Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Chuairt an Phápa Proinseas

Fág do charr sa bhaile le haghaidh Aifreann an Phápa Proinseas

Fágfaidh iompar poiblí agus cóistí príobháideacha tú i ngar do Pháirc an Fhionnuisce, rud a ghearrfaidh do shiúlóid.

Dóibh siúd atá ag dul go Cnoc Mhuire, úsáidigí iompar poiblí, tógaigí bus nó roinnigí carr.

Dóibh siúd nach bhfuil ag freastal – bígí ar an eolas, léigí an t-eolas, ansin déanaigí bhur ndeireadh seachtaine a phleanáil.

Déardaoin an 26 Iúil – D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA), An Garda Síochána agus oibreoirí iompair phoiblí an plean iompair chuimsitheach agus an córas dúnadh bóithre a bheidh curtha i bhfeidhm le haghaidh Chuairt an Phápa Proinseas. Tabharfaidh an Pontaif cuairt ar Bhaile Átha Cliath agus ar Chnoc Mhuire le linn an deireadh seachtaine an 25 agus an 26 Lúnasa ar cuireadh ó Chruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018.

Baile Átha Cliath

Fág do charr sa bhaile, laghdóidh busanna poiblí nó príobháideach an méid siúil a bheidh ort.

Tá sé soiléir go bhfuil ró-éileamh ollmhór ó dhaoine atá ag súil le tiomáint go dtí an tAifreann i bPáirc an Fhionnuisce agus uaithi  Dé Domhnaigh an 26 Lúnasa.

Níl aon charrchlós taobh leis an ionad ina mbeidh daoine atá ag freastal ar an Aifreann in ann páirceáil agus ansin siúl go dtí an t-imeacht. Cé go bhfuil páirceáil bhreise aimsithe ag eagraithe an imeachta is le haghaidh iad siúd a bhainfidh leas as na háiseanna Páirceála agus Taistil amháin na spásanna cairr sin (tá tuilleadh eolais thíosluaite).

Agus é ag labhairt ar an ábhar seo, dúirt Ceannfort an Gharda Síochána Thomas Murphy: "Is é seo an t-imeacht is mó atá eagraithe ag Éirinn le beagnach 40 bliain anuas. Ní bheidh sé indéanta freastal ar na daoine go léir a léirigh gur mian leo taisteal i gcarranna chuig an Aifreann. Dá bhrí sin, táimid ag iarraidh ar dhaoine dul go dtí an t-imeacht ar an traein, ar bhus, ar chóiste nó ar an Luas. Cé nach bhfuil neart ar roinnt siúlóide, íoslaghdóidh iompar poiblí nó cóistí príobháideacha chuig an imeacht agus uaidh an méid siúil a bheidh le déanamh.

Tá an Garda Síochána ag moladh go láidir na nithe seo a leanas:

  • Fág do charr sa bhaile
  • Tóg iompar poiblí a thógáil go dtí an t-imeacht agus uaidh nó úsáid cóistí príobháideacha
  • Má tá tú ag taisteal laistigh de Bhaile Átha Cliath siúil go dtí na moil iompair
  • Bí ag súil le go mbeidh tú ag siúl ar an lá agus mar sin moltar duit bróga oiriúnacha a chaitheamh.

An tseachtain seo chugainn, rachaidh Cruinniú Domhanda na dTeaghlach i dteagmháil leo siúd a chuir ticéad in áirithe agus a chuir in iúl gur mhaith leo taisteal i gcarr.

Tá iompar poiblí socraithe chun tú a thabhairt chuig Páirc an Fhionnuisce agus uaithi ar an Domhnach

Tá plean iompair láidir curtha i bhfeidhm ag an NTA chun freastal ar gach duine a fhreastalóidh ar an ócáid ó fhud an oileáin, lena n-áirítear iad siúd atá ag taisteal ó Thuaisceart Éireann. Dúirt Stiúrthóir na Seirbhísí Iompair Phoiblí, Tim Gaston, "Beidh gach bus, traein agus tram á n-úsáid don imeacht seo agus ar mhaithe le sábháilteacht an phobail a bheidh ag taisteal, má tá ticéad agat do Pháirc an Fhionnuisce, beidh cead agat taisteal saor in aisce laistigh de Bhaile Átha Cliath ar lá an imeachta "

Tosóidh gach oibreoir: Iarnród Éireann, Bus Átha Cliath, Luas, Bus Éireann agus Go-Ahead lena seirbhísí go luath ar  maidin, go háirithe dóibh siúd atá ag taisteal ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Tá an NTA ag obair go dlúth le Translink i dTuaisceart Éireann agus tá siad ag soláthar iompair speisialta iarnróid agus bus chuig an imeacht.

Tá réimse leathan de roghanna iompair phoiblí ar fáil chun teacht ar Pháirc an Fhionnuisce agus chun í a fhágáil, lena n-áirítear:

  • Taisteal saor in aisce ar gach iompar poiblí laistigh de Bhaile Átha Cliath  Dé Domhnaigh an 26 Lúnasa.
  • Tá 250,000 turas ar fáil ó Iarnród Éireann ar sheirbhísí Intercity, DART agus Comaitéara.
  • Beidh seirbhís seachtaine  i bhfeidhm ag Bus Éireann ar fud na tíre chun daoine a thabhairt chuig an ócáid. Is féidir breis agus 30,000 turas paisinéara a dhéanamh ar an lá ar an mbus le Bus Éireann.
  • Chruthaigh Bus Átha Cliath 7 mol tiomanta um iompar pápach chun tú a fhágáil gar do gheataí na páirce. Beidh beagnach 1,000 Bus Bhaile Átha Cliath ar fáil chun daoine a thógáil chuig an Aifreann agus ón Aifreann agus cuirfear breis is 400,000 turas ar fáil.
  • Cruthaíodh moil speisialta Pháirceála & Taistil don imeacht ​​seo i roinnt suíomhanna inar féidir le daoine páirceáil agus ansin iompar poiblí a thógáil go dtí an t-imeacht. Is iad seo Ráschúrsa Bhaile na Lobhar (Luas), Belfield (Bus Átha Cliath), Ollscoil Mhá Nuad (traein) agus Ráschúrsa Thigh na Sióg (traein).
  • Beidh líne Dhearg agus líne Ghlas LUAS i bhfeidhm ar feadh an lae agus minicíocht 6-10 nóiméad i gceist.
  • Beidh stad LUAS ag ráschúrsa Bhaile na Lobhar i bhfeidhm den chéad uair.
  • Tá Go-Ahead Ireland ag soláthar busanna tointeála chun cabhrú leis na riachtanais iompair d'Aifreann an Phápa, ag baint úsáide as 40 feithicil dhá urlár.
  • Beidh Translink ag tairiscint seirbhísí iarnróid agus bus tiomnaithe don ócáid ​​chuig Tuaisceart Éireann agus uaidh. Oibreoidh siad an tseirbhís tointeála dúinn freisin ag mol Iompair Thigh na Sióg.

Dóibh siúd atá ag taisteal ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, iarrann an tÚdarás Náisiúnta Iompair ort do thicéad traenach nó bus nó cóiste príobháideach a chur in áirithe roimh ré. Baineann sé seo go háirithe leo siúd a chuir in iúl do Chruinniú Domhanda na dTeaghlach go bhfuil sé ar intinn acu taisteal ar an traein nó ar an mbus ach nár chuir ticéad in áirithe fós.

Crios Rochtana Rialaithe timpeall Chathair Bhaile Átha Cliath ó 6rn go 11in Dé Domhnaigh, an 26 Lúnasa

Beidh limistéar slán timpeall Bhaile Átha Cliath, ag tosú ag an M50 ó 6rn go 11in Domhnach an 26 Lúnasa. Má tá sé i gceist agat do charr a úsáid chun rochtain a fháil ar Chathair Bhaile Átha Cliath Domhnach an 26 Lúnasa, ba chóir duit a bheith ar an eolas go mbeidh malairtí slí/bóithre dúnta agus srianta eile i bhfeidhm ar an lá. Beidh ort go leor ama a fhágáil le haghaidh aon turais go Cathair Bhaile Átha Cliath agus trasna ó 6rn go 11in Domhnach an 26 Lúnasa, agus aird a thabhairt ar na srianta a bheidh i bhfeidhm ar an lá.

Beidh srianta leanúnacha i bhfeidhm freisin Satharn an 25 Lúnasa mar go gtabharfaidh an Pápa Proinsias cuairt ar roinnt áiteanna i lár chathair Bhaile Átha Cliath, mar a fhógrófar go luath.

Maidir leo siúd a bhfuil cónaí orthu agus a oibríonn in aice le Páirc an Fhionnuisce, leis an Leas ardeaglais agus le hIonad na gCaipisíneach, tá foireann idirchaidrimh ghnó agus pobail i bhfeidhm chun ceisteanna a láimhseáil. Sa tréimshe díreach roimh an imeacht seo, pleanálfar cruinnithe gnó agus cruinnithe pobail agus taispeánfar póstaeir i siopaí áitiúla. Ina theannta sin, déanfar pacáiste eolais maidir le dúnadh bóithre, le malairtí slí agus comhairle maidir le bogadh timpeall an deireadh seachtaine sin a dháileadh ar bhreis is 125,000 teach agus gnólacht, chomh maith le líne chabhrach tiomanta agus oifig i bPáirc an Fhionnuisce a chabhróidh le ceisteanna an phobail a fhreagairt.

Dóibh siúd nach mbeidh ag freastal ar an imeacht, beidh gach gnáth-sheirbhísí iompair sceidealta i bhfeidhm ag an NTA Dé Domhnaigh. Ós rud é go mbeidh roinnt bóithre dúnta, cuirfear roinnt busanna ar mhalairt slí ach cuirfear custaiméirí ar an eolas faoi aon athruithe ar a mbealach.

Maidir leis an imeacht i gCnoc Mhuire (Dé Domhnaigh)

Dúnadh ar bhóithre i bhfeidhm í 6in tráthnóna Sathairn

Ó 6in Dé Sathairn, beidh lár Shráidbhaile Chnoc Mhuire dúnta (ach amháin i gcás cónaitheoirí). Dúnfar an N17 idir Baile Chathail agus Clár Chlainne Mhuiris ó 12 meán oíche Sathairn go dtí 3in ar a laghad Dé Domhnaigh.

Dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu agus a oibríonn in aice le Cnoc Mhuire, tá foireann idirchaidrimh ghnó agus phobail i bhfeidhm chun ceisteanna a láimhseáil, agus í ag obair go dlúth le Stáisiún an Gharda i gClár Chlainne Mhuiris.

Taisteal chuig an imeacht agus uaidh ar chóiste príobháideach nó roinn carr

Téigh le grúpa paróiste nó le grúpa pobail más féidir mar go mbeidh líon na spásanna cairr teoranta agus d’fhéadfadh go mbeadh achar fada siúil go dtí an scrínn i gceist.

Beidh áit pháirceála thiomanta ann do chóistí ar an N17. Cinnteoidh sé seo an t-achar siúil is giorra go dtí scrín Chnoc Mhuire agus uaithi thar siúlbhealach gearr.

Tá siúlóid shuntasach i gceist ó na carrchlósanna mar gheall ar mhéid, ar scála agus ar shuíomh an imeachta agus ní bheidh aon bhus tointeála ar fáil idir na carrchlósanna agus suíomh an imeachta. Má tá gá le gluaisteáin, tá sé ríthábhachtach úsáid a bhaint as comhroinnt chairr.

Beidh Iarnród Éireann agus Bus Éireann ag soláthar iompair phoiblí don imeacht seo. Beidh seirbhís tointeála bus i bhfeidhm ó stáisiún traenach Chlár Chlainne Mhuiris chun daoine a iompar Chnoc Mhuire. Dóibh siúd a bhfuil ticéad acu don imeacht, beidh an tseirbhís tointeála bus saor in aisce.

Ní bheidh aon deiseanna féachana poiblí in Aerfort Chnoc Mhuire

Ní bheidh an pobal in ann an Pápa Proinseas a fheiceáil agus é ag teacht nó ag imeacht mar gheall ar shrianta slándála.

Beidh rochtain diansrianta ar na daoine sin a bheidh ag eitilt isteach agus amach as Aerfort Iarthar na hÉireann Chnoc Mhuire ar an Domhnach. Ní bheidh ach iad siúd atá ainmnithe ar liostaí paisinéirí aerlínte agus iad siúd atá ag iompar paisinéirí ainmnithe in ann rochtain a fháil ar an aerfort idir 12 meán oíche ar an Satharn agus 11.30rn ar an Domhnach.

Moltar go háirithe do phaisinéirí atá ag eitilt amach níos mó ama taistil a fhágáil ná mar is gnách mar go mbeidh roinnt seiceálacha slándála ann ar bhealaí rochtana chuig an aerfort.

Déanfar https://www.gov.ie/ga/feachtais/pope-in-ireland/?fl=en a nuashonrú go rialta, agus seolfar tú chuig na príomhleathanaigh ghréasáin eolais go léir.

Chuairt an Phápa Proinseas  go Cnoc Mhuire  - físeán

Iarrann na Gardaí ar gach duine a bheidh ag dul go dtí Cnoc Mhuire le haghaidh chuairt an Phápa Proinsias iompar poiblí (bus, bus príobháideach nó traein) a úsáid agus más gá duit tiomáint, déan carr-roinnt le do thoil.

Ní thabharfar cead ach do shealbhóirí ticéid amháin.