Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Rochtain ar Fhaisnéis faoin Timpeallacht

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007 (I.R. Uimh. 133 de 2007 agus I.R. Uimh. 662 de 2011) (dá ngairtear na Rialacháin RFC anseo ina dhiaidh seo), tugann siad cearta dlíthiúil dóibh siúd a fhéachann chun rochtain a fháil ó údaráis phoiblí ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol.  Faoi na rialacháin seo, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaoil arna gcoinneáil ag, nó ar son, údaráis phoiblí a chur ar fáil ach í a iarraidh, faoi réir eisceachtaí áirithe. Sna Rialacháin RFC, tugtar sainmhíniú ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol; leagtar amach an bhealach chun iarratais ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údarás poiblí; agus an bealach a bhfuil sé de cheangal ar údaráis phoiblí déileáil le hiarratais.


Agus iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC, ní mór duit na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

é a rá go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC agus é a chur isteach i scríbhinn nó tríd an ríomhphost; do shonraí teagmhála a chur ar fáil; an fhaisnéis atá ag teastáil a lua, chomh soiléir agus is féidir, agus má tá an fhaisnéis ag teastáil uait i bhformáid nó ar bhonn rochtana ar leith, ba cheart duit é sin a lua i d’iarratas.

(i) Seol d’iarratas tríd an ríomhphost chuig:

foi@garda.ie.

Nó;

(ii) Seol d’iarratas i scríbhinn chuig:

Oifigeach um Shaoráil Faisnéise,
Teach Átha Luimnigh, 
Páirc Ghnó an ÚFT, 
Johnstown, 
An Uaimh, 
Co. na Mí. 

Cliceáil anseo chun foirm iarratais ar líne a íoslódáil. 

Tabharfar freagra tráth nach déanaí ná 4 seachtaine i ndiaidh dúinn an t-iarratas a fháil.

Má tá cabhair ar bith uait, beidh an fhoireann san Aonad um Shaoráil Faisnéise sásta cabhrú leat chun d’iarratas a chur le chéile. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig um Shaoráil Faisnéise ag:

Tel: +353 (46) 9036350

Cén costas a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol?

Ní bhaineann táille tosaigh ar bith le hiarratas a dhéanamh ar Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol. Is féidir leis an Roinn táille réasúnach a ghearradh, áfach, as an bhfaisnéis iarrtha a chur ar fáil. Féadfaidh costais a bhaineann le tiomsú, cóipeáil, priontáil nó postas na faisnéise a bheith i gceist leis an táille sin. Ní bhaineann táille ar bith le hiarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach.

Baineann costas €50 le hachomharc a dhéanamh ar an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, nó €15 más sealbhóir cárta leighis nó cleithiúnach sealbhóra cárta leighis tú, nó tríú páirtí ag déanamh achomhairc ar chinneadh maidir le faisnéis a scaoileadh.