Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An tSláinte Cheirde

SLÁINTE CHEIRDE

Tá Seirbhís Sláinte Cheirde an Gharda Síochána (GOHS) mar chuid den Stiúrthóireacht Sláinte agus Folláine Cheirde atá faoi cheannas an Phríomh-Oifigeach Leighis. Tá an tSeirbhís suite ag Ceanncheathrú an Gharda Síochána.Medical

Is iad na haidhmeanna atá ag an tSeirbhís -

  • Folláine fhisiceach, mheabhrach agus shóisialta na gcomhaltaí foirne a chur chun cinn agus a chothabháil.
  • Seirbhís comhairleach a sholáthar atá neamhspleách, rúnda agus eiticiúil.
  • Comhlíonadh le reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a spreagadh.
  • Cultúr sláinte agus folláine a chur chun cinn in AGS.
  • Comhairle a sholáthar maidir le saincheisteanna a bhaineann le hobair i ndáil le sláinte agus folláine fostaithe agus bainistíocht an Gharda Síochána. 

Tá foireann sainghairmithe cúraim sláinte cheirde ag GOHS arna tacú ag foireann riaracháin. Tá an tSeirbhís tiomanta do thacaíocht a thabhairt d'fhostaithe an Gharda Síochána chun a gcuid sláinte agus folláine a choimeád d’fhonn a gcuid dualgas a chomhlíonadh go sábháilte agus go héifeachtach. 

Soláthraíonn GOHS na seirbhísí seo a leanas -

  • Comhairle maidir le hinniúlacht i gcomhair oibre, lena n-áirítear comhairle maidir le hathshlánú, ath-imscaradh, scor mar gheall ar dhrochshláinte.
  • Measúnuithe leighis réamhfhostaíochta.
  • Tacaíocht a thabhairt do HRPD agus do bhainistíocht áitiúil maidir le bainistíocht asláithreacht de bharr breoiteachta.
  • Cláir imdhíonta agus tástálacha / scagadh fola a bhaineann leo.
  • Bainistiú díobhálacha OBBFE.
  • Faireachas Sláinte ar fhostaithe an Gharda Síochána a bhfuil baint acu le róil chriticiúil sábháilteachta / dualgais speisialaithe.
  • Measúnú agus comhairle leighis maidir le hiarratais ar an Acht um Chúiteamh.
  • Cur chun cinn sláinte agus folláine.
  • Scagthástáil Sláinte do chomhaltaí a bhíonn ag taisteal ar mhisin thar lear.

Fón: 01 6662325 or 016662326

Fac: 01 6662365

Ríomhphoist: occupationalhealth@garda.ie