Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Líne Rúnda BNGSCE um Breabaireacht agus Éilliú a Thuairisciú

Anti Corruption Office GNECB

Tá an BNGSCE tar éis Líne Rúnda a sheoladh maidir le Breabaireacht agus Éilliú a thuairisciú.

Is é  1800 40 60 80 uimhir an Líne Tuairiscithe Rúnda maidir le Breabaireacht agus Éilliú.

Tá an córas bunaithe ar theachtaireachtaí agus ligeann sé do ghlaoiteoirí teachtaireachtaí glórphoist ar a ndéanfaidh foireann Aonad Frith-Éillithe an Gharda Síochána measúnú a fhágáil. Bunaíodh an tAonad seo laistigh de Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch in 2017 agus tá sé de chúram air breabaireacht agus éilliú a tharlaíonn laistigh agus lasmuigh den stát a imscrúdú agus a chosc. Féadfaidh saoránaigh agus eintitis ghnó Éireannacha Cionta Breabaireachta agus Éillithe a dhéanamh lasmuigh den dlínse.

Ag an seoladh ar an 28 Meán Fómhair 2018, dúirt Ceannfort Bleachtaire Gerard Walsh ar comhalta de Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch é "Le hachtú an Achta um Cheartas Coiriúil (Cionta Éillithe) 2018 le déanaí, comhdhlúthaítear an reachtaíocht sa réimse seo. Cuireann sé leis na cionta maidir le héilliú a tharlaíonn laistigh agus lasmuigh den stát, agus baineann sé le daoine aonair mar aon le eintitis ghnó. Leathnaíonn an reachtaíocht seo dliteanas eintiteas corparáideach go gníomhartha éilitheacha a bhfostaithe agus a ngníomhairí. Tá an Garda Síochána tiomanta d’imscrúdú réamhghníomhach a dhéanamh ar a leithéidí seo de chionta agus sa chomhthéacs sin, d’aonad atá dírithe ar an gcuspóir sin a bhunú. Tugann an líne theileafón rúnda seo deis do dhaoine buartha tuairisciú a dhéanamh ar chásanna féideartha breabaireachta agus éilithe nach dtuairisceofaí b’fhéidir murach sin. ”