Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Gnóthaí Inmheánacha

gardai walking among trees sm

Tagann Gnóthaí Inmheánacha faoi shainchúram an Choimisinéara Cúnta Rialachais agus Cuntasachta faoi cheannas Príomh-Cheannfort.  Cuimsíonn Gnóthaí Inmheánacha na hailt seo a leanas, bunaithe ag Ceanncheathrú an Gharda Síochána agus i dTeach Athlumney, An Uaimh, Co. na Mí:

  • Disciplín
  • Gearáin
  • Cúiteamh
  • Oifig Gearain (Oifig Idirchaidrimh GSOC , An Uaimh).

Smachtú:

Is í an Rannóg um Smachtú a bhíonn freagrach as maoirsiú gach imscrúdú a dtugann An Garda Síochána fúthu de réir fhorálacha Rialacháin an Gharda Síochána (Smachtú) 2007/2011 (Ionstraim Reachtúil Uimh. 214 de 2007 agus 620 de 2011), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh, 2007 agus an 22 Samhain 2011.  Is éard is cuspóir leis na Rialacháín úd chun cód iompair a sholáthar do bhaill an An Garda Síochána, nach foláir cloí go docht lei.  Féadann aon sárú amhrasach teacht faoi imscrúdú ag Oifigigh ceaptha de bhun na Rialachán.  Áirítear leis na pionóis faoi na Rialacháin an dífhostú; laghdú gráid; laghdú sealadach um pá; foláireamh agus comhairle.

Gearáin:

Bunaíodh Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (COGS) faoi Acht an Gharda Síochána 2005, mar údarás neamhspleách leis an tasc chun gearáin a imscrúdú i gcoinne bhaille den Gharda Síochána.

Na daoine sa phobal a dtéann mí-iompar le ball den Gharda Síochána i bhfeidhm go díreach orthu, nó a bhíonn ina bhfinnéithe dó sin; is féidr leo gearán a thabhairt.  Is féidir gearáin a thabhairt thar ceann an bhaill sin den phobal, ag duine ar bith eile, má thoilíonn an duine den phobal a ndéantar an gearán ar a sonsan, i scríbhinn nó ó bhéal, dá thabhairt.

Is féidir gearáin a dhéanamh go díreach le COGS (bíonn sonraí teagmhála ar fáil ag www.gardaombudsman.ie) nó trína shloinneadh, a thabhairt nó a sheoladh:

a) chuig Coimisinéir an Gharda;   

b) chuig ball ar bith den Gharda Síochána ag Stáisiún an Gharda Síochána; nó   

c) chuig ball ag grád an Phríomh-Cheannfhoirt nó os a chionn, ag ionad éigin eile seachas stáisiún an Gharda Síochána.

Foráiltear sa reachtaíocht go dtarchuirtear gach gearán a thugtar i gcoinne baill den Gharda Síochána chuig Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána dá mbreithniú.

Is féidir le COGS, ach gearán incheadaithe a fháil, de réir mar a mheasann sé bheith iomchuí:   

1) plé leis an ngearán trí mheán réitigh neamhfhoirmiúil   

2) an gearán a tharchur chuig An Garda Síochána dá imscrúdú ag Oifigigh an Gharda, thar ceann COGS.          

Féadann an t-imscrúdú bheith:        

a) gan mhaoirsiú        

b) maoirsithe ag oifigeach ainmnithe le COGS.   

3) an gearán a imscrúdú le hoifigeach ainmnithe COGS.

Soláthraítear leis na Rialacháin ábhartha faoi Acht an Gharda Síochána 2005 tráthchláir dhochta faoina ndéanfar na himscrúduithe úd.

Cúiteamh:

Déantar gach iarratas ar chúiteamh faoi Achtanna an Gharda Síochána (Cúiteamh) 1941/45 le baill ar seirbhís nó ar scor den Gharda Síochána chuig an Roinn Dlí & Cirt, agus Comhionannais; agus baineann siad le gortuithe a dhéantar go fealltach ar an mball, bídís ar dualgas nó as dualgas, i gcaitheamh, nó i ndáil le feidhmiú a ndualgas mar bhaill den Gharda Síochána.

Is í an Rannóg Cúitimh a bhíonn freagrach as próiseáil gach iarratas mar sin ar chúiteamh thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt, agus Comhionannais, sa mhéid agus a bhaineann sé leis An Garda Síochána féin. 

Sláínte agus Sábháilteacht:

Tugann an Rannóg Sláinte & Sábháilteachta cúnamh agus comhairle don Choimisinéir i leith a feidhmeanna reachtúla faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte & Leas ag an Obair 2005, lena n-áirítear forbairt an bheartais, na gclár agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an tSláinte & an tSábháilteacht Cheired do An Garda Síochána agus do chuairteoirí ar áitribh Gharda.  Is í an Rannóg seo a dhéanann monatóireacht ar fhorfheidhmiú, rolladh amach agus comhlíonadh leis na beartais agus na nósanna imeachta sin, agus le reachtaíocht agus rialacháin ábhartha eile um Shláinte & Sábháilteachta, chun sábháilteacht gach ball agus fostaí de An Garda Síochána agus gach cuairteoir ar Stáisiúin an Gharda agus ar áitribh eile in Eastát an Gharda a chinntiú.

Thar Lear:

Is iad an pearsanra san Oifig thar Lear a bhíonn freagrach as imlonnú bhaill ar iasacht An Gharda Síochána i mbun seirbhíse chuig na Náisiúin Aontaithe, chuig an Aontas Eorpach agus an OSCE (an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip) ar dualgas síochánaíochta thar lear, ag comhordú leis na Ranna Dlí agus Cirt, & Comhionannais agus Gnóthaí Eachtracha & Trádála.

Roghnaítear baill do na dualgais úd agus soláthraítear oiliúint iomchuí do na baille roghnaithe sula n-imlonnaítear iad.  Roghnaítear Ceann Toscaireachta d’fhad an imlonnaithe, chun a chinntiú go gcloíonn na baill - a bhíonn fós faoi réir an chóid Rialachán agus Smachtaithe srl, de chuid an Gharda Síochána agus iad imlonnaithe thar lear - leis an méid céanna agus chun sábháilteacht agus leas na mball agus iad thar lear a chinntiú agus a mhonatóireacht.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Gnóthaí Inmheánacha ag:

Gnóthaí Inmheánacha

Ceanncheathrú an Gharda

Páirc an Fhionnuisce

Baile Átha Cliath 8 D08 HN3X.

Fón: +353 1 6660000