Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

ga - Irish Section

Labhair í. Is Linn í.

Fáinne Gaeilge an Gharda Síochána

Is siombail aitheanta í an Fáinne a léiríonn nasc leis an nGaeilge agus caitear í chun líofacht sa teanga nó toilteanas í a labhairt a léiriú, fiú amháin muna bhfuil ann ach cúpla focal. D’fhorbair An Garda Síochána i gcomhar le Conradh na Gaeilge trí shuaitheantas bioráin don eagraíocht, an Fáinne Óir, an Fáinne Airgid agus an Fáinne Cúpla Focal. Tugann an Fáinne Óir le fios gur cainteoir dúchais Gaeilge é duine agus léiríonn an Fáinne Airgid go bhfuil bunleibhéal Gaeilge ag duine agus caitheann duine nach bhfuil acu ach cúpla focal ach atá bródúil as na cúpla focal sin an Fáinne Cúpla Focal.

Seoladh an tionscnamh seo chun cur lenár n-iarrachtaí chun úsáid na Gaeilge laistigh den eagraíocht agus sa phobal i gcoitinne a mhéadú, a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt di. Tá sé mar aidhm againn an pearsanra go léir a spreagadh chun pé Gaeilge atá acu a úsáid. Ina theannta sin, soláthróidh an Fáinne bealach éifeachtach do bhaill an phobail pearsanra a bhfuil Gaeilge acu a aithint go héasca.