Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Seirbhís Iardhaortha agus Chróinéara

Seirbhís Iardhaortha agus Chróinéara

Seirbhís Phríosúin na hÉireann

Má chuaigh do chás a fhad leis an gcúirt agus má gearradh pianbhreith ar dhuine maidir leis an gcás, cuirfidh Seirbhís Phríosúin na hÉireann cúnamh ar fáil d’íospartaigh na coireachta.

Ar iarraidh íospartaigh na coireachta, déanfaidh Oifigeach Idirchaidrimh na Seirbhíse Príosúin teagmháil dhíreach leo le hiad a chur ar an eolas ar aon fhorbairt shuntasach a rinneadh ar bhainistíocht phianbhreith an déantóra anuas ar aon scaoileadh atá ar tí tarlú. I measc na bhforbairtí suntasacha siúd, d’fhéadfaí scaoileadh sealadach, éisteachtaí an bhoird pharúil, aistrithe príosúin agus dátaí scaoilte ionchasacha a áireamh.

Más mian leat go gcuirfear Seirbhís Idirchaidrimh d’Íospartaigh Sheirbhís Phríosúin na hÉireann ar fáil duit, seo a leanas na sonraí teagmhála:

Oifigeach Idirchaidrimh d’Íospartaigh
Ceanncheathrú Sheirbhís Phríosúin na hÉireann
Páirc Ghnó an Údaráis Forbartha Tionscail
Bóthar Bhéal Átha na Lao
An Longfort

Guthán: (043) 33 35100

Ríomhphost: vlo@irishprisons.ie

Láithreán Gréasáin: www.irishprisons.ie

Seirbhís Chróinéara

Líonra de chróinéirí atá lonnaithe ar fud na tíre atá sa tSeirbhís Chróinéara.

Is é croífheidhm chróinéara imscrúdú a dhéanamh ar bhásanna tobanna agus gan mhíniú d’fhonn gur féidir deimhniú báis a eisiúint. Seirbhís phoiblí thábhachtach í seo do neasghaolta agus cairde an mhairbh.

Is é cuspóir an ionchoisne:

· na fíricí a bhaineann leis an mbás a dheimhniú;

· Na fíricí siúd a chur ar an taifead poiblí;

· Cinntí a dhéanamh faoi (a) aitheantas an mhairbh (b) dáta agus áit an bháis agus (c) cúis an bháis.

Cé gur féidir leis an gcróinéir nó an giúiré ginearálta a dhéanamh atá in ainm is cosc a chur ar a mhacasamhail de bhásanna, ní dhéanann siad cinneadh faoi cé air a raibh an locht nó cé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh cion coiriúil.

Ní hamháin go soláthraíonn an tSeirbhís Chróinéara clabhsúr dóibh siúd atá thíos le méala go tobann, ach tugann sí faoi sheirbhís phoiblí níos fairsinge trí cheisteanna a shainaithint lena mbaineann leas an phobail ar féidir iarmhairtí beatha nó báis baint leo.

Tuigeann cróinéirí go bhféadfadh na nósanna imeachta a bhíonn i gceist ina n-imeachtaí dlíthiúla, cé gur riachtanach iad, bheith mar ábhar suaite agus tráma do na neasghaolta agus cairde. Tabharfaidh cróinéirí faoina gcuid oibre a íogaire agus is féidir agus meas á léiriú ar an té a bhásaigh, na neasghaolta agus cairde.

I gcás roinnt básanna, teastaíonn ionchoisní ar chúiseanna dlíthiúla. Féadtar tús a chur le hionchoisne i rith imscrúdú ach ní féidir é a thabhairt chun críche go dtí go bhfuil an chúirt tar éis tátal a bhaint nó go dtí go ndéantar cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh.

I gcásanna eile, faoin gcróinéir a bhíonn sé ionchoisne a chur ar bun agus féadfaidh na neasghaolta a ndearcthaí a chur in iúl don chróinéir, más mian leo sin a dhéanamh. Fiosrúchán atá in ionchoisne a chuireann cróinéir ar siúl agus bíonn giúiré bainteach, amanna.

Sa chás go gcuireann giúiré ionchoisne ar bun, is iad comhaltaí an ghiúiré (seachas an cróinéir) a chuireann na torthaí in iúl agus a sholáthraíonn an fíorasc anuas ar aon chlásal breise nó moladh.

Ní theastaíonn ionchoisne ó fhormhór na mbásanna a thugtar le fios do chróinéirí.

Bíonn an cróinéir neamhspleách i dtabhairt faoina d(h)ualgais. Ní féidir athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí an chróinéara ach faoin dlí. Mar shampla, féadfaidh duine achomharc a dhéanamh leis an Ard-Chúirt trí iarratas ar Athbhreithniú Breithiúnach.

Tá breis faisnéise maidir leis an tseirbhís fhoriomlán a sholáthraítear ar fáil ó oifig an chróinéara ábhartha. Eagraítear cróinéirí de réir ceantair, de ghnáth de réir an údaráis áitiúil. Is féidir teacht ar ainmneacha, seoltaí, uimhreacha gutháin agus seoltaí ríomhphoist (sa chás gurb infheidhme) sa mhír ‘Teagmhálaithe’ den láithreán seo nó ar www.justice.ie. Is féidir leat fiosrúcháin a dhéanamh, chomh maith, le:

Foireann Forfheidhmithe na Seirbhíse Cróinéara
Teach Áth Luimnigh
Páirc Ghnó an Údaráis Forbartha Tionscail
Baile Sheáin
An Uaimh
Contae na Mí

Guthán: (046) 9091323

Fax: (046) 9050560

Ríomhphost: csitmail@justice.ie

Láithreán gréasáin: www.coroners.ie