Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cad is Faire Comharsanachta ann?

Is clár um choireacht a chosc agus sábháilteacht phobail a chur chun cinn i limistéir uirbeacha é Faire Comharsanachta. Feidhmíonn sé mar chomhpháirtíocht idir an Garda Síochána agus an pobal. Feidhmíonn sé ar an mbonn go bhfuil ról ag gach ball den phobal maidir le cabhrú chun feabhas a chur ar chaighdeán na beatha sa cheantar trí shúil a choimeád ar chomharsana agus trí ghníomhaíochtaí amhrasacha a thuairisciú don Gharda Síochána.

Cé atá cáilithe chun Scéim Faire Comharsanachta a bhunú?
Is féidir le gach pobal nó comharsanacht scéim a bhunú, is cuma cé chomh mór nó beag atá an áit i gceist. D’fhéadfadh sráid amháin, coimpléasc árasán, cuid d’eastáit tithíochta nó eastát tithíochta ar fad a bheith i gceist. I gcroí lár gach scéime, tá tiomantas gach teaghlaigh atá páirteach inti. 

 
Seo cuid de chuspóirí Scéime Faire Comharsanachta
• Feabhas a chur ar shlándáil phobail
• Coireacht a chosc
• Naisc a chothú idir an Garda Síochána agus an pobal
• Méadú a dhéanamh ar iontaoibh an phobail sa Gharda Síochána
• Timpeallacht chomhbhách a chothú le haghaidh daoine breacaosta agus daoine leochaileacha
• Iompar frithshóisialta, lena n-áirítear graifítí agus ciapadh, a laghdú

Tá se mar aidhm ag an bpóilíneacht phobail a nGarda féin a chur ar fáil do dhaoine i gceantair áirithe.
Is cineál póilíneachta réamhghníomhach, réiteachbhunaithe agus dírithe ar an bpobal í an Phóilíneacht Phobail. 

Tugadh isteach í i mí na Samhna 1987 agus leathnaíodh amach í chun nach mór gach limistéar uirbeach a chuimsiú. 
Tarlaíonn an phóilíneacht phobail nuair a bhíonn na Gardaí, baill den phobail agus gníomhaireachtaí reachtúla agus deonacha ag obair i gcomhar lena chéile chun na rudaí seo a leanas a bhaint amach-
• Coireacht a chosc
• Iompraíocht fhrithshóisialta a chosc
• Ag déanamh an eagla roimh an choireacht a laghdú
• Réiteach fadhbanna idirghníomhaireachta a chur chun cinn
• Ciontóirí a thabhairt faoi réim an cheartais
• Cáilíocht na beatha a fheabhsú ar an iomlán

Cuspóirí na Póilíneachta Pobail
• Chun a nGarda féin a thabhairt do dhaoine i gceantar, duine ar féidir leo gnáthimeachtaí laethúla a phlé agus lena mbíonn caidreamh pearsanta láidir agus tacúil acu.
• Chun cabhrú le daoine a chónaíonn i gceantar an choireacht a chosc trí thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh choiscthe amhail na scéimeanna Faire Comharsanachta agus Pobal ar Aire.
• Chun oibriú le gníomhaireachtaí sóisialta eile sa cheantar chun cabhrú leis an gcoireacht agus an loitiméireacht a chosc. 
Tá teacht ar na Treoirlínte maidir le Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh ar Chlib Oifig Idirchaidrimh an Gharda Síochána d’Íospartaigh.

Leabhar Dathúcháin an Gharda Síochána
Ar an 26 Eanáir 2009, sheol Fachtna Murphy, a bhí ina Choimisinéir ar an nGarda Síochána ag an am, agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Dermot Ahern TD, Múnla Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Pobail.  Nasc chuig an bpreaseisiúint – Múnla Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Pobail.    
** Tabhair faoi d’aire go gcaithfear gach ceist a bhaineann le cúrsaí póilíneachta pobail a chur ar lucht an Stáisiún Gardaí i do cheantar féin.
Má tá ceist shonrach agat maidir le Múnla Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Pobail, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifig Náisiúnta na Póilíneachta Pobail ag na sonraí seo thíos:-
Oifig Náisiúnta na Póilíneachta Pobail
Biúró an Gharda Síochána um Rannpháirtíocht sa Phobal
Ceanncheathrú an Gharda Síochána
Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 DH42
Teil:+3531 666 3806/08/09


Cairt an Gharda Síochána  “Ag Obair lenár bPobail” 
Is féidir Cairt an Gharda Síochána a íoslódáil ón leathanach seo i mBéarla, i nGaeilge agus i roinnt teangacha eile – bain leas as na naisc thíos.
Leagtar amach i gCairt an Gharda Síochána tiomantas an fhórsa do mhacántacht, cuntasacht, meas agus gairmiúlacht gach Garda a bhíonn ag déileáil leis an bpobal.
Forbraíodh an Chairt mar bhealach chun ár dtiomantas don chaidreamh atá againn leis na daoine a mhaireann in, a oibríonn in, agus a thaistilíonn chuig, ár bpobail ar fud na tíre.
Leagtar amach i gCairt an Gharda Síochána ár ngealltanais thábhachtacha atá tugtha againn do bhaill an phobail. Leanfaimid orainn ag obair le baill an phobail, agus le comhlachtaí reachtúla agus deonacha, chun an choireacht agus iompar frithshóisialta a chosc, chun an eagla roimh an choireacht a laghdú, chun réiteach fadhbanna idirghníomhaireachta a chur chun cinn, chun ciontóirí a thabhairt faoi réim an cheartais agus chun cáilíocht na beatha a fheabhsú ar an iomlán i bpobail ar fud na hÉireann.
Leagtar amach sa Chairt gealltanas go gcaithfidh Gardaí le baill an phobail ar bhealach gairmiúil, cothrom, oscailte agus macánta, agus iad ag glacadh le cuntasacht pearsanta agus ag déanamh cuntasacht phoiblí a chinntiú.
Tabharfar aitheantas ar leith ar thosaíochtaí agus riachtanais pobail áitiúla agus déanfar dianiarracht na pobail sin a dhéanamh sábháilte chun maireachtáil iontu, chun cuairt a thabhairt orthu agus chun bheith ag obair iontu.
Aithnítear leis an gCairt an ról lárnach atá ag an bpóilíneacht phobail in obair laethúil an Gharda Síochána. Tá an pobal i gcroí lár gach a dhéanaimid ós rud é gurb é ár gcaidreamh leis an bpobal an buntáiste is mó atá againn i ndáil le coireacht a chosc agus a aimsiú, agus sábháilteacht na ndaoine a chosaint. Leis sin, bímid in ann teacht ar réitigh áitiúla ar fhadhbanna áitiúla agus slándáil agus sábháilteacht a uasmhéadú inár sochaí.


Cá gheobhaidh mé cóip de Chairt an Gharda Síochána?
Tá an Chairt ar fáil anseo le híoslódáil (úsáid na naisc ar thaobh na láimhe deise den leathanach) i mBéarla, i nGaeilge agus i roinnt teangacha eile. Tá an Chairt ar fáil in Braille ón Cigire san Aonad Beartais & Pleanála. Teil: 01 666 7474  Beidh cóipeanna de Chairt an Gharda Síochána ar fáil freisin i Stáisiúin na nGardaí ar fud na tíre. Cliceáil anseo chun teacht ar shonraí teagmhála do Stáisiúin Gardaí áitiúil www.garda.ie/Stations


Tuarascáil STAD arna seoladh in Ollscoil Luimnigh
Ar an 18 Meitheamh 2014, sheol Líonra na hÉireann um Chomhionannas Trasinscne (TENI) an tuarascáil STAD: Stop Transphobia and Discrimination. Déantar coireanna fuatha i gcoinne daoine trasinscne in Éirinn a dhoiciméadú sa tuarascáil STAD, agus is í an chéad tuarascáil den chineál sin í.
Labhair an Ceannfoirt Karl Heller, Biúró an Gharda Síochána um Rannpháirtíocht sa Phobal, ag seoladh na tuarascála. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.


Conas a bhunóidh mé Scéim Faire Comharsanachta?
Déan teagmháil le do stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána chun scéim a bhunú i do cheantar féin. D’fhéadfadh an Scéim a bhunú mar fhreagairt ar éileamh an phobail nó mar thoradh ar theagmháil ón nGarda Síochána. Déanfaidh Garda cur síos ar na rudaí atá le déanamh agus cabhróidh sé/sí chun an chéad chruinniú a eagrú. Roimh scéim a bhunú, labhair le daoine áitiúla chun a fháil amach an bhfuil siad chun tacú lena leithéid de rud. Tá sé tábhachtach a chinntiú go dtuigeann gach duine a ghlacann páirt sa ghrúpa céard atá i gceist leis an scéim. 


Cad iad na róil éagsúla i Scéim Faire Comharsanachta?
De ghnáth, áirítear ina measc siúd:
• Comhordaitheoir Ceantair
• Comhordaitheoir Sráide
• Ball den Scéim Faire Comharsanachta
• Daoine Óga
Tá sé tábhachtach go mbeidh daoine óga páirteach sa ghrúpa Faire Comharsanachta. Chuige sin, is ann do thionscnaimh éifeachtúla um choireacht a chosc agus slándáil pobail a chothú atá dírithe ar mhic léinn na hIdirbhliana. Mar chuid de roinnt scéimeanna Faire Comharsanachta, bhí daoine óga páirteach i ngníomhaíochtaí um fheabhsú spóirt agus comhshaoil.
Ní bheidh rath ar scéim Fhaire Comharsanachta gan ionchur gníomhach gach ball. Is mór an chabhair do chuid gníomhaíochtaí agus tacaíochta. Ná fág faoi dhaoine eile é, bíodh ról agat féin más féidir. 

Cén t-ionchur a bhíonn ag an nGarda Síochána i Scéimeanna Faire Comharsanachta?
Cé gur clár comhpháirtíochta é an scéim Faire Comharsanachta, tá an Garda Síochána iomlán tiomanta dá cur chun cinn, dá eagrú agus do thacaíocht a thabhairt léi, e.g.
• Cuirfimid Faire Comharsanachta san áireamh i ngach straitéis coiscthe na coireachta agus laghdaithe na coireachta, lena n-áirítear Pleananna Póilíneachta.
• Cuirfidh an Garda Síochána an t-ábhar acmhainní go léir ar fáil (leabhráin, greamáin fuinneoige, foirmeacha suirbhé agus foirmeacha riaracháin)
• Déanfaidh an Garda Síochána athbhreithniú náisiúnta eile ar an Scéim Faire Comharsanachta in 2011.
• Ainmneofar Garda Idirchaidrimh le haghaidh gach scéime Faire Comharsanachta.
• Bunóidh bainisteoirí sinsearacha an Gharda Síochána Comhchoistí Ceantair agus Roinne um Fhaire Comharsanachta.