Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Teacht i láthair sa Chúirt agus Próiseas na Cúirte

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí

Is é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (an SIP) an ghníomhaireacht atá freagrach as ionchúiseamh a dhéanamh ar choireanna in Éirinn. I rith imscrúdú ar choir thromchúiseach, déanfaidh an Garda Síochána imscrúdú air agus seolfaidh sé comhad chuig Oifig an SIP. Ansin léifidh an SIP an comhad seo féachaint an bhfuil dóthain fianaise ann chun duine a ionchúiseamh i ngeall ar an gcoir agus an méid ba cheart a bheith i gceist leis an gcúiseamh.

Cé a dhéanann cinneadh faoi cé acu chun nó gan ionchúiseamh a dhéanamh?

Cinneadh tromchúiseach is ea an cinneadh chun ionchúiseamh a dhéanamh – féadfaidh sé éifeacht mharthanach a bheith aige ar íospartach na coire agus ar an duine a cúisíodh. Ní féidir ach leis an SIP nó duine dá d(h)líodóirí an cinneadh a dhéanamh faoi cé acu chun nó gan ionchúiseamh a dhéanamh i gcásanna tromchúiseacha – mar shampla, dúnmharú, cionta gnéasacha nó timpistí marfacha bóthair.

Féadfaidh an Garda Síochána an cinneadh a dhéanamh ionchúiseamh a dhéanamh i gcoireanna nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna. Tugtar faoin ionchúiseamh, áfach, in ainm an SIP, fós féin, agus tá an ceart ag an SIP a insint don Gharda Síochána conas déileáil leis an gcás.

Gníomhaíonn an SIP go neamhspleách nuair a dhéantar cinneadh faoi cé acu chun nó gan ionchúiseamh a dhéanamh. Ciallaíonn seo nach féidir le haon duine eile, nó comhlacht, an Rialtas ina measc siúd, insint don SIP cé acu chun nó gan ionchúiseamh a dhéanamh i gcás.

Nuair a ordaíonn an SIP gan Ionchúiseamh a dhéanamh

Má dhéanann an SIP an cinneadh gan ionchúiseamh, ní thabharfar cúiseanna ach do na Gardaí a rinne an cás a imscrúdú. Pé áit ar féidir, áfach, tabharfaidh siad cúiseanna i gcásanna marfacha do dhuine muinteartha an íospartaigh ar iarraidh sin. Cuirfidh an SIP an fhaisnéis seo ar fáil i gcásanna inar thit an bás amach an 22 Deireadh Fómhair 2008 nó ina dhiaidh sin.

 

Cionta a ionchúiseamh sa chúirt

Inseoidh na Gardaí imscrúdaithe duit cé acu ar chinn nó nár chinn an SIP chun ionchúiseamh a dhéanamh agus, má chinn, cá mbeidh agus cathain a bheidh cás cúirte ar siúl.

Éistear leis na cásanna is tromchúisí sna Cúirteanna seo a leanas:

An Phríomh-Chúirt Choiriúil;

An Chúirt Chuarda Choiriúil;

An Chúirt Choiriúil Speisialta;

Sna cásanna seo, déanfaidh abhcóide a ghníomhaíonn don SIP an cás a ionchúiseamh sa chúirt.

Éistear le cásanna nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna sa Chúirt Dúiche. Sna cásanna seo, déanfaidh na Gardaí imscrúdaithe nó dlíodóir a ghníomhaíonn thar ceann an SIP an cás a ionchúiseamh sa chúirt.

An méid is féidir leis an SIP a dhéanamh d’íospartaigh agus finnéithe

Más íospartach thú, féadfaidh tú iarraidh ar an SIP an méid seo a leanas a dhéanamh:

Do chuid dearcthaí a chur san áireamh nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh aige/aici cé acu chun nó gan ionchúiseamh a dhéanamh;

Súil a chaitheamh arís ar chinneadh a rinne sé/sí nach n-aontaíonn tú leis.

Más íospartach i gcás marfach duine muinteartha leat, féadfaidh tú iarraidh ar an SIP thú a chur ar an eolas nuair is féidir ar an gcúis nár leanadh ar aghaidh le hionchúiseamh.

Más finné thú, déanfaidh an SIP an méid seo a leanas:

Caitheamh leat le meas agus aird a thabhairt ar do chás pearsanta, cearta ag dínit;

Oibriú leis an nGarda Síochána lena chinntiú go gcoimeádtar ar an eolas thú faoi do chás, go háirithe má bhaineann sé le cion foréigneach nó gnéasach;

A shocrú go labhróidh tú leis an aturnae agus an t-abhcóide ionchúisimh sula dtosaíonn an chúirt, más mian leat. Míneoidh siad duit an méid a tharlóidh sa chúirt, ach ní féidir leo labhairt leat faoin bhfianaise a thabharfaidh tú.

Má gearradh pianbhreith ar an gcúisí, féadfaidh an SIP an méid seo a leanas a dhéanamh:

Iarraidh ar an gCúirt Achomhairc Choiriúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bpianbhreith má mheasann sé/sí go bhfuil sé ró-thrócaireach – i bhfriotal eile, go bhfuil sé chomh trócaireach sin gurb ionann é agus éagóir de réir an dlí. Féadfaidh an SIP iarraidh ar athbhreithniú ar phianbhreith ón bPríomh-Chúirt Choiriúil, an Chúirt Chuarda Choiriúil agus an Chúirt Choiriúil Speisialta. Ní féidir leis an SIP achomharc a dhéanamh ar phianbhreith a ghearr an Chúirt Dúiche.

Tá breis faisnéise faoi choir a thabhairt le fios agus nósanna imeachta cúirte ar fáil ar láithreán gréasáin an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (an SIP) nó trí theagmháil a dhéanamh le:


An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
14-16 Sráid Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2

Guthán: (01) 6789222

Fax: (01) 6610915

Ríomhphost:

Láithreán Gréasáin: www.dppireland.ie

An tSeirbhís Phromhaidh

Gníomhaireacht is ea an tSeirbhís Phromhaidh laistigh den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Oibríonn oifigigh phromhaidh le ciontóirí fud fad na tíre, agus i bpríosúin agus ionaid choinneála, chun pobail a dhéanamh níos sábháilte. Déantar seo trí chabhrú le ciontóirí saol níos fearr a chur ar bun acu, fanacht glan amach ón gcoireacht agus aird a thabhairt ar an díobháil a dhéantar d’íospartaigh.

Is é ról an oifigigh phromhaidh:

Seirbhís a sholáthar do chúirteanna, maoirseacht a dhéanamh ar chiontóirí sa phobal ina measc;

Tuarascálacha a ullmhú ar chiontóirí aonair, lena n-áirítear tionchar na coire nó an chiona ar an íospartach/na híospartaigh;

Comhdháil teaghlaigh a eagrú do chiontóir óg, má ordaítear amhlaidh sa chúirt;

Cláir a chur i bhfeidhm a bhfuil de chuspóir acu dul i ngleic le hiompar ciontaithe agus íospairt a laghdú.

Cuireann oifigigh phromhaidh san áireamh mothúcháin agus tráma an íospartaigh nuair a thugann siad faoina gcuid oibre.

Más íospartach thú, déanfaidh oifigigh phromhaidh an méid seo a leanas:

Tuarascáil tionchair íospartaigh a ullmhú leat, nuair a iarrann an chúirt amhlaidh;

Féadtar cuireadh a thabhairt duit chun páirt a ghlacadh i gcomhdháil teaghlaigh do chiontóir óg agus tacóidh siad leat sa phróiseas seo;

Míneoidh siad duit an chiall a bhíonn leis na horduithe éagsúla a fheidhmíonn siad don chúirt, má iarrann tú orthu amhlaidh a dhéanamh. Déanfaidh siad é seo ar an nguthán, i scríbhinn nó aghaidh ar aghaidh, ag brath ar na cúinsí.

Seirbhís Iardhaortha agus Chróinéara