Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Roinn HRM an Gharda Síochána

HRM

Rannán Bainistíochta Acmhainní Daonna an Gharda

Faightear gairmithe san Fhoireann Bhainistíochta Acmhainní Daonna le taithí agus creidiúnú acu. I bhfianaise ról forbartha na nAcmhainní Daonna in eagrais nua-aimseartha, bíonn próifíl foirne na Foirne ag athrú i gcónaí chun na dúshláin a bhaineann le gnéithe seachtracha don athrú, agus le comhshaol oibre a bhíonn ag éirí níos teicniúla. Eochairghné den phróiseas seo is ea úsáid chomhtháite na foirne Garda agus is Sibhialtaigh le tacar sainscileanna Acmhainní Daonna agus cáilíochtaí bainistíochta ríthábhachtacha. 

Is leis an earcaíocht éifeachtach a thosaíonn fís An Garda Síochána ‘Daoine den Scoth ag Seachadadh an Fheabhais sa Phóilíneacht’. Leantar leis an bpróiseas ansin trí:

• Leithdháileadh

• Ceapadh speisialtóirí

• Breithmheas

• Ardú Céime

Bíonn Bainistíocht Acmhainní Daonna an Gharda ag síorathrú trí fhorbairt Straitéise Acmhainní Daonna forásaí agus trí úsáid mhéadaithe na teicneolaíochta agus na foirne gairmiúla cáilithe. 

Feidhmeanna Bainistíochta Acmhainní Daonna

Pleanáil Acmhainní

• Earcaíocht Éifeachtach: Earcú seirbhíse Garda lánaimseartha agus Chúltaca an Gharda. Daoine den scoth a earcú chun fís an Eagrais a thabhairt chun críche, Daoine den Scoth ag seachadadh an Fheabhais sa Phóilíneacht.

• Gluaiseacht fostaithe: Leithdháileadh agus aistrithe foirne chun éascú is fearr d’éilimh ghnó an eagrais, ag tabhairt san áireamh éilimh na mball aonair.

• Forbairt chláir Iasachtaithe agus Idirmhalartaithe le seirbhísí póilíneachta eachtracha, chun cumas fadtéarmach eagrúcháin a mhéadú agus chun béascna foghlama forásach a chothú.

Caidrimh Fostaithe

  • Comhpháirtíocht: Cumasaítear leis na Struchtúir Chomhpháirtíochta laistigh de An Garda Síochána don Lucht Bainistíochta, do na Baill Foirne agus do na Cumainn Foirne chun:

      1.Dul i ngleic ar bhealach bríomhar chun An Garda Síochána a nuachóiriú tríd an gcomhairliúchán, an rannpháirteachas agus an comhoibriú,

      2. Bheith i gcomhsheilbh na bpleananna gníomhaíochta agus iad a fhorfheidhmiú mar chuid de Chomhaontú na Seirbhíse Poiblí   2010-2014.

      3.Cur chuige rannpháirteach a chinntiú chun saincheisteanna agus dúshláin choitianta a fhuascailt.

  • Idir-Réiteach & Eadráin: Foráiltear sa scéim Idir-Réitigh agus Eadrána do bhreithniú éileamh agus moltaí a bhaineann le coinníollacha seirbhíse do bhaill na ranganna dá bhfeidhmíonn na Cumainn Foirne Garda ábhartha.

Forbairt Fostaithe

  • Forbairt Lucht Bainistíochta: Bíonn Bainistíocht Acmhainní Daonna an Gharda onnghníomhach i leith saincheisteanna tábhachtacha do bhainisteoirí Garda. Is mar chuid den tiomantas leanúnach don fhorbairt eagrúcháin a fhormhéadófar úsáid na seimineár amach anseo chun a chinntiú gur féidir leis na bainisteoirí oibriúcháin ar an talamh aghaidh a thabhairt ar gach saincheist éigeantach um Bainistíocht Acmhainní Daonna.
  • Forbairt Ghairmréime. Is ceann d’eochairfhreagrachtaí do Rannán Bainistíochta Acmhainní Daonna an Gharda é chun pearsanra iomchuí a roghnú d’ardú céime. Tá an tEagras tar éis córas ardaithe céime bunaithe ar inniúlacht a fhorbairt le blianta beaga anuas. Is ríthábhachtach go roghnaítear le próiseas ardaithe céime An Garda Síochána na hiarrthóirí is fearr agus is féidir ar bhealach soiléir agus trédhearcach. Is sna cúinsí úd amháin a chinnteoidh An Garda Síochána a chumais cheannaireachta amach anseo.
  • Monatóireacht Mac Léin/Promhóirí: An tseirbhís is fearr agus is féidir a fhorbairt ach monatóireacht a dhéanamh ar Ghardaí nua is Mic Léinn agus is promhóirí chun na caighdeáin iompair, oibre agus soláthair sheirbhíse is airde a chinntiú.

Acmhainní Daonna Straitéiseacha

  • Sibhialtachú: Tá Bainistíocht Acmhainní Daonna tar éis bheith ríthábhachtach d’fhorfheidhmiú an chláir Shibhialtachaithe le deich mbliana anuas. Coinnímid orainn ag feidhmiú róil thábhachtaigh chun tacú le Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna Sibhialtach an Gharda.  

Cruthú Comhshaoil Oibre Dhearfaigh

  • Seirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe: Tacaíocht a chinntiú do leas agus sláinte gach Ball den Gharda agus a gcuid teaghlach.
  • Beartas Casaoide agus Tromaíochta: Tacú le comhshaol oibre dearfach trínár mbeartas tromaíochta nua agus creidiúnaithe. Cásanna tromaíochta a bhainistiú chun imscrúduithe córa agus éifeachtúla a chinntiú.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Bainistíocht Acmhainní Daonna an Gharda ag:

Bainistíocht Acmhainní Daonna

Ceanncheathrú an Gharda

Páirc an Fhionnuisce

Baile Átha Cliath 8

D08 HN3X.

Ríomhphost: HRM_Administration@garda.ie