Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Comórtas Oscailte do Cheapachán le post Oifigeach Cléireachais

Comórtas Oscailte do Cheapachán le post Oifigeach Cléireachais (Buan agus Sealadach) ar fud na Tíre in An Garda Síochána

Dáta Deiridh: 3pm, 20ú Dé Céadaoin, Meán Fómhair, 2023

Léargas Ginearálta ar an nGarda Síochána

Is é an Garda Síochána seirbhís náisiúnta póilíní agus slándála na hÉireann ina bhfuil thart ar 14,000 Garda, 3,300 Ball Foirne an Gharda Síochána agus 300 Garda Cúltaca. Is é misean an Gharda Síochána ‘Ag Coinneáil Daoine Sábháilte’. Tá an Garda Síochána uathúil i measc seirbhísí póilíneachta go hidirnáisiúnta, mar chomhlacht aonadach atá freagrach as slándáil an Stáit, agus as seirbhísí póilíneachta a sholáthar. Tá an dá fheidhm aontaithe ag fealsúnacht a bhuntacaíonn leis: an duine aonair agus sábháilteacht pobal a chosaint. Tá an Garda Síochána sa phobal agus mar chuid den phobal, agus tá póilíneacht phobail i gceartlár an mhéid a dhéanann an eagraíocht.

Ról Oifigeach Cléireachais

Lorgaíonn an Garda Síochána Oifigigh Chléireachais Bhuana agus Shealadacha a fhostú ar fud na tíre sa Gharda Síochána.

Ar chríochnú an chomórtais, bunófar dhá phainéal agus leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse 2 bhliain ón tráth a cruthaíodh na painéil i dtosach.

Freagrachtaí

D’fhéadfadh cineál na hoibre a dhéanann foireann cléireachais a bheith éagsúil ag brath ar an limistéar sa Gharda Síochána ina sanntar iad. Bainfidh na tascanna cléireachais/riaracháin siúd leis is féidir a shannadh don fhostaí ó thráth go chéile.

Seo a leanas na gnáthdhualgais a mb’fhéidir go mbeidh ort tabhairt fúthu, má cheapfar thú.

  • Dualgais ghinearálta chléireachais agus riaracháin, e.g., comhdú, fótachóipeáil, glaonna gutháin a fhreagairt/a chur, déileáil le ríomhphoist etc. faoi mhaoirseacht bainisteoir ainmnithe;
  • Tacú le bainisteoirí líne, agus comhghleacaithe – idir Foireann an Gharda Síochána agus Comhaltaí an Gharda Síochána;
  • Oibriú mar chuid d’fhoireann le seirbhísí a sholáthar;
  • B’fhéidir go mbeidh idirghníomhú leis an bpobal - cumarsáid a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt agus eolas a sholáthar ar bhonn aghaidh ar aghaidh, ar an nguthán nó ar ríomhphost, i gceist leis an ról;
  • Na caighdeáin is airde de sheirbhís do chustaiméirí a sholáthar;
  • Teicneolaíocht Faisnéise a úsáid ar bhonn laethúil, e.g. próiseáil focal, scarbhileoga, bunachair shonraí, ríomhphost agus idirlíon;
  • Taifid ardchaighdeáin a choimeád ar bhealach críochnúil agus eagraithe;
  • An obair go léir a sheiceáil go críochnúil lena chinntiú go ndéantar é go léir ar ardchaighdeán;
  • Tabhairt faoin obair ar bhealach cúramach agus córasach, cruinneas a léiriú ag gach tráth, fiú nuair a thugtar faoi ghnáthobair/obair athfhillteach;
  • Aon dualgais eile a mheastar gur cuí a bhaineann le grád Oifigeach Cléireachais.

Sonraíocht an Duine

Duine sárionraic agus a bhfuil na luachanna eiticiúla is mó acu agus a léiríonn treallús, tiomantas agus fuinneamh pearsanta a bheidh san iarrthóir a cheapfar ina (h)Oifigeach Cléireachais nó ina (h)Oifigeach Cléireachais Sealadach sa Gharda Síochána. Cothóidh siad cultúr d’iompar eiticiúil agus d’fhreagracht phearsanta i measc a limistéar freagrachta.

Taithí/Cáilíochtaí Riachtanacha:

Caithfidh an méid seo a leanas a bheith ag an iarrthóir faoin dáta deiridh 20ú Dé Céadaoin, Meán Fómhair, 2023:

  • An t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha chun tabhairt faoin ról;
  • A bheith ábalta agus inniúil an ról a chomhlíonadh ar ardchaighdeán;
  • Leibhéal maith ginearálta oideachais;
  • A bheith ar a laghad 17 mbliana d’aois faoin dáta deiridh, i.e. rugadh iad an nó roimh 20ú Meán Fómhair, 2006.
    • o Teastóidh toiliú tuismitheora/caomhnóra ó iarrthóirí faoi aois 18 mbliana chun tabhairt faoi Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.
  • Riachtanais saoránachta, sláinte agus charachtair (féach thíos) a shásamh agus tabhairt faoi Ghrinnfhiosrúchán agus Imréiteach Slándála an Gharda Síochána.
Riachtanais Inmhianaithe:
  • Taithí oibre ábhartha roimhe seo, agus is fearr an taithí sin a bheith i dtimpeallacht oifige seirbhíse do chustaiméirí;
  • Scileanna/taithí ar Microsoft Excel agus Microsoft Word.

Anuas ar an méid thuas, caithfidh iarrthóirí a bheith in ann na príomhinniúlachtaí a léiriú a shainaithnítear ar mhaithe le feidhmíocht éifeachtach ar an leibhéal seo.

  • Obair Bhuíne;
  • Bainistiú/Próiseáil Faisnéise;
  • Torthaí a Sholáthar;
  • Seirbhís do Chustaiméirí agus Scileanna Cumarsáide;
  • Eolas Speisialaithe, Saineolas agus Féinfhorbairt;
  • Treallús agus Tiomantas do Luachanna na Seirbhíse Poiblí.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi incháilitheacht agus faoin bpróiseas iarratais féach le do thoil ar an leabhrán eolais.

Próiseas Iarratais

Conas Iarratas a Dhéanamh

Foirmeacha iarratais i nGaeilge thíos.

Ní mheasfar iarratas a bheith bailí ach amháin má tá gach cuid den fhoirm iarratais comhlánaithe agus má fhaightear é faoin dáta deiridh. Ní mór an fhoirm iarratais a chur isteach i bhformáid MS Word le gur féidir líon na bhfocal a áireamh. Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfar iarrthóirí a dhícháiliú má sháraíonn siad an líon focal mar a léirítear do gach roinn.

Dáta Deiridh

Caithfear iarratais a sheoladh ar aghaidh chuig CO2023@garda.ie agus a mharcáil leis an teideal ábhair: Oifigeach Cléireachais 2023.

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil: 3pm, 20ú Dé Céadaoin, Meán Fómhair, 2023.

Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar i ndiaidh an dáta deiridh.

Moltar go ndéanann tú iarratas go mór roimh an dáta deiridh sa chás go dtagann aon deacrachtaí aníos. Beidh tacaíocht ar fáil i rith uaireanta oifige trí ríomhphost a sheoladh chuig CO2023@garda.ie a fhad leis an dáta deiridh.