Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Costais Bainistíochta Sinsearaí

Tá Coimisinéir an Gharda Síochána freagrach as treo, bainistíocht agus rialú ginearálta an Gharda Síochána. Faigheann sé/sí tacaíocht ó 2 Leas-Choimisinéir, Príomh-Oifigeach Riaracháin, 10 Coimisinéir Cúnta, 3 Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Príomh-Oifigeach Leighis.

Faoi láthair tá roinnt post Coimisinéir Cúnta folamh. Áirítear ar na folúntais seo ceithre phríomhcheannasaíocht oibriúcháin réigiúnach, eadhon Réigiún Cathrach an Tuaiscirt, an Iarthair, an Deiscirt agus Bhaile Átha Cliath. D’fhonn rialú oibríochtúil agus straitéiseach riachtanach, dea-bhainistíocht, ceannaireacht agus rialachas na réigiún sin a chinntiú, tá na Coimisinéirí Cúnta eile ainmnithe do dhá cheannasaíocht, agus i gcásanna áirithe trí cheannasaíocht réigiúnach. Is é toradh na freagrachta oibríochtúla breise ná ualach oibre níos mó, taisteal fad-achair agus tréimhsí ama óna mbonnáiteanna buana. Lean sé sin ar aghaidh ar feadh roinnt blianta agus léirítear é sna héilimh ar thaisteal agus costais ó na Coimisinéirí Cúnta.

N.B – Déantar na costais go léir a thaifead faoi phost buan Coimisinéir Cúnta.

Chun a chinntiú go gcomhlíontar na ceanglais reachtúla agus riaracháin maidir le cistí poiblí a úsáid, déantar Costais Bainistíochta Sinsearaí a phróiseáil agus a íoc i gcomhréir le Rialacháin agus i Treoirlínte na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus i gcomhréir leis na Rialacháin agus Nósanna Imeachta Costais a rialaíonn an Garda Síochána chomh maith le bheith faoi réir iniúchtaí Inmheánacha agus Seachtracha.

Cothabháil agus taisteal intíre


D’fhéadfadh cothabháil agus taisteal intíre a bheith á dtiomáint ag éilimh oibríochtúla ag aon am ar leith ag leibhéal réigiúnach agus náisiúnta. Ina theannta sin, is minic a éilítear ar bhainistíocht shinsearach freastal ar bhoird rialachais éagsúla, cruinnithe bainistíochta agus fóraim phoiblí.

Taisteal eachtrach

Bainistíocht shinsearach a théann i mbun taistil lasmuigh den Stát chun críocha imscrúdaithe coireachta, ábhair inimirce, malartú faisnéise le fórsaí póilíneachta seachtracha agus le gníomhaireachtaí thar lear, comhdhálacha agus cúrsaí oiliúna a bhaineann le dul chun cinn i modhanna agus teicnící póilíneachta, slándáil an Stáit a chosaint agus críocha eile atá bunaithe ar shlándáil.

Siamsaíocht oifigiúil

Baineann an caiteachas seo le haisíocaíochtaí le haghaidh sólaistí agus le caiteachais as póca a thabhaíonn Coimisinéirí Cúnta. Tá na costais sin iníoctha maidir le héilimh lán-dhearbhuithe faoi réir teorainneacha bliantúla. D’fhéadfadh na costais seo eascairt ó riachtanas na bainistíochta sinsearaí cruinnithe gnó oifigiúil a éascú, go minic ar gearrfhógra, nuair a sholáthraítear na sólaistí do lucht freastail.

Oiliúint

Áiríonn caiteachas faoi oiliúint don bhainistíocht shinsearach aisíoc táillí i leith cúrsaí a rinneadh, táillí comhdhála agus aisíocaíochtaí táillí ballraíochta na gcomhlachtaí gairmiúla agus póilíneachta.

Ceannach Foilseachán

Áirítear leis an gcaiteachas seo aisíocaíochtaí chun foilseacháin a bhaineann le cúrsaí oiliúna a rinne an bhainistíocht shinsearach, ábhar reachtaíochta agus foilseacháin eile a bhaineann le póilíneacht oibríochtúil, taighde póilíneachta, ceannaireacht agus rialachas agus maoirseacht a cheannach.