Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Maidir leis An Roinn Airgeadais

HQ from the air

Tá na réimsí seo a leanas sa Rannóg Airgeadais:

• An Rannóg Cuntasaíochta Airgeadais
• An Rannóg Cuntasaíochta Bainistíochta
• An Rannóg Éilimh Airgeadais

Áirítear ar fheidhmeanna na Rannóige Cuntasaíochta Airgeadais:

• Cuntais Leithreasa Bhliantúla an Gharda Síochána a ullmhú
• Idirchaidreamh le hIniúchadh Inmheánach agus le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
• Cuntais iníoctha
• Ceannacháin
• Cuntais infhaighte
• Stórtha Lárnacha an Gharda Síochána
• Cothabháil an Chláir Sócmhainní

Áirítear ar fheidhmeanna na Rannóige Cuntasaíochta Bainistíochta:

• Eolas tuairiscithe airgeadais a sholáthar do gach Réigiún, Rannán agus Dúiche an Gharda Síochána
• Monatóireacht a dhéanamh ar chaiteachas agus anailís athraithis a sholáthar
• Próifíliú agus réamh-mheastacháin caiteachais
• Buiséid a dhéabhlóidiú chuig Réigiúin agus Brainsí
• Cuidiú le rannóga le gach ceist a bhaineann le buiséid agus le caiteachas
• Na buiséid ilbhliantúla agus na haighneachtaí Meastacháin Bliantúla a tháirgeadh don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir le Vóta an Gharda Síochána
• Costáil imeachtaí móra a éilíonn póilíneacht shuntasach ón nGarda Síochána
• Cur i bhfeidhm agus cothabháil leanúnach Chórais Bhainistíochta Airgeadais an Gharda Síochána

Áirítear ar fheidhmeanna na Rannóg Éilimh:

• Éilimh taistil agus chothaithe a phróiseáil
• Deasc chabhrach le haghaidh éileamh a phróiseáiltear ag an leibhéal Dúiche
• Biúró Taistil Inmheánach – éilimh taistil agus chothaithe a phróiseáil agus comhairle a thabhairt mar gheall orthu
• Bainistíocht Rannóg Priontála an Gharda Síochána
• Bainistíocht Stórtha an Gharda Síochána