Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Human Trafficking Investigation

Gáinneáil ar Dhaoine – an aithníonn tú na comharthaí?

Is í an reachtaíocht a bhaineann le coireanna den sórt seo in Éirinn ná: an tAcht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008 agus an tAcht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) (Leasú) 2013. 

Míníonn an reachtaíocht na cionta a bhaineann le Gáinneáil ar Dhaoine agus na sainmhínithe éagsúla a bhaineann le gach cineál dúshaothraithe.

Gáinneáil ar Dhaoine ar mhaithe le dúshaothrú oibre

Cuirtear iallach ar dhaoine ar a ndéantar gáinneáil orthu chun críche dúshaothrú oibre, (ach ní amháin) obair sna hearnálacha seo: talmhaíocht, tógáil, siamsaíocht, tionscal na seirbhíse, déantúsaíocht agus sclábhaíocht bhaile, chomh maith le hiarraidh déirce. Cuimsíonn gáinneáil ar dhaoine: earcaíocht, gluaiseacht, tearmannú nó duine a ghlacadh isteach ar na dóigheanna seo: eagla, calaois agus caimiléireacht, iallach, lámh láidir nó trí mhí-úsáid chumhachta nó stádas soghontachta, chun críche dúshaothrú gnéasach nó oibre, coiriúlacht éigeantais nó lena gcuid orgán a bhaint astu.

Seo iad cuid de na comharthaí a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine chun críche dúshaothrú oibre:

  • Uaireanta oibre an-fhada a dhéanamh
  • Iallach a bheith ar dhuine obair chontúirteach a dhéanamh
  • Pá íseal nó pá ar bith a bheith íoctha
  • Gan conradh fostaíochta
  • Gan cearta oibre a bheith agat
  • Bheith i do chónaí leis an teaghlach atá dod fhostú
  • I do chónaí i ngrúpaí san áit ina n-oibríonn tú, agus gan an áit a fhágáil ach go hannamh
  • Gan éadaí agat atá oiriúnach don obair atá ar siúl agat: mar shampla gan trealamh cosanta nó éadaí atá te go leor
  • Bheith ag brath ar d’fhostóir le haghaidh roinnt seirbhísí, lena n-áirítear, obair, bia, iompair agus lóistín
  • Brú a bheith ort íoc as uirlisí, as bia nó lóistín agus an t-airgead seo a bheith tógtha as do phá
  • Gan ranníocaíochtaí cánacha nó PRSI a bheith agat nó gan fáil agat ar thacaíochtaí sóisialta
  • Bheith faoi smacht d’fhostóra maidir le gníomhaíochtaí sóisialta agus gluaiseacht
  • Gan an teach a fhágáil riamh nó go hannamh gan d’fhostóir 
  • Gan príobháideachas a bheith agat ach bheith ag codladh i seomra le daoine eile nó in áit atá plódaithe
  • Gan ach fuílleach bia agat le hithe
  • Gan rogha a bheith agat maidir leis an  lóistín a chuirtear ar fáil duit
  • Gan bheith in ann an láthair oibre a fhágáil gan d’fhostóir.
  • Gan bheith ábalta gluaiseacht gan srian
  • Bheith i do chónaí in áiteanna mí-oiriúnacha a bhfuil droch-bhail orthu, leithéidí foirgnimh talmhaíochta nó tionsclaíoch
  • Bheith faoi bhearta slándála atá i bhfeidhm chun tú a choinneáil ar an láthair oibre
  • Bheith faoi smacht trí fhíneálacha agus trí bhagairtí
  • Bheith ag fulaingt ó mhaslú, ó mhí- úsáid, ó bhagairtí agus ó fhoréigean.
  • Gan oiliúint bhunúsach agus ceadúnais ghairmiúla a bheith agat
  • Bheith ag obair in áiteanna nach bhfuil fógraí sláinte agus slándála iontu, ina bhfuil trealamh ar chaighdeán íseal agus tú i gcúinsí contúirteacha
  • Gan bheith ábalta doiciméad aitheantais a thaispeáint
  • Bheith ag obair gan doiciméid fosaíochta atá riachtanach d’ fhostaithe ó do thír dhúchais
  • Bheith imníoch faoi shonraí an duine atá dod chumhachtú, a nochtadh agus iallach a bheith ort bréag a insint
  • Go bhfuil athdhearadh déanta ar threalamh ionas go mbeidh leanaí in ann é a úsáid
  • Bheith gortaithe nó tinn agus gan cór leighis faighte agat
  • Is féidir nach mbíonn leanaí cláraithe ar scoil nó go mbíonn leithscéal ann ar an ábhar seo, mar shampla go bhfuil scolaíocht ar siúl sa bhaile nó go bhfuil siad díreach tar éis teacht chun na tíre

Maidir le déircínteacht, tá sainchomharthaí ann, leithéidí:

  • Leanaí, daoine aosta nó imircigh faoi mhíchumas a bhíonn ag lorg déirce in áiteanna poiblí agus ar chórais iompar poiblí
  • Leanaí den náisiúntacht nó den eitneacht chéanna a bhogann thart i ngrúpaí móra nó le cúpla duine fásta ach leis an gcaomhnóir céanna nó
  • A chónaíonn mar bhaill de dhrong le daoine fásta nach a dtuismitheoirí iad nó
  • A nglacann páirt i ngníomhachtaí na ndrong coirpeach eagraithe

Gáinneáil ar dhaoine chun críche  dúshaothrú gnéasach

Seo a leanas roinnt comharthaí a d’fhéadfadh a shainaithint maidir le daoine a bhfuil gáinneáil a dhéanamh orthu chun críche dúshaothrú gnéasach:

  • Bheith d’aois ar bith, ach braitheann an aois ar an láthair agus ar an margadh
  • Bheith ag bogadh ó dhrúthlann go drúthlann nó bheith ag obair in áiteanna éagsúla
    Bheith i do chónaí i ngrúpaí ar an láthair oibre, agus gan an láthair sin a fhágáil ach go hannamh
  • Bheith ag brath ar d’fhostóir le haghaidh roinnt seirbhísí, lena n-airítear, obair, bia, iompair agus lóistín
  • Bheith faoi smacht feitheora agus tú ag dul ar obair agus ag teacht ar ais ón obair agus le linn ghníomhaíochtaí eile lasmuigh
  • Tatúnna a bheith agat a gcuireann úinéireacht na ndúshaothraithe in iúl
  • Bheith ag obair ar feadh uaireanta fada agus gan ach beagán laethanta saoire agat nó b’fhéidir gan ceann ar bith
  • Bheith ag codladh sa láthair oibre
  • Bheith i do chónaí nó ag taisteal i ngrúpa, in amanna le mná eile nach labhraíonn an teanga chéanna
  • Gan ach beagán éadaigh agat. Agus na comharthaí eile san áireamh, is féidir le héadaí bheith ina chomhartha go bhfuil bean ina striapach
  • Gan bheith ábalta ach focail a bhaineann le cúrsaí gnéis a rá sa teanga áitiúil nó i dteanga na cliantachta
  • Gan do chuid airgid féin a bheith agat
  • Bheith faoi smacht ó fhínéalaithe agus ó bhagairtí
  • Gan a bheith ábalta doiciméad aitheantais a thaispeáint
  • Bheith imníoch faoi ainm an duine atá dod chumhachtú, a nochtadh.
  • Bheith faoi mhasla, faoi mhí-úsáid, faoi bhagairtí nó faoi fhoréigean
  • Fón póca a bheith agat ina bhfuil téacsanna le seoltaí chun teacht ar láithreacha
  • Bheith gortaithe nó tinn, nó drochshláinte a bheith ort nó galair ghnéas-tarchurtha nó víris fola a bheith ort nó a leithéid agus gan cóir leighis curtha ort    
  • Leanaí a thaispeánann iompar nó foclóir gnéasach

Gáinneáil ar dhaoine lena gcuid orgán a bhaint astu

Is féidir na rudaí seo a leanas a fheiceáil ar  dhaoine a ndéantar gáinneáil orthu lena gcuid orgán a bhaint astu:

  • Coilm a bheith ar a nduáin
  • Comharthaí d’obráid nach bhfuil déanta ag saineolaí/ionfhabhtaithe 

Ceisteanna Coitianta

Cad ba chóir dom a dhéanamh má bhíonn amhras orm faoi gháinneáil ar dhaoine?

  • Ma tá gáinneáil a dhéanamh ort nó ar dhuine ata ar aithne agat, téigh i dteagmháil leis an stáisiún Gardaí is gaire duit
  • Má theastaíonn uait coir a thuairisciú gan d’ainm a chur leis, is féidir leat dul i dteagmháil le Crimestoppers ag 1825 00 25
  • Is féidir leat ríomhphost a sheoladh gan d’ainm a chur air, faoi rún daingean ag blueblindfold@garda.ie

Conas a d’aithneoinn íospartach?

(De ghnáth bíonn roinnt comharthaí san áireamh)

Coireacht faoi rún is ea gáinneáil ar dhaoine agus mar gheall air sin, is féidir go mbíonn sé deacair daoine gáinneáilte a shainaithint go furasta. Tá roinnt fáthanna nach n-iarrann daoine gáinneáilte, cabhair. Is féidir go mbíonn siad sáinnithe go fisiciúil nó faoi dhianghardáil an t-am ar fad. B’fhéidir go bhfuil eagla orthu go mbainfí díoltas amach ina n-éadan nó in éadan a dteaghlaigh, nó go bhfuil náire orthu nó aiféaltas orthu nó go mothaíonn siad go bhfuil siad freagrach as an dúshaothrú atá déanta orthu. San am céanna, tá roinnt comharthaí coitianta a d’fhéadfadh d’aire a tharraingt gurbh fhéidir gurb íospartach an duine seo.

Cá háit a gheobhainn Íospartaigh a bhfuil Gáinneáil á dhéanamh orthu?  “Faoi cheilt ach soiléir a fheiceáil” 

Deirtear go minic go mbíonn íospartaigh gháinneála ar dhaoine “Faoi cheilt ach soiléir a fheiceáil”. Ciallaíonn seo go mbíonn na daoine seo os ár gcomhair, feiceálach dúinn ach ní aithnímid gurb íospartaigh gháinneála ar dhaoine iad.

Is féidir íospartaigh gháinneáilte a fheiceáil in áiteanna éagsúla, go minic in áiteanna ina bhfuil nasc éigin leis an sórt dúshaothraithe, lena n-áirítear, láithreacha uirbeacha agus tuaithe, idir cheantair an-iargúlta agus láithreacha lárchathrach. In Éirínn, de réir eispéiris, bíonn íospartaigh ar féidir gáinneáil a dhéanamh orthu, le feiceáil sna láithreacha seo: talmhaíocht, tithe fáis, sclábhaíocht tí, bialanna, clubanna oíche, monarchana, sráideanna, iompar poiblí, coirnéil sráide, ag soilse tráchta ag iarraidh déirce, drúthlanna, gníomhaireachtaí comórtha, ionad suathaireachta agus/ nó tithe príobháideacha nó árasáin. 

Cén sórt dúshaothraithe a tharlaíonn?      

Áiríonn reachtaíocht na hÉireann na cineálacha seo:

Dúshaothrú Gnéasach, Dúshaothrú Oibre, dúshaothrú le horgán amháin nó níos mó a bhaint as duine, dúshaothrú ina gcuirtear brú ar dhuine dul le gníomhaíocht choiriúil.

Cén difear atá idir gháinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine?

Is é atá i gceist le Smuigleáil Daoine ná inimircigh neamhdhleathacha ag teacht isteach go neamhdhleathach sa tír seo. Is mian le Inimircigh Neamhdhleathacha teacht anseo agus is minic a n-íocann siad duine chun an iontráil neamhdhleathach sin a éascú. Eagraíonn/éascaíonn tríú páirtí é seo, is é seo smuigléir ar mhaithe le gnóthú. 

Tá an gháinneáil ina cheist i bhfad níos tromchúisí ná cionta inimirce agus mar sin de ba chóir go dtabharfaí tús áite dó má tá amhras faoina leithéid.  

Bíonn earcaíocht, gluaiseacht agus dúshaothrú an íospartaigh i gceist le Gáinneáil ar Dhaoine.

Is féidir le hinimirceach neamhdhleathach a bheith san áireamh anseo. Ní áireofar cead atá tugtha ag an íospartach ar dtús má fuarthas é trí chalaois, trí chaimiléireacht nó trí chomhéigean. Le linn íospartaigh a earcú, beidh snáitheanna éagsúla i gceist, bíodh ceann amháin nó níos mó i gceist. Is féidir go dtarlaíonn seo trí chomhéigean amach is amach ó bhagairtí nó ó fhoréigean don duine nó do bhaill teaghlaigh agus fuadach freisin. Is féidir go mbíonn caimiléireacht níos caolchúisí agus go ndéanann sé cúinsí eacnamaíocha, soghontacht nó creidimh chultúrtha an íospartaigh a dhúshaothrú. An difear is mó atá idir gháinneáil ar dhuine agus smuigléireacht ná go gcaithfidh cineál éigin dúshaothraithe a bheith ann nó a bheith beartaithe chun gáinneáil a thabhairt air. Mínítear ‘dúshaothrú’ i gCuid 1 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008:

  • Dúshaothrú Oibre
  • Dúshaothrú Gnéasach
  • Coiriúlacht Éigeantach nó
  • Gáinneáil ar dhaoine le horgán amháin nó níos mó a bhaint astu

Bíonn smacht ag an ngáinneálaí ar an íospartach nuair a shroicheann sé/sí ceann scríbe agus déanann sé/sí dúshaothrú orthu. 

Ar na cineálacha eile de dhúshaothrú, tá éascú leasa agus calaois aitheantais, dúshaothrú ar leanaí maidir le déirce a iarraidh, ceoltóirí sráide, díoltóirí bláthanna. Is féidir go mbíonn gnéithe den gháinneáil ar dhaoine le brath i gcásanna ina gcuirtear brú ar dhuine chun pósadh, leanaí a thabhairt suas le huchtú nó leanaí a dhíol, rudaí a nglactar leo i gcultúir eile.

Úsáideann gáinneálaithe roinnt straitéisí agus iad ag cur smacht ar a gcuid earraí, ar daoine iad. Cuid de na samplaí is ea cuibhriú fiachais, nuair a théann an gáinneálaí ar cuairt chuig áit eile, bunaithe ar iasacht nó ar shocrú leo féin nó lena dteaghlach ina dtír dhúchais, chun na costais taistil a aisíoc. Is féidir go mbíonn tarraingt ar ais, nó smacht ar dhoiciméadú nó achainí ar thuilleadh airgid le linn an phróisis seo. Ach, i gcónaí, a luaithe is a bhíonn an t-íospartach faoi smacht, is féidir go dtagann saoirse pearsanta an íospartaigh, bagairtí ar bheatha agus ar shábháilteacht nó ar bheatha nó sábháilteacht a dteaghlaigh, agus mí-úsáid  fhisiciúil, ghnéasach, shíceolaíoch agus mhothálach, chun solais. 

Is cionta inghabhála iad cionta a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine, agus is féidir príosúnacht saoil a ghearradh ina leith, ar an uasmhéid.   

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi gháinneáil ar dhaoine?

Tá Éirinn ina ball den G6, tionscnamh Eorpach um Gháinneáil ar Dhaoine, atá dírithe ar thimpeallacht na hEorpa a dhéanamh níos naimhdí do dhronga atá i mbun Gháinneáil ar Dhaoine. Tá cúig cinn de thíortha eile páirteach sa tionscnamh seo: An Ríocht Aontaithe, An Pholainn, An Spáinn, An Iodáil agus An Ísiltír.

I mí Dheireadh Fómhair 2008, lainseáil an tAire Cirt agus Athchóirithe Dlí, Dermot Ahern, T.D, le chéile leis an Uasal Fachtna Murphy, Coimisinéir an Gharda Síochána, ag an am, feachtas feasachta maidir le Gáinneáil ar Dhaoine. Tá an feachtas seo bunaithe ar an gcoincheap ‘Feachtas na bPúicíní Gorma’ a bhfuil an mana ‘Na dún do shúile roimh Gháinneáil ar Dhaoine’ ina theachtaireacht aige. Taispeánann sé púicín gorm, íomhá idirnáisiúnta, a chuireann in iúl an easpa feasachta i measc an phobail, faoi Gháinneáil ar Dhaoine. 

Fógraíodh athsheoladh Thuaidh-Theas ar Fheachtas na bPúicíní Gorma, ar 18 Eanáir 2011 agus bhí preaseisiúint Thuaidh Theas ag gabháil leis. Cuireadh póstaeir agus bileoga chuig na Ceantair Garda ar fad lena cur ar thaispeáint.   

Ba é aidhm an fheachtais ná feasacht an phobail a ardú maidir leis an méid atá i gceist le  Gáinneáil ar Dhaoine, chun cur in aghaidh ráchairt ar sheirbhísí íospartach ar a ndéantar dúshaothrú oibre agus gnéasach, agus chun cabhrú le minicíocht Gháinneáil ar Dhaoine, in Éirinn, a fhiosrú. 

Tá suíomh gréasán tiomnaithe ag an bPúicín Gorm, (www.blueblindfold.gov.ie a chuirtear ar fáil chun daoine a spreagadh chun amhrais faoi striapachas, faoi dhrúthlanna, agus faoi íospartaigh féideartha, a thuairisciú.

Pléitear le ríomhphoist go hanaithnid agus faoi rún daingean- blueblindfold@garda.ie.

Cén sórt oiliúint atá ar fáil do Ghardaí chun cur lena gcuid scileanna fiosrúcháin maidir le gáinneáil ar dhaoine?

Gné thábhachtach de throid in aghaidh choireanna Gháinneála ar Dhaoine, is ea oiliúint an Gharda Síochána. Tá príosúnacht saoil ar an uasmhéid ag gabháil leis an gcoir seo.

Le linn chomhdhálacha Náisiúnta agus Idirnáisiúnta, cuirtear rannpháirtithe ar an eolas faoi na cleachtais is fearr, chomhchainteanna, plé, ceardlanna agus seimineáir, chun feasacht a ardú maidir le gáinneáil ar dhaoine. 

Cliceáil ar na naisc le Páirtithe Tábhachtacha agus Páirtithe Tacaíochta, thíos:

Cé hiad ár bpáirtithe tábhachtacha?