Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Scéimeanna eolais maidir le TCI

Tá an Garda Síochána tiomanta do bheartais nuálacha a fhorbairt atá dírithe ar chaighdeán na seirbhíse a chuireann siad ar fáil don phobal agus caighdeán na beatha sa phobal a fheabhsú. Mar chuid den iarracht chun laghdú a dhéanamh ar choireacht, iompar frithshóisialta, mí-ord poiblí, loitiméireacht agus eagla ginearálta roimh an choireacht, tá an Garda Síochána i bhfabhar córais TCI mar chabhair don phóilíneacht.


Tá éileamh náisiúnta ag teacht ó ghrúpaí pobail agus grúpaí gnó chun córais TCI a chur i bhfeidhm ina mbailte agus ina gcathracha féin. Cé go mbaineann an-bhuntáiste le TCI a bheith á húsáid ag seirbhís phóilíneachta, d’fhéadfadh tionchar díreach a bheith aige sin ar chearta an duine.  Mar sin, ní mór a tabhairt isteach a phleanáil go cúramach agus a húsáid a bhainistiú ar bhealach inniúil.
De réir Alt 38 d’Acht an Gharda Síochána, 2005, caithfidh Coimisinéir an Gharda Síochána údarú a dhéanamh ar na Scéimeanna Pobail  maidir le TCI. Tagann coiste comhairleach TCI le chéile gach ráithe chun breithniú a dhéanamh ar iarratais ar thionscadail TCI, chun iad a chur i gcatagóirí iomchuí agus chun moltaí a dhéanamh fúthu maidir leis na critéir oibiachtúla a leagtar amach sa bheartas. Is é Coimisinéir na nGardaí a cheapann an coiste.

Déantar Scéimeanna Pobail a fhoráil faoi Alt 38 (3) (c) d’Acht an Gharda Síochána, 2005 agus déantar Scéimeanna Garda a fhoráil faoi Alt 38 (3) (a) d’Acht an Gharda Síochána, 2005.


Déantar foráil san Acht fán gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine 2003, a tháinig i bhfeidhm an 31 Nollaig 2003, “go gcomhlíonfaidh gach organ de chuid an Stáit a fheidhmeanna ar shlí atá ar comhréir le hoibleagáidí an Stáit faoi fhorálacha an Choinbhinsiúin”. Is “organ de chuid an Stáit” é an Gharda Síochána ar chúiseanna Acht 2003.

Maoiniú na Scéimeanna maidir le TCI

Cuireann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais cúnamh airgeadais ar fáil d’eagraíochtaí áitiúla cáilitheacha chun costais caipitil a bhaineann le córais TCI do phobail áitiúla a bhunú a íoc. Beidh an scéim cúnaimh deontais seo um TCI do Phobail Áitiúla á rith ar feadh 3 bliana agus cuirfear maoiniú €1 milliún ar fáil gach bliain. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais agus na doiciméid ar fad maidir leis an Scéim ar shuíomh Gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.