Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Aonad um Chaighdeáin Ghairmiúla an Gharda

Awards to GPSU

Bunaigh Coimisnéir An Gharda Síochána Aonad um Chaighdeáin Ghairmiúla an Gharda Síochána i Feabhra 2006

Is é is feidhm leis an Aonad, mar a leagtar amach san Acht sin, ná:

a)     Feidhmíocht oibriúcháin, riaracháin agus bainistíocht an Gharda Síochána a iniúchadh agus a athbhreithniú ag gach leibhéal, faoi threoir an Choimisinéara.

(b)     Bearta a mholadh don Choimisinéir chun an fheidhmíocht sin a fheabhsú, agus

(c)    Na caighdeáin chleachtais is airde a chur chun cinn, arna dtomhas trí thagairt do na caighdeáin is fearr de sheirbhísí póilíneachta inchomparáide, i ngnóthaí oibriúcháin, riaracháin agus bainistíochta a bhaineann leis an nGarda Síochána.

An ról atá ag an Aonad um Chaighdeáin Ghairmiúla an Gharda Síochána maidir le próisis imscrúdaithe agus athbhreithnithe, is gné é de rialachas corparáideach sa Gharda Síochána, trí iniúchadh agus maoirsiú a dhéanamh.  Déanann an tAonad feasacht eagraíochtúil ar fhadhbanna a chur chun cinn, chomh maith le próisis atá níos sruthlínithe agus níos éifeachtaí, agus éifeachtúlachtaí feabhsaithe a chur chun cinn leis. Chomh maith leis sin, déanann sé gairmiúlacht an Gharda Síochána a fheabhsú freisin.

Tá sé de cheangal ar Choimisinéir an Gharda Síochána tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais gach bliain faoin 31 Márta, maidir le gníomhaíochtaí an Aonaid um Chaighdeáin Ghairmiúla an Gharda Síochána.  Cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar aghaidh chuig an Údarás Póilíneachta nua nuair a bhunófar é. Foilseofar an tuarascáil sin ar shuíomh Gréasáin an Gharda Síochána.