Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Oifig Cumarsáide Corparáideach

MEDIA

Is í Oifig na gCumarsáideacha Corparáideacha an príomhphointe teagmhála do na meáin chun eolas a fháil maidir le hoibríochtaí na nGardaí, imscrúduithe coiriúla, achainíocha ar dhaoine ar iarraidh, timpistí bóithre marfacha agus raon leathan eolais eile a bhaineann leis heagraíocht an Gharda Síochána,

Ta Stiúrthóir na gCumarsáideacha agus Preasoifigeach an Gharda (Ceannfort) agus Cumarsáideacha Corparáideacha (Ceannfort) i gceannas ar an Oifig, tá foireann Gardaí agus Sibhialacha ar fhoireann na hoifige agus déileálann siad le fiosrúcháin ó na meáin.

I measc fheidhmeanna eile fhoireann na hoifige tá: freastal ar mhóréigeandálacha/teagmhais, preas-chomhdháileacha a eagrú agus iad a reáchtáil, agallaimh a éascú, teagmháil le déantóirí scannán, clár faisnéise.

Tá an Oifig freagrach as láithreán gréasáin an Gharda a chothabháil agus as an Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú.

Tá an Oifig ar oscailt ó 7.00rn go 11in 7 lá in aghaidh na seachtaine. lasmuigh de na huaireanta seo tá seirbhís theoranta ar fáil tríd an Ionad Ceannais agus Comhordaithe ag Cearnóg Fhearchair.

Cothaíonn Oifig na gCumarsáideacha láithreán ar-líne ar shuíomhanna na meán sóisialta ina measc -

Facebook - An Garda Síochána

Twitter - @gardatraffic and @gardainfo

Flickr - http://www.flickr.com/photos/gardasiochana/

Is féidir dul i dteagmháil leis an Oifig mar a leanas:

Oifig na gCumarsáideanna Corparáideacha Ceanncheathrú an Gharda Páirc an Fhionnuisce Baile Átha Cliath 8 D08 HN3X. 

Teil: +353 1 6662032/35/71/72 Faics: +353 1 6662033 R-phost: pressoffice@garda.ie  

Ionad Ceannais agus Comhordaithe ag Cearnóg Fhearchair (tar éis 11pm): +353 1 6663109

Ba chóir d'Iriseoirí a dteastaíonn uathu preasráitis a fháil trí r-phost dul i dteagmháil leis an bPreasoifig chun na socruithe cuí a dhéanamh.