Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Chomhordú Beartas agus Rialachais

An tAonad um Chomhordú Beartas agus Rialachais

Bunaíodh an tAonad um Chomhordú Beartas agus Rialachais an 29 Lúnasa 2017 agus tá Ceannfort i gceannas air. Tá dhá fheidhm sainiúil agus ar leith um chomhordú beartas agus rialachais ag an Aonad ar féidir a chatagóiriú faoi na tionscnaimh seo a leanas laistigh de chuid an Gharda Síochána:

  • Creat Beartas
  • Creat Rialachais Chorparáidigh

Feidhmeanna Beartas faoin gCreat Beartas

  • Maitrís um Úinéireacht Beartas a Fhorbairt don Gharda Síochána ina sanntar úinéireacht ar gach beartas leibhéal an Choimisinéara Cúnta/ Stiúrthóra Feidhmiúcháin

  • Treoir / tacaíocht maidir le forbairt beartas a sholáthar d'Úinéirí Beartas

  • Maoirseacht ar bheartais trí bhainistíocht a dhéanamh ar Loga Saincheisteanna Beartas agus timthriall athnuachana

  • Idirchaidreamh leis an mBord um Rialachais Riosca & Beartais

  • Oiliúint/treorú a sholáthar maidir leis an gCreat Beartas

  • Athbhreithniú/monatóireacht ar chur i bhfeidhm an Chreata Beartas

  • Rannóg Beartas a fhorbairt agus a chothabháil ar Láithreán Gréasáin & Tairseach an Gharda Síochána

Feidhmeanna Rialachais faoin gCreat Rialachais Chorparáidigh

  • Treoir/tacaíocht a sholáthar do Bhainistíocht Shinsearach an Gharda Síochána maidir le struchtúir rialachais a fhorbairt laistigh d'eagraíocht an Gharda Síochána

  • Idirchaidreamh leis na Boird Rialachais éagsúla maidir le cúrsaí rialachais de réir mar is cuí

  • Creat Ráthaíochta a fhorbairt agus a chothabháil i gcomhréir leis an gCaighdeán Rialachais Chorparáidigh don Státseirbhís chun gabháil le Creat Rialachais Chorparáidigh an Gharda Síochána

  • Tiomantais an Athbhreithnithe Bhliantúil a chur i bhfeidhm faoin gCreat Rialachais Chorparáidigh

  • Maoirseacht rialachais trí bhainistíocht a dhéanamh ar Loga Cúrsaí Rialachais

  • Oiliúint/treorú maidir le téamaí & saincheisteanna Rialachais

Ríomhphost: policy.governance@garda.ie