Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cúltaca an Gharda Síochána

An Príomhleathanach:

Fórsa deonach is é Cúltaca an Gharda Síochána atá comhdhéanta de dhaoine aonair atá ag iarraidh an comhar a íoc leis an bpobal, a chomhlíonann dualgais i gcuideachta le baill lánaimseartha den Gharda Síochána, agus a oibríonn chun daoine a choinneáil sábháilte.

Is príomhshócmhainn iad Gardaí Cúltaca don Gharda Síochána mar go ndéanann siad tacaíocht a thabhairt le linn oibríochtaí póilíneachta, feabhas a chur le naisc le pobail áitiúla, agus toisc go mbíonn raon leathan scileanna agus buanna ag gabháil leo freisin. 

Ó bunaíodh é faoi Acht an Gharda Síochána, 2005, tá 1706 Garda Cúltaca céimithe ó Choláiste an Gharda Síochána agus bhain na chéad oiliúnaithe de chuid Chúltaca an Gharda Síochána céim amach i mí na Nollag 2006. Tá 332 ball gníomhach de Chúltaca an Gharda Síochána ann faoi láthair.

Tá cumhachtaí póilíneachta deonaithe do Ghardaí Cúltaca, le linn dóibh a bheith i mbun dualgais, ag Coimisinéir an Gharda Síochána. Faoi mhaoirseacht agus tacaíocht chomhaltaí lánaimseartha an Gharda, cabhraíonn siad le coireanna a chosc agus le níos mó muiníne a thabhairt don phobal i ndáil lena sábháilteacht.

Garda_Reserve_1

Misean Chúltaca an Gharda Síochána

 “Freagairt éifeachtach agus seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar i gcónaí agus feabhas a chur ar an gcomhpháirtíocht idir An Garda Síochána agus an pobal áitiúil”.  

  • - Cúltaca an Gharda Síochána, An Lámhleabhar um Beartas agus Nósanna Imeachta (2007)

Ról

Bíonn baill de Chúltaca an Gharda Síochána páirteach sa phóilíneacht a dhéantar ar mhór-theagmhais agus ar imeachtaí móra. Bítear ag súil leo seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar i gcónaí chomh maith le comharthaí den chomhpháirtíocht idir An Garda Síochána agus an pobal áitiúil.

“Is sócmhainn iad Cúltaca an Gharda Síochána dá bpobail agus breathnaíonn an pobal orthu go dearfach mar dhaoine a thugann a gcuid eolais agus scileanna áitiúla chun tosaigh i ngach rud a dhéanann siad. Tugann siad tacaíocht ollmhór don eagraíocht freisin trí chúnamh a thabhairt i ndáil lenár n-infheictheacht ar phatról coise, ar smacht sluaite agus i mbrath na coireachta laistigh den phobal a mhéadú”.

 – An Coimisinéir Cúnta Cliona Richardson

Ligean Isteach i gCúltaca an Gharda Síochána

  • 18 mbliana d'aois ar a laghad, agus gan a bheith níos sine ná 59.
  • A bheith i do náisiúnach de Bhallstát Eorpach, de Stát LEE, den RA nó de Chónaidhm na hEilvéise.
  • A bheith i do chónaí sa Stát ar feadh thréimhse 1 bhliain roimh dháta an iarratais agus 4 bliana de na 8 mbliana is deireanaí caite agat mar chónaitheoir sa Stát. Agus riachtanas cónaitheachta iomlán de 5 bliana comhlíonta agat.
  • Sláinte choirp mhaith, agus amharc na súile maith, agat.
  • Dea-cháil a bheith ort.
  • Grád nach lú ná D3 nó 06 i 5 ábhar i leibhéal nach ísle ná an gnáthleibhéal san Ardteistiméireacht.
  • Teastas Leibhéal 5 nó níos airde is teastas atá aitheanta leis an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a choibhéis faoi mar a chinneann Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann.
  • Líofa sa Ghaeilge nó sa Bhéarla, nó sa dá theanga sin.

Chun sonraí a fháil faoi shrianta iontrála féach an leathanach CCanna thíos.

Dualgais an Gharda Chúltaca

An Póilíniú Pobail

  • Rannpháirtíocht sa Phobal
  • Patról stádair ard-infheictheachta (in éineacht le ball lánaimseartha)
  • Patról soghluaiste (in éineacht le ball lánaimseartha)
  • Cabhrú i gcás timpiste, dóiteáin, móréigeandála
  • Láthair na coireachta a chaomhnú
  • Láthair slándála statach e.g. láthair choire
  • Dualgais um thrácht ar bhóthar agus seicphointí (in éineacht le ball lánaimseartha)

Dualgais Stáisiúin

  • Bíonn Garda Cúltaca údaraithe chun dualgais ghinearálta stáisiúin a chomhlíonadh seachas amháin cúram agus coimeád príosúnach.
  • Oifig Phoiblí/ Cuntar Tosaigh:
  • Cúnamh a thabhairt don phobal
  • Glaonna gutháin a fhreagairt agus déileáil le fiosrúcháin ar an bhfón
  • Sonraí na ndaoine a thagann ar an láthair d’fhonn síniú a thaifeadadh mar choinníollacha bannaí
  • Sonraí coireanna/cionta a thaifeadadh, PULSE agus cláir láimhe a nuashonrú de réir mar is cuí
  • A bheith mar fhinné le haghaidh iarratas ar Phasanna
  • Dualgas seomra cumarsáide agus monatóireacht ar fhothaí TCI.

Póilíneacht ar Bhóithre

  • Dualgais sheicphointí Trácht ar Bhóithre, in éineacht le ball lánaimseartha.
  • Fógraí CPMS a eisiúint nuair a bhraitear cionta.
  • Cabhrú i gcás tionóisce, dóiteán, agus móréigeandála.

Straitéis agus Spriocanna

Straitéis Um Chúltaca An Gharda Síochána 2021-2025 bunaithe ar ghealltanais do shé phríomhchuspóir:

  • Gardaí Cúlchiste a Earcú
  • Oiliúint agus Forbairt
  • Ról agus Imlonnú Gardaí Cúltaca
  • Maoirseacht agus Rialachas
  • Luach ár bPearsanra a Aithint
  • Measúnú

Chun teacht ar fhaisnéis bhreise:

www.publicjobs.ie

Garda_Reserve_2