tú an bóthar agus ná déan iarracht trasnú má tá feithiclí ag druidim - cuimhnigh go méadóidh sneachta agus oighir an t-achar atá a theastaíonn chun feithiclí a stopadh.

• Bí feiceálach chun bheith slán! Laghdaítear léargas le linn coinníollacha drochaimsire agus caithfear éadaí lonracha a chaitheamh nó tóirse a iompar. Ós rud é go minic go dtéann páistí ar an scoil sa dorchadas, déan cinnte go bhfeicfear do leanbh.

• Bí thar a bheith cúramach taobh le huisce oscailte, canálacha, lochanna, locháin nó céanna cósta srl.

• Ná siúl ar uiscebhealaí reoite.

• D'fhonn tú féin a chosaint má thiteann tú, ná siúl ag siúil le do lámha i do phócaí. 

Comhairle do Gluaisrothaithe/Rothaithe

• Smaoinigh ar do shábháilteacht ar dtús - tá an-deacair feithiclí dhá roth a choinneáil faoi smacht i sneachta nó i gcoinníollacha reoite agus tá baol níos mó ann maidir le himbhualadh le feithicil atá as smacht.

• Smaoinigh ar mheán iompair eile nó siúil.