Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Biúró Náisiúnta An Gharda Síochána um Imscrúdú Coiriúil (NBCI)

Bunaíodh Biúro Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil (BNIC) mar fhreagra éifeactach agus gníomhach ar an leathadh um choireacht thromchúiseach agus eagraithe. Cruthaíodh é sa bhliain 1997 trí roinnt aonaid náisiúnta imscrúduithe a chónascadh.  Bíonn Ard-Cheannfort  Bleachtaireachta i gceannas air agus freagraíonn sé/sí don Choimisinéir Cúnta atá i gceannas ar Coireacht Eagraithe Thromchúiseach. Tá an Biúró lonnaithe ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Imscrúdú Coiriúil

Cearnóg Fhearchair lasmuigh leis an scuad. Bunaíodh Biúro Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil (BNIC) mar fhreagra éifeactach agus gníomhach ar an leathadh um choireacht thromchúiseach agus eagraithe. Cruthaíodh é sa bhliain 1997 trí roinnt aonaid náisiúnta imscrúduithe a chónascadh.  Bíonn Ard-Cheannfort  Bleachtaireachta i gceannas air agus freagraíonn sé/sí don Choimisinéir Cúnta atá i gceannas ar Sheirbhísí Tacaíochta Náisiúnta. Tá an Biúró lonnaithe ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

 

Áirítear le sainchúram an NBCI:

•Dúnmharú

•Mótarfheithiclí agus Gléasra Goidte

•Tromchoireacht agus Coireacht Eagraithe

•Comhphairteanna Ríomhaire a Ghoid

•Frith-Chambheartaíocht

•Goid Ealaíon agus Seandachtaí

•Foréigean Baile agus Ionsaí Gnéasach Tromchúiseach, Éigniú ina measc

•Goid agus Calaois Phoist agus Teileagrafaíochta

Imscrúduithe ar Phéidifiligh:

•Sáruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla

•Athbhreithniú ar Imscrúduithe Móra

Aonaid Imscrúdaithe 

Cé go leagtar an fhreagracht as imscrúdú a dhéanamh ar an gcoireacht go léir ar Cheannfoirt áitiúla Gharda, cuireann an NBCI saineolas agus scil ar fáil in imscrúdú a dhéanamh ar thromchoireacht agus coireacht eagraithe. 

Tugann comhaltaí foirne an Bhiúró cabhair le gach gné d’imscrúdú, an méid seo a leanas ina measc:

•Réamhfhiosrúcháin

•Bainistíocht cáis

•Bainistíocht Sheomra na dTeagmhas

•Imscrúdú ginearálta

•Ullmhú comhad

Tugann sainfhoirne imscrúdaithe ón NBCI faoi na tascanna seo nuair a iarrann oifigigh áitiúla na nGardaí orthu nó nuair a ordaíonn Bainistíocht shinsearach an Gharda Síochána amhlaidh a dhéanamh.