Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ráitis Airgeadais & Forálacha Meastacháin

Is féidir Cuntais Dheimhnithe don Gharda Síochána a fháil ar láithreán gréasáin an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Is féidir forálacha meastacháin don Gharda Síochána in 2017 a fháil ar láithreán Gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe 

Tuarascálacha ábhartha eile:

• Tá Orduithe Ceannaigh an Gharda Síochána le haghaidh earraí agus seirbhísí níos mó ná €25k ar fáil ag bun an leathanaigh seo.

• Tá Tuarascálacha um Íoc Pras ar fáil ag bun an leathanaigh seo.

Cód Caiteachais Phoiblí:

Cuireadh tús leis an gCód Caiteachais Phoiblí i mí Mheán Fómhair 2013 agus tugadh suas chun dáta treoirlínte, imlitreacha agus treoracha roimhe seo maidir le measúnú caipitil agus luach ar airgead.

Tá an cód caiteachais phoiblí deartha chun a chinntiú go bhfaighidh an Stát an luach is fearr is féidir as na hacmhainní atá ar fáil dó. Baineann an cód le caiteachas caipitil agus caiteachas reatha araon agus leagtar amach ann an méid atá ag teastáil ó bhainisteoirí na seirbhíse poiblí ag pointí difriúla den saolré caiteachais, mar shampla measúnú, pleanáil, ceadú, cur chun feidhme agus athbhreithniú.

Tagann an cód in ionad an réimis spotseiceála roimhe seo le próiseas um dhearbhú cáilíochta cuíchóirithe nua agus ceanglaítear ar Ranna Rialtais Tuarascáil um Dhearbhú Cáilíochta bhliantúil a chur isteach, arna síniú ag an Oifigeach Cuntasaíochta chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Straitéis Chomhshaoil:

Tá cur chuige straitéiseach á ghlacadh ag an nGarda Síochána maidir le bainistiú fuinnimh trí thionscnamh Chomhpháirtíocht Fuinnimh na hEarnála Poiblí.

Chun tacú leis an tionscnamh seo, chuir Garda Síochána gealltanais i bhfeidhm faoi Straitéis Chomhshaoil an Gharda Síochána 2013 - 2015.

Chuir an Garda Síochána roinnt tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm i gcomhar leis an OPW agus maoiniú a fuarthas trí Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann.

Is í an aidhm fhoriomlán ná spriocanna sábhála fuinnimh na hearnála poiblí a leagadh amach faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh 2009-2020 a d'fhoilsigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha a bhaint amach.