Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Tuarascálacha Ragoibre

De bharr chineál an oibre a dhéanann an Garda Síochána agus an cheanglais go gcaithfidh údaráis an Gharda Síochána freagairt, uaireanta ar gearrfhógra, d’éilimh phóilíneachta láithreacha, is gá costais ragoibre a thabhú chun póilíneacht éifeachtach a chinntiú. Dá réir sin, beidh gá i gcónaí le leibhéal áirithe ragoibre chun solúbthacht a bheith ag an nGarda Síochána agus é ag freagairt d’imthosca ina mbíonn gá le hacmhainní breise le haghaidh oibríochtaí sonracha. Is gá go mbeidh na hacmhainní breise sin de bhreis agus de bharr ar na hacmhainní is féidir leis na Gardaí ar dualgas a chur ar fáil chun a chinntiú go nach gcuirfear isteach ar ghnáthdhualgais phóilíneachta.

Chomh maith leis sin, agus roinnt oibríochtaí faoi stiúir an Gharda Síochána ar siúl le linn blianta éagsúla, bhí gá le hacmhainní breise a úsáid ar ragobair. Áirítear ina measc siúd, tá cur chun feidhme tionscnamh frithchoireachta agus frithbhuirgléireachta amhail Oibríocht Anvil agus Oibríocht Thor. Ar an gcaoi chéanna, bíonn gá le ragobair chun póilíniú a dhéanamh ag imeachtaí nach mbaineann le cúrsaí coireachta agus ag imeachtaí arna n-eagrú ag grúpaí sainleasa sa phobal i gcoitinne ós rud go bhféadfadh gá a bheith le Gardaí breise chun sábháilteacht an phobail a chinntiú.

Sonraí i gceart amhail mí Feabhra 2018; déanfar an chéad nuashonrú sceidealaithe eile i lár mhí Aibreáin 2018.