Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Oifig Riaracháin

Tá an Oifig Riaracháin freagrach as gach comhfhreagras a thagann isteach agus a théann amach ón Roinn Dlí agus Cirt a phróiseáil mar a bhaineann sé leis an méid seo a leanas:

  • Na hAchtanna um Aistriú Daoine ar Cuireadh Pianbhreith Orthu, 1995 and 1997.
  • Freagracht i dtaobh tuarascálacha a fháil don Bhord Athbhreithnithe Meabhairshláinte (Dlí Coiriúil).
  • Dul i gcaidrimh le Ceantair Gharda ábhartha mar gheall ar iarratais faoin Acht Cothabhála, 1994, ón Lárúdarás, an Roinn Dlí agus Cirt.
  • Iarratais nua agus iarratais amach a dhéantar do Cheantair Gharda faoi Choinbhinsiún na Háige.