Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Airgeadas – Soláthar

Tá an Rannóg Soláthair bunaithe i gCeanncheathrú an Gharda Síochána agus tá sí freagrach as earraí agus seirbhísí a cheannach don Gharda Síochána agus cinntíonn sí go gcomhlíonann gach soláthar le rialacha soláthair an AE agus le rialacháin náisiúnta araon. Tá trí fho-oifig sa Rannóg Soláthair:

Soláthar ginearálta

Déileálann soláthar ginearálta le hiarratais laethúla ó gach réimse den Gharda Síochána maidir le soláthar na n-earraí agus na seirbhísí seo a leanas:

• trealamh oifige
• troscán
• urlárlach
• earraí bána
• éide
• éide speisialtóireachta
• coisbheart
• trealamh cosanta pearsanta
• míreanna saintrealaimh
• iarratais priontála
• sainseirbhísí

Oifig Tairisceana

Tá freagracht fhoriomlán ar an oifig tairisceana as cleachtais agus nósanna imeachta a fhorbairt agus a scaipeadh maidir leis an bpróiseas tairisceana agus as próisis soláthair a chur i bhfeidhm. Déanann an oifig tairisceana an méid seo a leanas chomh maith:

• Idirchaidreamh leis an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP);

• Soláthraíonn ionadaíocht ar Chomhairlí Catagóire OGP éagsúla;

• Soláthraíonn mionsonraí maidir le sonraíochtaí i ndáil le hearraí agus seirbhísí sa Gharda Síochána chuig an OGP lena chinntiú go gcomhlíontar na ceanglais oibríochtúla sna creatlaí arna mbunú;

• Comhairle a thabhairt don Gharda Síochána maidir le rialacha agus treoirlínte tairisceana;
• Foilsíonn cáipéisí tairisceana ar láithreán gréasáin ríomhThairiscintí an Rialtais www.etenders.gov.ie agus Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
• Comhairle agus cúnamh a sholáthar maidir le bainistiú conarthaí;

Is féidir le páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar nósanna imeachta soláthair an Rialtais agus nósanna imeachta soláthair ar láithreán gréasáin an OGP www.procurement.ie.

Rannóg Arm Tine

Tá freagracht fhoriomlán ar an rannóg arm tine as ceannach agus leithdháileadh arm tine, armlón agus gabhálais arm tine ghaolmhara.