Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Réamhrá SF

Leagtar amach in Alt 42 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 roinnt díolúintí éigeantacha chun an Garda Síochána a chumasú chun a fheidhmeanna lárnacha a chomhlíonadh agus chun a chinntiú nach gcuirtear slándáil an Stáit i mbaol.

Áirítear i measc na ndíolúintí a dheonaítear taifid arna gcoinneáil nó arna gcruthú ag an nGarda Síochána agus a bhaineann le haon cheann de na rudaí seo a leanas:

  • an tAonad Práinnfhreagartha;
  • Ciste na Rúnseirbhíse arna choinneáil ag an Aonad sin;
  • An tAonad Speisialta Bleachtaireachta;
  • an clár tearmann finné urraithe ag an Aonad sin;
  • an Rannóg um Shlándáil agus Faisnéise;
  • bainistíocht agus úsáid oibríochtaí faisnéise faoi cheilt;
  • an tAcht um Post-Phaicéid agus Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh (Rialáil), 1993;
  • an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005;
  • an tAcht um Cheartas Coiriúil (Faireachas) 2009;
  • an Acht Cumarsáide (Sonraí a Choimeád), 2011;
  • taifead arna choinneáil ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla;
  • taifead a bhaineann le fiosrúchán de réir bhrí Alt 42 d’Acht an Gharda Síochána, seachas taifead a bhaineann le ceapachán duine chun é an fiosrúchán a dhéanamh agus/nó taifead a bhaineann leis na costais nó cúrsaí eile a bhaineann le riarachán ginearálta fiosrúcháin faoin alt sin.